English

Tuilte in Éirinn

Is cuid nádúrtha, nach féidir a sheachaint, de shaol na hÉireann iad tuilte. Tarlaíonn siad go hiondúil mar gheall ar chúpla imeacht a thagann le chéile, bruacha abhann atá ag cur thar maoil, stoirmeacha cois cósta nó díoga draenála atá blocáilte nó ró-lán ina measc. Tharla go leor tuilte tromchúiseacha ar fud na tíre le deich mbliana anuas.

Ach ní bhíonn baol ag baint le tuilte mura bhfuil daoine, réadmhaoin, an comhshaol agus ár n-oidhreacht chultúrtha i gcontúirt. Is féidir linn an baol go dtarlódh tuilte agus a dtionchar dá réir a laghdú leis na bearta cearta.

Seo roinnt eolais a léiríonn chomh contúirteach is a bhíonn tuile:

  • D’fhéadfadh 300 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann gach carr nach mór a bhrú den bhóthar.
  • Ní theastaíonn ach 150 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann chun thú a leagan go talamh.
  • Tuarann eolaithe go mbeidh tuilte ann níos minice amach anseo mar gheall ar athrú aeráide.
  • Maraítear 66% díobh siúd a fhaigheann bás i rith tuilte i bhfeithiclí, agus tarlaíonn sé go hiondúil nuair a dhéanann tiománaí botún tromchúiseach amháin agus iarracht a dhéanamh tiomáint trí thuile.
  • Tá tuilte ar an tubaiste nádúrtha is coitianta agus is forleithne.
  • Déanann uisce an oiread sin damáiste d’aon trian de na bóithre agus droichid faoi uisce nach bhfuil ach seans 50% ag feithicil ar bith iad a thrasnú go sábháilte.
  • Bogann tuilte tapa go leor le bolláin a bhogadh, crainn a leagan go talamh agus droichid a scriosadh – próiseas ar a dtugtar sciúradh.
  • Bíonn uisce i dtuilte salaithe go minic mar gheall ar dhraenacha atá ag cur thar maoil, ainmhithe marbha agus bruscar.
  • Is féidir le sruthanna leictreachais sreabhadh tríd an uisce ó línte cumhachtaí agus cáblaí a leagadh.
  • Bíonn tuilte in ann clúdaigh dúnphoill agus draenacha a bhogadh, rud a chruthaíonn dainséar nach bhfuil le feiceáil.
  • Toisc go ndíláithríonn uisce meáchain coirp, dá dhoimhne an duine san uisce, is é is lú meáchan atá ann, mar sin bíonn sé níos deacra air fanacht ina sheasamh.

Beartas

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag comhordú cur chuige Rialtais uile na hÉireann i leith bainistíocht riosca tuilte i dtrí réimse straitéiseacha agus beartais:

  • Cosc: e.g. tógáil i gceantair ina mbíonn tuilte go minic.
  • Cosaint: e.g. bearta indéanta a ghlacadh, idir struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha, chun an baol go dtarlóidh tuilte agus a dtionchar a laghdú.
  • Ullmhacht: e.g. an pobal a chur ar an eolas faoi dhul i ngleic le baol tuilte agus le tuile.

Feasacht an Phobail

Féadfaidh daoine agus pobail tionchar tuile a laghdú má ullmhaíonn siad iad féin roimh ré. Tá sé d’aidhm leis an bhfaisnéis ar an leathanach seo cúnamh praiticiúil a thabhairt d’úinéirí tí agus gnóthaí atá i mbaol tuilte. Tugtar eolas freisin faoi na daoine a chabhróidh leat i rith tuile.

Ritheann an Oifig Pleanála Éigeandála feachtas bliantúil Bí Ullamh don Gheimhreadh a thugann comhairle phraiticiúil faoi dhul i ngleic le drochaimsir amach is amach. Tá eolas ar fáil ar winterready.ie agus tugtar an nuacht agus an t-eolas is deireanaí ar X @emergencyIE má bhíonn an aimsir an-dona go deo.

D’fhoilsigh Oifig na nOibreacha Poiblí léarscáileanna tuilte a léiríonn na ceantair atá i mbaol. Tá na léarscáileanna sin ar fáil ár nAmharcóir Mapaí Tuile.. Tá tuilleadh eolais faoi Oifig na nOibreacha Poiblí agus faoi ghníomhaíochtaí Bainistíochta Riosca Tuilte in Éirinn ar fáil ar opw.ie.

Tá seirbhís foláirimh aimsire ag Met Éireann atá ar fáil ar aip Met Éireann nó trína suíomh gréasáin met.ie.

Bruachúinéirí

D’fhorbair Oifig na nOibreacha Poiblí cáipéis treorach a dhírítear ar úinéirí talún nó réadmhaoine atá lonnaithe ar bhruach sruthchúrsa – idir nádúrtha agus saorga. Tugtar bruachúinéirí ar úinéirí talún dá leithéid go minic. Caithfidh bruachúinéirí a bheith ar an eolas faoina gcearta agus faoin bhfreagrachtaí i leith na sruthchúrsaí. Tá cúnamh agus comhairle phraiticiúil ar fáil sa cháipéis treorach ar líne seo faoi shruthchúrsaí a bhainistiú.

Níl mé in ann leagan Gaeilge a aimsiú
PDF, 462KB, 6 leathanach

Ar aghaidh