English

Ráiteas maidir le hInrochtaineacht

Aithníonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil an suíomh gréasáin FloodInfo.ie inrochtana do chách. Seoladh an suíomh gréasáin ar 3 Bealtaine 2018; is é an suíomh seo tairseach náisiúnta OPW um fhaisnéis maidir le tuilte, a fhoilsíonn faisnéis maidir le priacal tuile agus bainistiú tuile atá dírithe ar láithreacha ar leith.

Tá OPW geallta um an suíomh gréasáin FloodInfo.ie a bheith inrochtana, faoi réir S.I. No. 358/2020 - European Union (Accessibility of Websites and Mobile Applications of Public Sector Bodies) Regulations 2020 agus an t-ábhar a chur ar fáil don réimse pobail is leithne, iad siúd a bhaineann feidhm as teicneolaíochtaí cúnta san áireamh.

Baineann an ráiteas inrochtaineacnta seo leis an bpríomhshuíomh gréasáin FloodInfo.ie. Ní bhaineann sé leis na suíomhanna gréasáin ar an bhfearann seo maidir le Scéimeanna Faoisimh Tuile ar leith; tá a ráitis inrochtaineachta féin acusan.

Bearta um Thacú Inrochtaineachta

Glacann OPW na bearta seo a leanas um inrochtaineacht FloodInfo.ie a chinntiú:

  • Cuimsítear inrochtaineacht ins na polasaithe inmheánacha againn agus ins na riachtanais chonartha le haghaidh comhairleoirí seachtracha.
  • Foilsítear leathanaigh ghréasáin HTML mar chaighdeán, rud a laghdaíonn ábhair chlóite agus formáidí comhad Office mar PDF agus doiciméid Microsoft Word chomh fada agus is féidir é sin. Sa chás gur gá PDF agus doiciméid Microsoft Word a úsáid, déanfar iarracht go mbeidh siad ar ardchaighdeán inrochtaineachta.
  • Soláthraítear an t-eolas céanna in iliomad formáidí, leathanaigh tuarascála agus amharcóirí mapa san áireamh, agus ar léibhéil éagsúla sonraí, ó fhaisnéis ard leibhéal go dtí tuarascálacha teicniúla iomlána, in oiriúint do phobal níos leithne.
  • Déantar cumasacht inmheánach maidir le scileanna inrochtaineachta gréasáin a fhorbairt, chun a chinntiú go gcuimsítear riachtanais inrochtaineachta go luath in bhforbairtí nua agus/nó athchóirithe, agus go gcoinnítear inrochtaineacht faoi athbhreithniú ar bhonn leanúnach.
  • Tá OPW tar eis gníomhú le páirtnéir seachtrach inrochtaineachta agus tá iniúchadh neamhspleách inrochtaineachta déanta ar FloodInfo.ie. Rinneadh é seo chun comhlíontacht leis na Treorlínte um Inrochtaineacht Ábhair Ghréasáin (WCAG) 2.1 leibhéal AA a mheasúnú; is é an t-iniúchadh sin is bonn leis an ráiteas inrochtaineachta seo.
  • Déanann OPW athbhreithniú agus feidhmiú leanúnach ar na torthaí ó iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha chun ardchaighdeán inrochtaineachta a bhaint amach.

Stádas Comhlíontachta

Tá FloodInfo.ie comhlíontach i bpáirt le Web Content Accessibility Guidelines (WCAG) 2.1 level AA, mar gheall ar an neamhchomhlíontacht agus na díolmhaithe ar an liosta thíos.

Ábhar Neamhinrochtana

Ciallaíonn ‘comhlíontach i bpáirt’ go bhfuil cuid den ábhar nach gcomhlíonann an caighdeán inrochtaineachta in iomlán. Tá na míreanna thíos neamhchomhlíontach agus tá sé i gceist againn iad seo a fheabhsú chomh luath agus is féidir.

