Mapaí Tuile
Tugann Mapaí Tuile eolas luachmhar um réimse aidhmeanna. Áirítear anseo feasacht ar dhóchúlacht tuile a mhéadú imeasc an phobail agus ag na hÚdaráis Áitiúla, agus bonn eolais ag an Rialtas maidir le gníonhaíochtaí um bainistiú priacal tuile, chun priacal agus tionchair ó thuilte a chosc agus a laghdú feasta.
Ní chruthaíonn na Mapaí Tuile priacal nua tuile; ach den chéad uair leagann siad amach an réimse priacal tuile i gcuid mhór pobal, mar chuid de straitéis an Rialtais chun na scéimeanna agus réitigh is éifeachtaí a phleanáil um an priacal seo a bhainistiú. Mar sin, féadfaidh na Mapaí Tuile limistéir a léiriú ar phriacal tuile nach raibh aon tuilte iontu roimhe seo. Ní cheart a mheas uaidh seo go mbeidh tuile ins na limistéir seo, ach go bhfuil seans go mbeidh tuile iontu amach anseo.
Tá réimse, guais agus priacal tuile measúnaithe agus mapáilte ag an OPW le haghaidh réimse ócáidí tuile, ó mhionócáidí minicí tuile suas chuig géarócáidí fíorannamha.
Cuireann na Mapaí Guaise Tuile síos ar airíonna na tuile tuartha maidir le gach cás agus cuimsíonn siad eolas mar réimse tuile, doimhneacht tuile agus sruth an uisce tuile.
Cuireann na Mapaí Priacal Tuile síos ar na droch-thionchair phríomha ón tuile tuartha maidir le gach cás. Cuimsíonn sé seo éifeachtaí ar dhaoine, an eacnamaíocht, limistéir thábhachtacha comhshaoil agus ár n-oidhreacht chultúrtha.
Tá sraith mapaí le haghaidh gach ceann den 300 pobal a measúnaíodh ar fáil le féachaint.
Níl sé mar fheidhm ag na Mapaí Tuile maoine aonair ar phriacal tuile a shainiú. Is mapaí bunaithe ar phobal iad.