Baol Tuilte a Mheasúnú
Is é an bealach is éasca le fáil amach an bhfuil baol ann go mbeadh tuilte i do theach foghlaim faoi stair na dtuilte sa cheantar máguaird. Mar shampla, d’fhéadfadh go bhfuil baol ann go mbeadh tuilte i do theach má tharla a leithéid cheana nó má bhí tuilte sa cheantar roimhe seo. Murar chónaigh tú sa cheantar i bhfad, b’fhéidir go mbeadh a fhios ag do chomharsana nó ag staraí áitiúil ar tharla tuilte roimhe seo.
Bíonn eolas faoi bhaol tuilte ar roinnt suíomhanna gréasáin a ritheann Oifig na nOibreacha Poiblí:
- Tá eolas faoi thuilte a tharla cheana agus léarscáileanna a thuarann tuilte ar fáil ar floodinfo.ie
- Tá léarscáileanna faoi na contúirtí a bhaineann le tuilte ar fáil ar an suíomh gréasáin floodinfo.ie website.
Bealach eile leis an mbaol go mbeadh tuilte i do cheantar a mheas ná breathnú ar an talamh agus ar na sruthchúrsaí thart timpeall ort. D’fhéadfadh do theach a bheith i mbaol tuilte:
- Má tá an teach in aice le foinse oscailte uisce, ar nós abhann, na farraige, locha, srutháin, díog nó draenacha.
- Má tá an teach in ísleán (gleann beag nó log) nó i gceantar íseal ina bhféadfadh uisce bailiú.
- Má tá íoslach i do theach.
- Má léirítear baol tuilte ag suíomh do thí ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis.
Má bhaineann aon cheann de na critéir sin le do theachsa, d’fhéadfadh do theach a bheith i mbaol tuilte mar gheall ar:
- An iomarca báistí ag dul isteach in aibhneacha, srutháin, díoga nó córais uirbeacha draenála agus iad ag cur thar maoil dá bharr.
- Tuilte ag dul thar bhruach abhann agus thar chosaintí ar thuilte agus ag doirteadh amach ar thuilemhá.
- Stoirmeacha cois cósta ag sárú cosaintí cósta ar thuilte mar gheall ar bhorradh stoirme agus tonnta.
- Díoga draenála, draenacha agus séaraigh atá blocáilte nó rólán ag cur thar maoil thar bhóithre, gairdíní agus isteach i bhfoirgnimh.
- Uisce i séaraigh atá ró-lán ag sreabhadh ar ais sa teach.
- Báisteach atá chomh trom sin go ritheann an t-uisce chun srutha thar an talamh síos le fána.
- Báisteach ag fágáil an talamh ar maos agus leibhéil screamhuisce ag ardú agus ag cruthú tuilte dá bharr.
Tá sé tábhachtach go gcuimhneofaí go dtugann cosaintí ar thuilte, ar nós ballaí nó claífort, cosaint áirithe ar thuilte, ach nach cosaint iomlán iad. Féadfaidh tuilte tarlú i limistéir taobh thiar de na cosaintí sin mar gheall ar uisce taobh thiar de na cosaintí nach bhfuil in ann dul áit ar bith eile (ar nós uisce stoirme i ndiaidh báisteach throm) nó mar gheall ar thuilte ag dul os cionn na gcosaintí agus síos an taobh eile i rith imeachtaí thar a bheith dian. Má tá do theach taobh thiar de chosaint, beidh níos lú tuilte ann ná mar a bheadh gan na cosaintí, ach beidh sé fós i mbaol.
Os Cionn na Talún
Is féidir le huisce dul isteach i do theach os cionn na talún mar seo a leanas:
- Trí dhoirse agus fuinneoga (fiú agus iad dúnta!).
- Trí aerbhrící nó oscailtí aerála eile.
- Trí bhearnaí eile agus timpeall ar phíopaí agus cáblaí a théann trí na ballaí.
