Príobháideachas agus Fianáin
Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a choinníonn an suíomh seo. Géilleann OOP go hiomlán do do chearta príobháideachais, agus ní bhaileoidh eolas ar bith pearsanta fút ar an suíomh seo gan cean soiléir a fháil leat roimh ré. Caitfhear le faisnéis phearsanta ar bith a thugann tú go deonach leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go hiomlán de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an suíomh seo. Mínítear cuid de na téarmaí teicniúla a mbaintear úsáid astu sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.
Faisnéis Phearsanta a Bhailiú agus a Úsáíd
Ní bhailíonn an suíomh seo sonraí pearsanta ar bith, seachas faisnéis a chuireann tú ar fáil. (Mar shampla, nuair a bhíonn tú ag tabhairt aischothú nó ag cur ceiste). Bainfear úsáid as faisnéis ar bith a chuireann tú ar fáil ar an dóigh seo don chuspóir a gcuireann tú ar fáil í.
Faisnéis a bhailímid go Rialta
Is féidir go mbaileoimid an fhaisnéis seo a leanas ó gach úsáideoir an tsuímh seo:
- Faisnéis staitisticiúil (Seoladh IP agus ainm óstálaí, leagan brabhsálaí ghréasáin, leathanaigh ar ar tugadh cuairt, srl).
- An seoladh gréasáin ónar aimsigh tú muid, agus téarmaí cuardaigh ar bith ar bhain tú úsáid astu san áireamh.
- Faisnéis eile a cuireadh isteach ar fhoirmeacha, mar shampla má chuireann tú isteach do shonraí pearsanta nuair a bhíonn tú ar lorg foirme nó ag soláthar aischothú
An úsáid a bhainimid as an bhFaisnéis
Bainfear úsáid as faisnéis phearsanta ar bith a chuireann tú ar fáil don chuspóir a gcuireann tú ar fáil í. Ní dhéanfaimid iarracht ar bith cuairteoirí aonair a aithint, nó ní cheanglóimid na sonraí teicniúla thuas le duine aonair ar bith. Is é an polasaí atá againn gan eolas teicniúil ar bith a nochtadh le tríú páirtí ar bith maidir le cuairteoirí ar shuíomhanna aonair mura mbíonn oibleagáid orainn faisnéis den chineál sin a nochtadh de réir riail an dlí. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis theicniúil le haghaidh cuspóirí staitisticiúla agus riaracháin amháin.
Ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach ionann na sonraí teicniúla, nach féidir linn a cheangal le duine ar bith inaitheanta, ‘sonraí pearsanta’ do chuspóir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003.
Fianáin
Is píosaí beaga eolais iad fianáis, stóráilte i gcomhaid shimplí téacs, agus curtha ar do ríomhaire trí shuíomh gréasáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin áirithe a léamh ar do chuid cuairteanna ina dhiaidh sin. Is féidir go mbainfidh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán le do nósanna brabhsála ar an suíomh gréasáin, nó le huimhir faoi leith aiteantais ionas go mbíonn ‘cuimhne’ ag an suíomh gréasáin ort nuair a fhilleann tú air. Scriostar fianáin eile nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an tsuímh ghréasáin. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin a d’fhéadfaí a úsáid chun thú a aithint, mura mbíonn faisnéis tugtha agat don suíomh gréasáin.
Fianáin ar roinnt áiteanna ar an suíomh gréasáin seo.
- Nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht ina mbeidh eolas faoi fhianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Druid’, leagfar fianáin a thaifeadann do rogha.
Ligeann bunús brabhsálaithe duit fianáin a dhruidim nó do shocruithe a dhruidim nó a chur in oiriúint le haghaidh fianáin. Chun eolas a fháil faoin dóigh leis seo a dhéanamh, féach an clár ‘cúnamh’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, is féidir nach n-oibreoidh cuid de na gnéithe mar is ceart.
Eolas Breis nó an Dóigh le hIarratas a dhéanamh
Má tá imní ort faoin dóigh a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an suíomh seo, ná bíodh drogall ort na hábhair imní seo a chur faoinár mbráid.
Gluais de Théarmaí Teicniúla a mBaintear Úsáid astu
Brabhsálaí Gréasáin
An bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Áirítear le samplaí ná Microsoft Internet Explorer, Mozilla Firefox agus Opera.
Seoladh IP
Na sonraí aitheantais do do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), a chuirtear in iúl i gcód prótacail idirlín (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh faoi leith IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach gá don seoladh a bheith mar a gcéanna gach uair a dhéantar nasc.