English

Tairseach Sonraí Spásúla Oscailte

Tugann an Tairseach Sonraí Spásúla Oscailte eolas agus rochtain ar thacair sonraí a bhailítear chun tacú le cláir oibre éagsúla a dhéantar mar chuid de shainchúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW). Cuirtear na tacair sonraí sin ar fáil má ghlacann úsáideoirí na Téarmaí agus Coinníollacha a bhaineann leis na tacair sonraí ar leith agus aon seirbhísí a chuirtear ar fáil.


Féach ar an gCatalóg Sonraí Spásúla Oscailte

Taisclann lárnach í an Chatalóg Sonraí Spásúla Oscailte a chuireann eolas, rochtain agus srianta ceadúnais ar fáil a bhaineann le Tacair Sonraí Bainistithe Riosca Tuile agus Athruithe Cósta OPW.

Aimsitheoir Sonraí Suirbhéireachta Trasghearrthacha

Iarratas chun Trasghearrthacha Cainéil d’aibhneacha agus/nó ceantair inbhir a fháil, a bhailítear chun tacú le cláir oibre éagsúla a dhéantar mar chuid de shainchúram OPW.


Beartas Sonraí Oscailte

Tá OPW tiomanta do shonraí a chur ar fáil don phobal de réir cheanglais na Treorach maidir le Sonraí Oscailte (AE) 2019/1024, a trasuíodh i ndlí na hÉireann le I.R. 376/2021, agus an Rialacháin maidir le Tacair Ardluacha Sonraí (AE) 2023/138.

Bíonn OPW ag obair seasta chun an prionsabal “oscailte trí dhearadh agus mar réamhshocrú” a chur i bhfeidhm ina phróisis.

Féach ar an mbeartas agus nós imeachta eisiúna sonraí (leagan 2.1) atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh bainistíocht riosca i gcás tuilte i gcomhair tuilleadh eolais faoin mbeartas sonraí spásúla atá i bhfeidhm faoi láthair.

Beartas agus Nós Imeachta Eisiúna Sonraí (eagan 2.1)
PDF, 1,191KB, 31 pages


Iarratais Sonraí Oscailte

Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar thacar sonraí a bhaineann le Bainistiú Riosca Tuilte nó Athruithe Cósta ach nach bhfuil ar fáil faoi láthair le haghaidh rochtain dhíreach, íoslódáil agus líon isteach an fhoirm iarratais ar shonraí (leagan 2.1) agus seol ar ríomhphost í chuig flood_data@opw.ie.

An Fhoirm Iarratais ar Shonraí (leagan 2.1)
DOCX, 55KB, 2 pages

Tabhair faoi deara go bhfuil cásanna sonracha ann a mbíonn cúiseanna maithe ann gan na sonraí a eisiúint, agus is féidir na srianta a fheiceáil ar an Tairseach Sonraí Spásúla Oscailte.

Cuirtear iarratais ar shonraí i gcrích faoi cheann 20 lá oibre go hiondúil, ach d’fhéadfadh 20 lá oibre breise a bheith ag teastáil más iarratas fairsing nó casta atá i gceist.


Achomhairc

Chun achomharc a dhéanamh ar dhiúltú, scríobh chuig flood_data@opw.ie ar an gcéad dul síos, agus tabhair cuntas soiléir ar uimhir thagartha an cháis agus an chúis atá leis an achomharc. Seolfar an t-achomharc chuig an rannóg ábhartha in OPW le haghaidh athbhreithniú breise. Féadfar cinneadh diúltú do na sonraí a iarradh a achomharc le hOifig an Choimisinéara Faisnéise freisin.

Saoráil Faisnéise agus Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Tabhair faoi deara go bhfuil nósanna imeachta ar leith ag OPW i gcás iarrataí faoi reachtaíocht eile, mar seo a leanas: