English

Sonraí Mapaí atá ar fáil

Tugann an tAmharcóir Mapaí Tuile léiriú físe ar na sonraí seo a leanas:

Mapáil Tuartha Tuile

Tá réimse cineál mapaí le feiceáil ar an suiomh gréasáin seo; orthu san tá mapaí a léirionn an réimse tuartha tuile, na doimhneachtaí tuile agus na tionchair dhóchúla a tharlódh de dheascadh tuile.

Tá dhá leibhéal de mhapáil tuartha tuile ar fáil, mar seo a leanas:

a) Mapaí Mionsonraithe Tuile

Taispeánann mapaí mionsonraithe an priacal tuartha tuile le haghaidh 300 pobal/limistéar (Limistéir um Measúnú Breise) ar fud na tíre. Féadfar iad seo a aimsiú ar an amharcóir mapa pé áit atá tíleanna dronuilleogacha gorma do na limistéir seo. Trí chliceáil ar aon cheann de na tíleanna ins na limistéir seo, féadfar réimse mapaí PDF a íoslódáil; taispeánann iad seo eolas breise, mar shampla doimhneacht tuile, líon daoine ar phriacal, etc.

b) Mapáil Mheántosaíochta

Maidir leis na haibhneacha a ritheann idir an 300 limistéar sin mar atá mapáil mhionsonraithe um priacal tuartha tuile ar fáil, agus ó na limistéir sin síos chun farraige, tá mapáil tuile ar fáil de chruinneas níos ísle ná na mapaí mionsonraithe tuile. Féadfar an mhapáil seo a fheiceáil ar an amharcóir mapa pé ait atá imlínte gorma tuile, taobh amuigh de na limistéir a mharcáiltear le tíleanna dronuilleogacha gorma.

Ócáidí Tuile Roimhe Seo

Tá áiteanna taobh amuigh de na limistéir sin dar ullmhaíodh mapaí mionsonraithe tuile nó mapáil mheántosaíochta mar chuid den Chlár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA). Ach taispeánann an t-amharcóir mapa áiteanna inar tharla ócáidí tuile roimhe seo a tuairiscíodh chuig an OPW, agus tá eolas ar leith atá fíoraithe ag an OPW ar fáil le feiceáil.