English

Teagmhais Tuile a Tharla

Ábhar agus Faisnéis atá ar Fáil

Teagmhais Tuile a Tharla

Sainítear Teagmhas Tuile a Tharla mar tharla tuile a taifeadadh in áit ar leith ar dháta ar leith, nó ar bhonn athfhillteach. Díorthaítear eolas faoin teagmhas ó cháipéisíocht atá ar fáil faoi thuilte, lena n-áirítear Tuarascálacha ar Theagmhais Tuile, ailt nuachta, eolas cartlainne agus grianghraif.

Láithreacha Teagmhas Tuile a Tharla

Léirítear Láithreacha Teagmhas Tuile a Tharla ar an léarscáil le siombail phointe a chuirtear i neasláthair na tuile. Cuirtear siombail de phointe tuile in aon láthair a luaitear i dtuarascáil ina dtráchtar ar shonraí teagmhais tuile. Sa chás gur tharla níos mó ná tuile amháin san áit chéanna, agus chun láthair ina mbíonn tuilte athfhillteacha a léiriú, úsáidtear siombail ilphointí tuile.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na teagmhais seo, amhail Tuarascálacha ar Theagmhais Tuile nó grianghraif nuair atá siad ar fáil, cliceáil ar an tsiombail phointe tuile. Osclóidh sé sin mír aníos dar teideal “Achoimre ar an Tuile” ina ndéantar achoimre ar an eolas atá ar fáil faoin teagmhas tuile sin agus inar féidir teacht ar thuilleadh eolais.

Ní bhíonn eolas mapáilte ar fáil i gcónaí maidir le fairsinge an limistéir a bhí faoi thuile.

Tuarascálacha ar Theagmhais Tuile

Is éard is Tuarascálacha ar Theagmhais Tuile ann ná tuarascálacha ar theagmhais a tharla roimhe seo, a tiomsaíodh ag baint úsáide as eolas a chuir Údaráis Áitiúla agus Comhairleoirí CFRAM isteach tríd an bhFoirm Tuairiscithe ar Theagmhas Tuile. Is féidir breathnú orthu seo agus iad a íoslódáil i bhformáid .pdf.

Ailt nuachta, eolas cartlainne agus grianghraif

Tá ailt nuachta, eolas cartlainne agus grianghraif de theagmhais a tharla le fáil chomh maith chun breathnú orthu agus iad a íoslódáil. Is é atá san eolas seo ná eolas a fuarthas ó fhoinsí éagsúla amhail fianaise starógach agus tuairiscí ó fhinnéithe súl, seanchóipeanna d'ailt nuachtáin, na tuairiscí nuachta is déanaí, taifid de chuid na nÚdarás Áitiúil agus Comhairleoirí CFRAM.

Eochracha agus Cóid Cháilíochta

Siombail Phointe Tuile

Siombail Phointe TuileLéirítear neasláthair tuile a tharla roimhe seo leis an tsiombail Phointe Tuile.

Siombail d'Iltuile / Tuile Athfhillteach

Tuile Athfhillteach Léirítear neasláthair limistéir a ndeachaigh níos mó ná Teagmhas Tuile amháin i bhfeidhm air le siombail de Phointe d'Iltuile / Tuile Athfhillteach.

Cóid Cháilíochta

Úsáidtear na Cóid Cháilíochta chun an teagmhas tuile agus eolas na tuarascála a aicmiú de réir iontaofacht agus ábhar an eolais. Bíonn réimse sonraí curtha i láthair san Achoimre ar an Tuile, ó ghrianghraif a glacadh in airde theagmhais tuile atá aitheanta go soiléir, go cuimhní cinn atá doiciméadaithe ag foireann allamuigh an Údaráis Áitiúil.

Déantar gach mír eolais a bhailítear ó fhorais fhoinseacha a aicmiú agus a ghrádú mar seo a leanas:

  • Cód 1:Bíonn eolas cinntitheach ann, a fuarthas ó fhoinse iontaofa, do theagmhas tuile ar leith in áit ar leith, maidir le buaic-leibhéil na tuile agus/nó uasfhairseangí na tuile.
  • Cód 2:Bíonn eolas cinntitheach ann, a fuarthas ó fhoinse iontaofa, do theagmhas tuile ar leith in áit ar leith, maidir le leibhéil na tuile agus/nó fairseangí na tuile. Ní dhéantar cur síos iomlán ann, áfach, ar fhairsinge an teagmhais san áit.
  • Cód 3:Bíonn eolas ann d'áit ar leith, óna léirítear thar amhras réasúnach gur tharla tuile sa chomharsanacht.
  • Cód 4:Bíonn eolas tuile ann ar dócha go bhfuil sé fíor, sa mhéid is gur rabhthas in ann é sin a dheimhniú.

