English

Leagan amach Doiciméid

Leagtar amach gach Plean um Bainistiú Priacal Tuile mar seo a leanas:

Plean um Bainistiú Priacal Tuile
Rannán 1 Tugtar réamhrá agus cúlra don Phlean, ar a n-áirítear na haidhmeanna um bainistiú priacal tuile ar a bhfuil an Plean dírithe, agus leagtar amach scóip an Phlean
Rannán 2 Tugtar forbhreathnú ar na limistéir abhantraí agus cósta a chlúdaíonn an Plean, ar a n-áirítear achoimre ar stair tuilte ann agus ar na bearta (céimeanna) um bainistiú priacal tuile atá ann cheana féin
Rannán 3 Déantar cur síos ar an Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile (RMPT) a ndearnadh chun na Limistéir um Measúnú Breise (LMB) ar a bhfuil an Plean dírithe a léiriú
Rannán 4 Léirítear an comhairliúchán poiblí agus le páirtithe leasmhara a ndearnadh le linn an Chláir Náisiúnta MBPTA agus tionscadail bhainteacha eile
Rannán 5 Tugtar sonraí maidir le guais agus priacal tuile, atá ann anois agus dóchúil feasta, ins na limisteir a chlúdaíonn an Plean
Rannán 6 Tugtar cur síos ar na measúnaithe comhshaoil a ndearnadh um a chinntiú go gcomhlíonann an Plean leis an reachtaíocht cuí comhshaoil agus go léiríonn sé na straitéisí oiriúnacha um an comhshaol a fheabhsú, nuair is féidir é sin
Rannán 7 Leagtar amach na bearta (céimeanna) um bainistiú priacal tuile ins an limistéar a chlúdaíonn an Plean, agus conas a ceapadh agus a measúnaíodh iad seo, agus tugtar achoimre ar na bearta (céimeanna) atá molta sa
Rannán 8 Léirítear conas a dhéanfar monatóireacht agus tuairisciú ar fheidhmiú an Phlean, agus athbhreithniú agus uasdhátu tráthúil rialta
AGUISÍN A Tugtar forbhreathnú ar thuiliú agus ar phriacal tuile
AGUISÍN B Tugtar cur síos nios mionsonraithe ar an Abhantrach
AGUISÍN C Achoimrítear an próiseas maidir leis an Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile
AGUISÍN D Tugtar sonraí faoi ghnéithe áirithe den chomhairliúchán agus plé le pobail agus le páirtithe leasmhara
AGUISÍN E Leagtar amach an priacal tuile i ngach LMB
AGUISÍN F Tugtar achoimre ar na modhanna éagsúla um bainistiú priacal tuile management
AGUISÍN G Tugtar cur síos ar na hoibreacha dóchúla um bainistiú priacal tuile
Ráiteas MSC agus an Ráiteas Tionchair Natura
TÁ NA MAPAÍ TUILE A BHÍ MAR BHONN EOLAIS AGUS ATÁ MAR CHUID DEN PHLEAN SEO AR FÁIL TRÍD AN AMHARCÓIR IDIRGHNÍOMHACH MAPA AR AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO.
Go to Flood Plans Viewer