Pleananna Tuile
Rinne an OPW Plean um Bainistiú Priacal Tuile (Plean Tuile) le haghaidh gach ceann den 29 Abhantrach a chuimsíonn an 300 pobal a measúnaíodh a bheith ar phriacal dóchúil suntasach tuile.
Ins na Pleananna Tuile leagtar amach na bearta atá molta um bainistiú priacal tuile ins na habhantracha, dírithe ar na limistéir sin mar ar cinneadh an priacal a bheith dóchúil suntasach. Meastar na bearta molta ar na bearta is cuí agus is indéanta, mar gheall ar an measúnú agus comhairliúchán mionsonraithe atá déanta go dtí seo.
Tugann na Pleananna Tuile eolas agus anailís leathan chun tosaíocht a thabhairt don infheistíocht amach anseo ins na háiteanna ina mbainfear an tairbhe is fear astu.
Moltar ins na Pleananna Tuile scéimeanna nua um fhaoiseamh tuile le haghaidh 122 pobal ar fud na tíre a dhéanfaidh cosaint ar 11,500 maoin. Chomh maith leis an chosaint atá ar fáil ó scéimeanna atá ar bun cheana féin agus uathu san atá á soláthar, léiríonn na Pleananna Tuile conas is féidir cosaint a sholáthar chuig thart faoi 95% de na maoine atá ar phriacal ins an 300 limistéar a ndearnadh measúnú orthu.
Is cuid lárnach é ullmhú na bPleananna Tuile seo maidir le feidhmiú pholasaí an Rialtais um bainistiú priacal tuile agus comhlíonann sé oibleagáidí na hÉireann faoi Threoir ‘Tuilte’ 2007 an AE.
Rinneadh Measúnaithe Straitéiseacha Comhshaoil agus Measúnaithe Cuí faoin Treoir um Ghnáthóga de réir mar is cuí mar chuid d’ullmhú na bPleananna Tuile.
Léigh Tuilleadh