- Trí chomhbhallaí má tá tuile sa teach béal dorais.
- Trí scoilteanna sa bhríc-obair.
- Trí bhrící, bloic, clocha agus moirtéal atá tréscaoilteach, síonchaite nó a ndearna damáiste dó.
- Ag an gcúrsa taisdíonach.
Faoin Talamh
Is féidir le huisce dul isteach i do theach faoin talamh mar seo a leanas:
- Teacht aníos trí na hurláir (nó trí bhallaí siléir nó íoslaigh) i gceantar ina bhfuil ábhar tréscaoilteach sa talamh, ar nós cailce, gairbhéil nó gainimh.
- Trí thrinsí draenála i dtalamh neamhscagach.
- Trí dhraenacha agus píopaí a théann isteach sa teach, ar nós:
- Leithris
- Doirtil
- Folcadáin
- Innill Níocháin
- Miasniteoirí
Ag Ullmhú do Thuilte
Má tá cónaí ort in áit a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart duit a bheith ullamh i gcónaí le haghaidh tuilte. Is é an bealach is fearr lena chinntiú go bhfuil do theach cosanta ar dhamáiste ó thuilte ná tabhairt faoi ullmhúcháin fadtéarma.
- Is féidir tuile-dhíonadh do bhallaí a fheabhsú le táirgí ar nós scannáin leachta, bratú polaiméire/stroighne, asfalt maisteogach nó scannáin leatháin réamhdhéanta.
- Is féidir tuile-dhíonadh d’fhuinneog agus doirse a fheabhsú ach cinntiú go bhfuil an séala thart ar na frámaí slán agus nach bhfuil aon scoilteanna ann. Anuas air sin, cuir ruaim, péint nó vearnais olabhunaithe ar aon fhrámaí adhmaid.
- Tá raon cosaintí sealadacha is féidir a úsáid chun do theach a chosaint i rith tuile, ar nós málaí gainimh, cláir tuilte agus cumhdach. Má tá tú ag cuimhneamh ar na táirgí sin a cheannach, d’fhéadfadh an t-eolas atá sa chuid Teach A Dhéanamh Tuile-Dhíonach cabhrú leat.
- Má tá tú ag cur síneadh leis an teach nó ag déanamh aon obair thógála air, b’fhiú cuimhneamh ar scannán uiscedhíonach a chur sa bhunsraith. Cuimhnigh freisin ar insliú cuasbhalla cealla dúnta a chur ar leibhéal na talún agus cúrsa taisdíonach ardaithe. Ba cheart na soicéid leictreachais a chur os cionn pé airde ag a raibh tuilte roimhe sin agus ba cheart aon aonaid aerchóirithe, teasa nó gháis a chur thuas staighre nó san áiléar.
- Bí cinnte go bhfuil aon srutháin, aibhneacha nó lochanna atá ar do thalamh in ann sreabhadh go héasca. Seiceáil nach bhfuil aon cheo ag cur bac ar an sruthán agus nár creimeadh na bruacha.
- Cinntigh go bhfuil stór ábhar agat i gcónaí a chabhródh i rith tuile, ar nós sraithadhmaid, brait phlaisteacha, málaí gainimh (atá folamh), gainimh, tairní, casúir, sluaiste, brící, bloic adhmaid agus sáibh.
- Bí airdeallach agus seiceáil do theach go rialta ar fhaitíos go dtiocfadh aon scoilteanna nó bearnaí sa bhríc-obair agus urláir nó thart ar fhuinneoga, doirse agus píopaí.
- Má tá cónaí ort i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte, is fiú i gcónaí earraí pearsanta maoithneacha a choinneáil thuas staighre nó os cionn an leibhéal is airde tuile is féidir toisc nach féidir cuid nua a fháil ina n-áit. Ba cheart an rud céanna a dhéanamh le sonraí bainc agus árachais, chomh maith le huimhreacha teagmhála riachtanacha.