Ní dhéantar ailt ón bpreas a fhíorú ná a aicmiú mar a ndéantar cur síos air thuas. Cuirtear i láthair iad mar a foilsíodh iad sna nuachtáin ina bhfeictear iad.

Iomláine agus Cruinneas

iomláine

Ní catalóg chuimsitheach í an Chartlann Náisiúnta um Shonraí Tuilte ar gach teagmhas tuile (abhann/taoidmhear) a tharla roimhe seo in Éirinn; chuir na forais fhoinseacha ábhar ar fáil lena gcur san áireamh óna gcuid taifead a bhí ar fáil faoina rogha féin. Is í an Chartlann, áfach, an bailiúchán sonraí is cuimsithí agus is iomláine atá ar fáil sa tír maidir le teagmhais tuile a tharla. Déantar eolas nua a fhíorú agus a sheiceáil le haghaidh dúblála sula gcuirtear sa chartlann é.

Cruinneas

Fíoraíodh an t-eolas ar fad a chuirtear i láthair sa tsraith “Teagmhais Tuile a Tharla”, agus aicmíodh é de réir cháilíocht an ábhair. Mapáladh pointí tuile bunaithe ar an eolas is fearr a bhí ar fáil ina ndéantar cur síos ar a láthair, agus aicmíodh iad de réir cháilíocht eolas na dtuarascálacha tacaíochta. Déantar na cóid cháilíochta a úsáidtear chun an t-eolas ar thuilte a aicmiú a mhíniú sa chuid "Cóid Cháilíochta" thuas.

Nuair a bhíonn siombail phointe tuile i láthair ní thugtar le fios ach neasláthair tuile, agus ní bheifí ag súil go mbeadh sé cruinn go leibhéal na réadmhaoine aonair.

Má bhíonn táscaire tuile as láthair (siombail phointe nó limistéir) do theagmhas tuile a tharla in aon láthair ar leith, ní hionann sin is a rá nár tharla tuile riamh sa limistéar sin ná nach mbeidh an limistéar sin i mbaol tuilte sa todhchaí. D’fhéadfadh láthair a bheith i mbaol ó thuilte, ach d'fhéadfadh sé nach mbeadh eolas ar fáil faoi thuilte a tharla san áit sin.

Iontaofacht

Déantar iontaofacht an eolais ar fad ar thuilte (seachas na hailt ón bpreas) a mheasúnú mar chuid den phróiseas fíoraithe agus léirítear í sna cóid cháilíochta (féach an cheist seo a leanas) a shanntar do na teagmhais tuile agus do na tuarascálacha ar thuilte araon. Sanntar an cód cáilíochta is airde (1) don eolas is mionsonraithe faoi thuile (lena n-áirítear an t-am agus na leibhéil bhuaice, dátaí, láithreacha aitheanta, tuarascálacha innealtóra, agus mar sin de). I gcás inar ísle cáilíocht an eolais (amhail neasdátaí, na hamanna buaice gan bheith ar eolas, leibhéil nach bhfuil taifeadta, nó láthair mheasta), sanntar cód cáilíochta níos ísle. Ar an mbealach seo, is féidir iontaofacht an eolais a mheasúnú.

Nuashonruithe agus Athbhreithnithe

Tá an Chartlann Náisiúnta um Shonraí Tuilte, óna gcuirtear an t-eolas ar fad ar fáil lena chur i láthair ar an suíomh gréasáin, á nuashonrú agus á cur léi go leanúnach ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Is féidir eolas ar theagmhais tuile nua agus theagmhais tuile a tharla a chur isteach ó réimse foinsí (rialtas, earnáil phríobháideach agus daoine aonair), agus cuirtear a leithéid isteach go deimhin, lena chur san áireamh de réir mar a bhíonn sé ar fáil. Déantar an t-eolas ar fad a sheiceáil agus a aicmiú ar dtús, agus ansin déantar é a cheadú sula dtaispeántar é ar an suíomh gréasáin.

Tuairiscigh Teagmhas Tuile a Tharla

Tá an Chartlann Náisiúnta um Shonraí Tuilte, óna gcuirtear an t-eolas ar fad ar fáil do thaifid ar Theagmhais Tuile a Tharla, á nuashonrú agus á cur léi go leanúnach ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Is féidir eolas ar theagmhais tuile nua agus theagmhais tuile a tharla a chur isteach ó réimse foinsí (rialtas, earnáil phríobháideach agus daoine aonair), agus cuirtear a leithéid isteach go deimhin, lena chur san áireamh de réir mar a bhíonn sé ar fáil. Déantar an t-eolas ar fad a sheiceáil agus a aicmiú ar dtús, agus ansin déantar é a cheadú sula dtaispeántar é ar an suíomh gréasáin.

