English

Aidhm na Mapaí Tuile

Tugann Mapaí Tuile eolas luachmhar um réimse aidhmeanna, ar a n-áirítear:

Feasacht an Phobail

Is aidhm do mhapaí tuile, agus do mhapaí réimse tuile agus do mhapaí doimhneachta tuile ach go háirithe, eolas a thabhairt don phobal, d’úinéirí tí, d’úinéirí gnóthais, d’úinéirí talún, do thiarnaí talún agus do thionóntaí maidir le priacal dóchúil tuile ina gcuid limistéar, ar a n-áirítear minicíocht agus doimhneacht dóchuil tuilte.

Bainistiú Pleanála & Forbartha

Is aidhm do na Mapaí Tuile bonn eolais a sholáthar don phróiseas Pleanála Spásúil agus tacú le cinntí inbhuanaithe um baibistiú pleanála agus forbartha, ag teacht le Treoirlínte 2009 - An Córas Pleanála agus Bainistiú Priacal Tuile (RCPRA/OPW, 2009).

Bainistiú um Fhreagairt Éigeandála

Is cuidiú iad na Mapaí Tuile maidir le Pleanáil agus Tacú Cinntí um Fhreagairt Éigeandála, trí eolas a sholáthar ar na limistéir ar phriacal tuile, doimhneacht dóchúil tuile agus cad iad na sócmhainní agus bonneagar a bheadh ar phriacal i gcás tuile.

Tacú le Cinntí um Bainistiú Priacal Tuile

Tá sé ar intinn go n-úsáidfí mapaí tuile, agus na mapaí priacal tuile ach go háirithe, mar ghléas um thacú cinntí maidir le roghanna um bainistiú priacal tuile a léiriú, a phleanáil, a fhorbairt, a chostáil, a mheasúnú agus a chur in ord tosaíochta; orthu san bheadh scéimeanna um fhaoiseamh tuile, córais foláirimh tuile, feachtais feasachta poiblí, etc.