- Ba cheart earraí luachmhara, ar nós ríomhairí glúine, táibléad, teilifíseán, etc., a stóráil os cionn leibhéal na talún freisin más féidir. Ba cheart ríomhaire glúine, cuir i gcás, a choinneáil ar bhord nó ar dheasc seachas é a chur faoi bhord.
Tuilte agus Úinéirí Gnó
Má tá do ghnó i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart go mbeadh plean tuilte i bhfeidhm agat. Bí cinnte go bhfuil a fhios ag an bhfoireann ar fad a bhfuil le déanamh má tharlaíonn tuile.
Bí Ullamh
- Polasaithe árachais – an bhfuil árachas agat le haghaidh damáiste tuilte, cur isteach ar ghnó agus ioncam caillte?
- Déan liosta d’uimhreacha tábhachtacha fóin, agus bíodh teagmhálacha do sholáthraithe gáis, leictreachais, uisce agus fóin ina measc.
- Déan liosta de shonraí teagmhála na bhfostaithe ar fhaitíos go mbeadh daoine le haslonnú. D’fhéadfadh go mbeadh uimhreacha fón póca ansin, nó uimhir dá n-áit chónaithe nó áit chónaithe duine muinteartha nó carad leo.
- Cuimhnigh ar chomhaltaí foirne a dteastódh cúnamh faoi leith leo i rith tuile (e.g. daoine níos sine nó daoine faoi mhíchumas).
- Bíodh plean tuilte mar chuid de do phlean sláinte agus sábháilteachta. Cuir na bealaí éalaithe ar súile na foirne. Eagraigh cleachtadh éigeandála (mar a dhéantar le cleachtadh dóiteáin).
- Bíodh a fhios agat cá múchtar an gás, an leictreachas agus an t-uisce. Ba cheart iad sin a mharcáil ar léarscáil a choinnítear le do phlean tuilte más féidir ar chor ar bith.
- Bíodh a fhios agat cá bhfuil ceimiceáin, olaí nó ábhar eile a d'fhéadfadh a bheith contúirteach nó uisce tuile a éilliú. Ba cheart iad sin a stóráil in áit shábháilte i gcás tuilte nó guaiseacha eile.
Gníomhartha Cosanta
- Tabhair faoi deara aon stoc, trealamh nó earraí tábhachtacha a dteastódh cosaint speisialta uathu ar thuilte. Cuimhnigh ar chúltaca do chórais TF.
- Cuimhnigh ar an rudaí a theastódh i rith nó i ndiaidh tuile (e.g. málaí gainimh, brait phlaisteacha, callaire, etc.).
- Breathnaigh an féidir oibríochtaí tábhachtacha, ar nós seachadadh agus fáil earraí nó seirbhísí do chustaiméirí, a bhogadh go foirgneamh eile.
Soláthraithe agus Naisc Sheachtracha
- Sainaithin na táirgí agus seirbhísí a theastóidh i gcás tuilte. Déan pleananna cúltaca nó socruithe más gá seachadadh a chur ar ceal gan mórán fógra.
- Cuimhnigh ar chonradh a shocrú roimh ré le cuideachtaí a d’fhéadfadh cabhrú leat i ndiaidh tuile. Seachnaíonn sé sin an frustrachas a bhaineann le cúnamh a aimsiú i rith éigeandála, agus beidh tú in ann costas níos fearr a shocrú gan an brú sin.
- Sainaithin na daoine a d’fhéadfadh cabhrú leat roimh thuile, lena linn nó ina diaidh.
Teach a Dhéanamh Tuile-Dhíonach
Má tá cónaí ort in áit a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart duit a bheith ullamh i gcónaí le haghaidh tuilte. Is fiú go mór plean a ullmhú faoin méid a dhéanfá i gcás tuile – d’fhéadfadh an plean sin go leor airgid, trioblóide agus struis a shábháil ort.
