English

Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin

Tá eolas úsáideach tagartha ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas.


Tugann an suíomh gréasáin seo eolas maidir le ról Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) mar an príomheagras Stáit um chomhordú agus feidhmiú pholasaí an Rialtais ar bhainistiú priacal tuile in Éirinn.

Tá eolas maidir le Polasaí agus Gníomhaíochtaí um Chmhordú Priacal Tuile, ar a n-áirítear an Grúpa Idir-Rannach um Chomhordú Polasaí Tuile agus an Grúpa Comhordaithe Gníomhaireachtaí Stáit um Priacal Tuile na Sionainne, ar fáil anseo .

Tá eolas maidir le Mórscéimeanna Cosanta Tuile ar fáil anseo .

Tá eolas maidir le Mionoibreacha um Maolú Tuile agus an Scéim Cosanta Cósta ar fáil anseo .

Tá eolas maidir le Scéimeanna OPW um Dhraenáil Artaireach ar fáil anseo .

Tá mapaí ar shuíomhanna tuile cósta a d’ullmhaigh an Staidéar Straitéise um Chosaint Cósta Éireann ar fáil anseo .


Tá mapaí ar shuíomh gréasáin seo an OPW a thugann eolas maidir le scéimeanna um fhaoiseamh tuile agus scéimeanna um dhraenáil artaireach atá críochnaithe.


Tugann an suíomh idirlín seo ag an OPW sonraí fíorama ar leibhéil uisce a taifeadadh ag breis agus 400 stáisiún tomhsaireachta hidriméadrach a oibríonn an OPW.


Tugann an suíomh idirlín Hidri-Shonraí rochtain tapa agus éasca ar shonraí hidriméadracha atá bailithe agus próiseálaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le breis agus 70 bliain.


Tugann suíomh gréasáin seo an OPW eolas don phobal maidir le pleanáil, ullmhú agus ccosaint ar ócáidí tuile.



Is tairseach mapaí é seo a thugann eolas spásúil maidir leis an phróiseas pleanála in Éirinn. Tionscnamh é seo ag an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla Éireann.


Is ar an suíomh gréasáin seo atá pleananna an Rialtais um éigeandála móra. Tugann an Oifig Pleanála Éigeandála an t-eolas ar fad atá ar fáil faoi láthair maidir le pleanáil, freagairt agus bainistiú um réimse leathan éigeandála.


Is é seo an suíomh gréasáin ag Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta Éireann.


Is é seo an suíomh gréasáin ag Bord Soláthair an Leictreachais (BSL). Foilsíonn an BSL réamhaisnéis 5-lá ar leibhéil uisce na Sionainne, atá ar fáil anseo .