English

Clár Suirbhéireachta ar Mhonatóireacht Cósta

Cuspóirí

Is iad na cuspóirí ag Clár Suirbhéireachta ar Mhonatóireacht Cósta OPW (CSMC) ná:

  • Clár rialta suirbhéireachta, i.e. suirbhéanna earraigh, suirbhéanna fómhair agus suirbhéanna tar éis ócáidí suntasacha stoirme, a fheidhmiú in áiteanna roghnaithe cósta chun ár dtuiscint ar athrú cósta ins na limistéir seo a mhéadú.
  • Monatóireacht, meas agus léiriú ar athrú cósta, ar a n-áirítear:
    • meas ar na rátaí athraithe ar leibhéil dríodair trá agus grinill;
    • meas ar na rátaí athraithe ar thoirteanna dríodair trá agus grinnill;
    • léiriú ar ghnéithe faoi uisce a fhéadfadh imirt ar phriacal tuile nó creimithe, nó ar phróisis iompair dríodair;
    • léiriú agus monatóireacht ar line an chósta, e.g. an line fásra, etc;
    • Léiriú agus meas ar athraithe i dtaiscumair nó slogaidí dríodair in aice an chósta.
  • Feasú agus tacú le forbairt agus/nó uasdhátú samhlacha uimhríocha um próisis cósta (hidridinimiciúil, taoideach, tonntrach agus/nó iompar dríodair) a fhéadfaí a úsáid chun measú priacail ar shuíomhanna cósta a uasdhátú.
  • Feasú agus tacú le pleanáil, dearadh agus tógáil bonneagair nua cósta.
  • Cuidiú le measúnú ar fheidhmíocht bonneagair nua cósta.
  • Monatóireacht ar rátaí tapaithe chreimeadh cósta a fhéadfadh baint a bheith acu leis an athrú aeráide.
  • Taighde nua agus nuálaíocht a spreagadh bunaithe ar an bhfaisnéis ón suirbhéireacht cósta seo.

Limistéir Mhonatóireachta agus Minicíocht Suirbhéireachta

Ins an tábla thíos tugtar na limistéir a chuimsítear sa Chlár Suirbhéireachta ar Mhonatóireacht Cósta

Contae Limistéar Mhonatóireachta Aer-Ghrianghrafadóireacht BaRLS Próifíl Topagrafach Trá Bataiméadracht
Clare Cloughaninchy Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Clare Doolin 1 per 5 year cycle - - 1 per 5 year cycle
Clare Liscannor Bay Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Cork Youghal Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Donegal Moville 1 per 5 year cycle - - 1 per 5 year cycle
Donegal Rossnowlagh 1 per 5 year cycle - - 1 per 5 year cycle
Donegal Slodden to Binbane Head Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Dublin Dublin Bay North Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Dublin Dublin Bay South Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Dublin Portmarnock Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Dublin Portrane and Rush South Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Kerry Ballyheigue Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Sligo Enniscrone 1 per 5 year cycle - - 1 per 5 year cycle
Sligo Rosses Point Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Sligo Strandhill Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Waterford Ardmore Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Waterford Dungarvan Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Waterford Tramore Annual Annual - 1 per 5 year cycle
Wexford Rosslare Annual Annual - 1 per 5 year cycle

Um shonraí breise faoi réimse an limistéir atá faoi mhonatóireacht ag gach suíomh, féach an Mapa den Chlár Suirbhéireachta ar Mhonatóireacht Cósta.

Cineálacha agus Sonraí Suirbhéanna

Suirbhé Bataiméadrach

Síneann na suirbhéanna bataiméadracha, go hachomair, ón line bairr láin (LBL) go dtí 20m go hachomair faoin line lag trá (LLT), chun a chinntiú go gcuimsítear an doimhneacht dúnta taobh istigh den limistéar suirbhéireachta. Ritheann na línte suirbhéireachta gach 200m, ingearach ó line an chósta go hachomair. Cuimsíonn an suirbhé bataiméadrach suirbhé topagrafach freisin, de ghléine mogallra 10m, den chrios idirtaoideach, chun a chinntiú go mbailítear sonraí san áit a bhuaileann an talamh agus an fharraige le chéile. Is iad na príomhthorthaí ná tuarascáil suirbhé, sonraí próisithe ón suirbhé bataiméadrach agus ón suirbhé topagrafach, agus na meiteashonraí bainteacha.

Aer-Ghrianghrafadóireacht

I gcoitinne, síneann na suirbhéanna aer-ghrianghrafadóireachta ón LLT achomair chomh fada le 200m ar a laghad ar thalamh ón LBT. Bailítear na sonraí laistigh de 1.5 uair ón lag trá (ag am an suirbhé) chun an réimse is mó den chrios idirtaoideach a chuimsiú. Is iad na príomhthorthaí ó na suirbhéanna aer-ghrianghrafadóireachta ná íomhánna 0.05m gléine – dearg, glas, gorm agus gar-infridhearg; íomhánna 0.05m comhghléine, samhlacha digiteacha dromchla (SDD) 0.25m gléine agus samhlacha digiteacha den tír-raon (SDT), tuarascáil suirbhé agus na meiteashonraí bainteacha.

BaRLS

I gcoitinne, síneann na suirbhéanna BaRLS ón LLT achomair chomh fada le 200m ar a laghad ar thalamh ón LBT. Bailítear na sonraí laistigh de 1.5 uair ón lag trá (ag am an suirbhé) chun an réimse is mó den chrios idirtaoideach a chuimsiú. Bailítear na sonraí BaRLS ag íosdlús pointe 16 pointe/m2, chun samhlacha digiteacha den aired ar ardghléine a chruthú. Is iad na príomhthorthaí ná SDD agus SDT 0.25m gléine, tuarascáil suirbhé agus na meiteashonraí bainteacha.

Próifílí Topagrafacha Trá

I gcoitinne síneann na próifílí topagrafacha trá ón LLT chomh fada go hachomair le 50m ar thalamh ón line fásra. Athraíonn an spás idir na próifílí idir 50m agus 200m de réir chuspóir gach suirbhé. Taifeadtar spotairdí ag céimeanna nach mó ná 5m le fad gach próifíl agus tomhastar spotairdí idirmheánacha freisin chun athraithe fánaidh a chuimsiú. Cuirtear gnéchód ar gach pointe suirbhé chun an dríodar trá/dromchla substráite a léiriú. Is iad na príomhthorthaí ó na suirbhéanna próifílí topagrafacha trá ná comhordanáidí agus airde gach pointe suirbhé i dtéacschomhaid teormharcáilte, grianghraif de gach suíomh próifílithe, tuarascáil suirbhé agus na meiteashonraí bainteacha.