Comhairliúchán Áitiúil Phoiblí
Dhírigh an Clár MBPTA ar thrí bhabhta comhairliúcháin áitiúil ag príomhchéimeanna. Bhuail an OPW le ionadaithe áitiúla agus an pobal ag thart faoi 460 lá comhairliúcháin phoiblí (LCP) a tionóladh ins na LMB nó cóngarach dóibh; chomh maith leis sin bhí dhá thréimhse reachtúil um chomhairliúchán poiblí agus thart faoi 300 cruinniú le heagrais stáit.
2014 – 2015 Comhairliúchán Áitiúil ar Dhréacht-Mhapaí Tuile | Iarradh ar dhaoine na dréachtmhapaí tuile a fheiceáil agus tuairimí a thabhairt bunaithe ar a n-eolas áitiúil agus taithí ar thuiliú sa limistéar sin. Ba dheis í seo freisin tuairimí áitiúla a fháil ar réitigh dhóchúla maidir le fadhbanna tuile sa limistéar agus cad iad na tosca tábhachtacha, mar bhonn eolais don bheart mholta. |
2015 – 2016 Comhairliúchán Áitiúil ar Réamh-Roghanna um Bainistiú Priacal Tuile | Iarradh ar dhaoine breathnú ar roghanna dóchúla um bainistiú priacal tuile chun an limistéar sin a chosaint ar phriacal tuile, nó an priacal sin a mhaolú. Chabhraigh sé seo sa phróiseas chun beart mholta a léiriú as an réimse roghanna a bhí ar fáil. |
2016 Comhairliúchán Áitiúil ar Dhréacht-Phleananna um Bainistiú Priacal Tuile | Iarradh ar dhaoine breathnú ar an dréacht-Phlean um Bainistiú Priacal Tuile don limistéar sin, ag leagadh amach na bearta um bainistiú priacal tuile don limistéar ar fad agus an dréachtbheart mholta mar fhreagra ar an phriacal tuile go háitiúil, leis na measúnaithe bainteacha comhshaoil. Scrúdaíodh na tuairimí a fuarthas mar bhonn eolais do na Pleananna Tuile críochnaithe. |