  • Tá mórán cnaipí idirghníomhacha nach bhfuil inrochtana faoi láthair ag úsáideoirí méarchláir;
  • Tá mórán cnaipí idirghníomhacha gan ainmneacha inrochtana le haghaidh úsáideoirí léitheoir scáileáin, an príomhchlár fóin phóca san áireamh;
  • Tá mórán cnaipí idirghníomhacha nach bhfógraíonn a stádas reatha, mar 'fairsingithe' nó 'sleabhctha';
  • Tá móran nasc gan ainm inrochtana le haghaidh úsáideoirí léitheoir scáileáin;
  • Níl an fócas faoi bhainistiú ar fud an tsuímh; féadfaidh sé bheith deacair ábhar nua a aimsiú agus deacair ag úsáideoirí léitheoir scáileáin nascleanúint a dhéanamh;
  • Is gá an clár fóin phóca a nascleanúint ar gach leathanach, is cuma an bhfuil sé ar oscailt nó dúnta;
  • Níl an clár ceanntáisc fairsingithe inrochtana faoi láthair ag úsáideoirí méarchláir;
  • Ar an leathanach um Choimriú ar Thuairiscí Tuilte Roimhe, ní fhógraítear séimeantaic chruinn an tábla sonraí le haghaidh úsáideoirí léitheoir scáileáin, ní féidir nascleanúint iomlán a dhéanamh, agus níl cuid den fhaisnéis ar fáil um léamh ag úsáideoirí;
  • Tá mórán de na dialóga módúla ar an suíomh neamhinrochtana le haghaidh úsáideoirí léitheoir scáileáin;
  • Níl an t-uimhriú leathanach ar an suíomh inrochtana faoi láthair;
  • Ní léiríonn an struchtúr ceannteideal ar an suíomh na ceannteidil séimeantaic a fheictear;
  • Tá mórán foirmeacha riartha um ionchur úsáideoirí neamhinrochtana faoi láthair le haghaidh úsáideoirí léitheoir scáileáin;
  • Tá mórán de na gnéithe idirghníomhacha ins na Mapaí Tuile neamhinrochtana faoi láthair ag úsáideoirí méarcháir agus úsáideoirí léitheoir scáileáin araon.

Ní thagann na míreanna thíos faoi scóp na reachtaíochta cuí agus mar sin tá siad díolmhaithe:

  • Formáidí comhad Office, mar shampla PDF agus doiciméid Microsoft Word, a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018, ach amháin sa chás go bhfuil an t-ábhar sin riachtanach um phróisis ghníomhacha riaracháin a bhaineann le tascanna a dhéanann OPW;
  • Mapaí agus seirbhísí mapála ar líne, faisnéis a dhéantar iarracht a sholáthar ar bhealaí eile ar an suíomh in oiriúint do phobal níos leithne;
  • Ábhar tríú páirtí nach bhfuil maoinithe ná forbartha ag OPW, ná faoina smacht, ar a n-áirítear PDF agus doiciméid Microsoft Word, ach gan a dteorannú uime sin.

Ullmhúchán an Ráitis Inrochtaineachta Seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo 01/07/2022.

Tugadh an ráiteas inrochtaineachta seo chun cinn bunaithe ar mheasúnú ag comhairleoir seachtrach inrochtaineachta, a rinne iniúchadh neamhspleách iomlán inrochtaineachta ar an suíomh gréasáin FloodInfo.ie.

Athbhreithníodh an ráiteas seo go deireanach ar 01/07/2022.

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Fáiltíonn OPW roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin againn. Sa chás go n-aimsíonn tú fadhbanna inrochtaineachta ar bith nó go bhfuil tacaíocht uait chun teacht ar an eolas, déan teagmháil linn, le do thoil.

Seoladh: FloodInfo, Oifig na nOibreacha Poiblí, Sráid Jonathan Swift, Baile Átha Troim, Contae na Mí, C15NX36

Teileafón: +353 (0)46 9422000

Ríomhphost: floodinfo@opw.ie

Córas Forfheidhmithe

Sa chás nach bhfuil tú sásta le freagra OPW ar an aiseolas uait, féadfaidh tú make a complaint to the Ombudsman under the Disability Act.