English

Forbairt na bPleananna

I bhforbairt na bPleananna Tuile bhí próiseas láidir measúnaithe chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta molta chun an priacal tuile léirithe ar na mapaí tuile a fhreagairt.

Bhí ceithre phríomchéim anseo:

Beart Cur síos
1. Bearta a Scagadh Liosta de bhearta cuí a chur le chéile, do gach Pobal, a chuideodh chun an tuiliú a laghdú.

Ar na bearta iondúla tá ballaí cosanta, laghdú srutha ón limistéar mórthimpeall, láithreacha stórála le sruth aníos, córais foláirimh tuile, droichid nó lintéir a leathnú, doimhniú abhann nó feabhsú ar dhíonacht foirgneamh i gcoinne uiscí tuile.

Brathann na bearta do gach Pobal ar chineál, doimhneacht agus luas na tuile, cad as a thagann na huiscí tuile agus conas a leathnaíonn siad.
2. Roghanna a Fhorbairt Líon ‘Roghanna’ chun plé leis an priacal tuile a fhorbairt – na bearta a chinntear ag Céim 1 a chomhnascadh ar bhealach ciallmhar cuí, leis an bhreathnú innealtóireachta is fearr maidir le conas a oibreoidh na bearta éagsúla le chéile.
3. Roghanna a Mheasúnú Na Roghanna a chinntear ag Céim 2 a scóráil agus a rangú do gach Pobal, le córas ar a thugtar Anailís Ilchritéir (AI).

Is córas cothrom scórála é seo, a thugann aird ar na gnéithe is tábhachtaí taobh istigh de gach Pobal (mar shampla, an priacal maidir le daoine, gníomhaíocht áitiúil eacnamaíoch, áiseanna pobail, booneagar, an comhshaol agus oidhreacht chultúrtha an limistéir).
4. Roghanna Molta a Léiriú An Rogha molta um bainistiú fadhbanna tuile i ngach Pobal a léiriú, trí fheidhm a bhaint as na modhanna AI a luaitear thuas, measúnaithe eacnamaíocha agus comhshaoil agus tuairimí an phobail áitiúil.

I gcomhar le breithiúnas gairmiúil agus comhairliúchán áitiúil trí Laethanta áitiúla Comhairliúcháin Phoiblí, bhí na hanailísí seo mar bhonn eolais le cinneadh ar na bearta molta atá leagtha amach ins na Pleananna Tuile.

Go hiondúil, rinneadh mar an gcéanna maidir le cinneadh na mbearta fisiciúla faoi thionscadail a tugadh chun cinn roimhe seo nó i gcomhthreo. Cuimsíodh cuid de na bearta chun polasaithe reatha náisiúnta a léiriú agus feidhmiú na bpolasaithe sin a neartú, ag tabhairt aird ar an eolas agus ar na mapaí tuile a ullmhaíodh tríd an Chlár MBPTA; go hiondúil ba bhearta iad seo a bhaineann le gach limistéar atá clúdaithe ag an bPlean Tuile (mar shampla, Pleanáil & Forbairt Inbhuanaithe agus Pleanáil éifeachtach um Fhreagairt Éigeandála).

Measúnaithe Comhshaoil

Bhí próisis na Measúnaithe Straitéiseacha Comhshaoil (MSC) agus na Measúnaithe CuÍ (MC) mar bhonn eolais in ullmhú na bPleananna Tuile. Ins na measúnaithe comhshaoil seo, léiríodh, luacháladh agus rinneadh cur síos ar thorthaí suntasacha dóchúla ar an chomhshaoil ó fheidhmiú na bearta leagtha amach ins na Pleananna Tuile, chun droch-thorthaí a sheachaint agus freisin, mar is cuí, moltaí a leagadh amach maidir le maolú, cumarsáid agus monatóireacht aon droch-thorthaí a léireofaí.

Athrú Aeráide

In ullmhú na bPleananna Tuile, rinneadh measúnú priacal le haghaidh dhá chás dóchúil aeráide amach anseo ag tabhairt aird ar thionchair dhóchúla ó athrú aeráide. Bhí na measúnaithe seo um athrú aeráide mar bhonn eolais maidir le forbairt na mbearta molta a leagtar amach ins na Pleananna Tuile.