Cuirimid fáilte roimh eolas ar theagmhais tuile a tharla le déanaí nó san am a d'imigh thart, lena n-áirítear cáipéisíocht tacaíochta, ar féidir é a chur isteach ach úsáid a bhaint as an Fhoirm Ghearr ar Theagmhas Tuile a Tharla leagan 3.1 le haghaidh achoimre ghonta ar theagmhais, nó an Fhoirm Theicniúil ar Theagmhas Tuile a Tharla leagan 3.3 le haghaidh tuarascáil mhionsonraithe. Ba cheart foirmeacha tuairiscithe comhlánaithe a sheoladh chuig reportfloodevent@opw.ie.

Tá treoir maidir le bailiú sonraí tuilte ullmhaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí, is é sin an Acrobat Logo Lámhleabhar do Bhailitheoirí Sonraí Tuilte,chun caighdeáin a leagan síos maidir le bailiú sonraí ar theagmhais tuile agus é d'aidhm aige go mbailítear sonraí ar theagmhais tuile ar bhealach éifeachtach i dtimpeallacht atá sábháilte. Is iad foireann na nÚdarás Áitiúil agus innealtóirí comhairleacha a bhailíonn sonraí ar theagmhais tuile mar chuid dá ndualgais agus dá bhfreagrachtaí gairmiúla is príomhspriocghrúpa don lámhleabhar. Cé go bhféadfadh spéis a bheith ag an bpobal sa treoir, ní mholann OOP do bhaill den phobal ná ní spreagann sé iad le cuairt a thabhairt ar láithreacha a bhfuil teagmhais tuile ar siúl iontu chun críche sonraí ar theagmhais tuile a thaifeadadh.

Lámhleabhar do Bhailitheoirí Sonraí Tuilte
Foirm Ghearr ar Theagmhas Tuile a Tharla leagan 3.1 (.doc)
Foirm Theicniúil ar Theagmhas Tuile a Tharla leagan 3.3 (.xls)
Nótaí Cabhrach don Fhoirm Tuairiscithe ar Theagmhas Tuile

Cúlra le taifid na dTeagmhas Tuile a Tharla

Idir na blianta 2004 agus 2006 d’fhorbair OOP an suíomh gréasáin Mapála Guaise Tuile, www.floodmaps.ie, ar cuireadh eolas ar fáil faoi láithreacha theagmhais tuile in Éirinn arbh eol iad a bheith tarlaithe agus ar ar taispeánadh eolas tacaíochta i bhfoirm tuarascálacha, grianghraf agus ailt ón bpreas faoi na tuilte sin. Le linn an ama sin tugadh faoi chlár ollmhór bailithe sonraí, agus tugadh cuairt ar bhreis agus 50 eagraíocht (údaráis áitiúla agus eagraíochtaí náisiúnta go príomha, m.sh. Uiscebhealaí Éireann, An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus Teagasc) d'fhonn réimse leathan eolais faoi thuilte a bhailiú agus a thiomsú. Bhíodh an cineál eolais éagsúil as a chéile, idir ghrianghraif de theagmhais tuile, tuarascálacha na gcomhairleoirí, taifid ó stáisiúin tomhais, cuntais ó fhinnéithe súl i measc na foirne, chomh maith le litreacha ón bpobal agus miontuairiscí ar chruinnithe le hoifigigh thábhachtacha.

Rinneadh an t-eolas seo ar fad a athbhreithniú, a fhíorú, a mheasúnú agus a chatalógú chun Cartlann Náisiúnta um Shonraí Tuilte a chruthú. Ón mbonn seo a mapáladh na tuilte agus a uaslódáladh iad chuig an suíomh gréasáin. Ó 2006 i leith, de réir mar a tharla teagmhais tuile nó de réir mar a cuireadh eolas faoi bhráid OOP ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear eolas ón bpobal, cuireadh tuilte agus tuarascálacha nua leis an suíomh gréasáin ar bhonn leanúnach.

Go déanach in 2017, nuair a forbraíodh an suíomh gréasáin seo www.floodinfo.ie, aistríodh na sonraí seo trasna chuig an suíomh nua seo. Is féidir iad a fheiceáil anois ach an tsraith “Teagmhais Tuile a Tharla” a chasadh air, rud a fhágann gur féidir sonraí seo na dteagmhas tuile a tharla a fheiceáil go comhuaineach leis na sraitheanna maidir le mapáil tuilte tuartha.