Málaí Gainimh
Is fiú i gcónaí málaí gainimh a bheith agat má chónaíonn tú i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte. Mura bhfuil málaí gainimh agat, d’fhéadfá rud éigin ar nós clúdaigh piliúir nó málaí bruscar lán le hithir ón ngairdín a úsáid. Cuimhnigh nár cheart iad a líonadh róluath ná rófhada ón áit a dteastóidh siad mar go n-éiríonn siad an-trom, an-tapa.
- Caith miotóga cosanta nuair atá málaí gainimh á líonadh mar go scríobann gainimh craiceann.
- Ná líon na málaí níos mó ná leathlán. Ní gá na málaí a cheangal, níl le déanamh ach an béal a fhilleadh isteach faoin mála nuair atá siad á gcur ar bharr a chéile.
- Bain aon smionagar ón áit a bheidh na málaí.
- Cuir na málaí atá leathlán síos as ceann a chéile agus comhthreomhar leis an treo a rachaidh an t-uisce.
- Cuir na málaí i sraitheanna ar nós balla brící, bí cinnte go bhfuil leath dhá mhála os cionn an mála faoina bhun.
- Gread do chosa ar na málaí go láidir le bheith cinnte nach bhfuil aon bhearnaí eatarthu agus go bhfuil séala docht ann.
- Má theastaíonn cosaint ó mhálaí gainimh atá níos airde ná trí shraith, tóg iad ar nós pirimide: tosaigh le bonn ceithre mhála ar leithead ar a laghad agus ansin tóg os a gcionn, ag éirí níos caoile i dtreo an uachtair.
- Is féidir an balla málaí gainimh a dhéanamh níos uiscedhíonaí le brat plaisteach, agus bí cinnte é a dhaingniú le málaí gainimh breise ar an talamh.
Cé go n-úsáidtear málaí gainimh go minic chun cosaint ar thuilte, tá míbhuntáistí ag baint leo freisin:
- I rith éigeandála, d’fhéadfadh go mbeadh sé deacair teacht ar a ndóthain málaí.
- Teastaíonn beirt chun iad a líonadh agus tógann sé go leor ama.
- Féadfaidh sé a bheith deacair iad a láimhseáil, go háirithe má tá tú sean nó i ndrochshláinte.
- Má théann tuilte chomh fada leo, fanann ábhar salaithe ar nós séarachais iontu go minic.
- Tá ábhar na málaí in-bhithmhillte agus d’fhéadfaidís titim as a chéile má fhágtar rófhada iad.
- Níl málaí gainimh 100% uiscedhíonach agus seans go dteastódh bealach fós le huisce a bhaint taobh thiar díobh.
Cláir Tuile
Is bacainn inaistrithe iad cláir tuile (nó bacainní tuile) is féidir a chur trasna bearnaí, ar nós doirse, má tharlaíonn tuilte. Is féidir táirgí difriúla a dearadh go sonrach do thuilte a cheannach agus a fheistiú ar do theach. Má cheannaíonn tú cláir tuile, ba cheart duit táirge a chuardach a bhfuil marc dearbhaithe cáilíochta air.
D’fhéadfá féin cláir tuile a dhéanamh freisin, ach caithfear a chinntiú go bhfuil an bhacainn sách láidir agus go suíonn sé i gceart sa bhearna atá i gceist le go gcruthófar séala ceart.
Is é an bealach is éasca le clár tuile a dhéanamh ná bacainn adhmaid nó mhiotail a thógáil a fheistítear go cothrom de bhalla, doras nó trasna geataí nó cosán le fráma. Cabhróidh brú na tuile féin leis an mbacainn a shéalú. Braithfidh chomh héifeachtach agus atá na cláir ar neart na mballaí agus ar bhuanfas fheistithe an fhráma. Is é an cineál clár tuile is coitianta ceann a shleamhnaíonn síos isteach i bhfráma, mar gur féidir é a bhaint go héasca nuair nach dteastaíonn sé. Ach is féidir ceann a dhéanamh le hinsí freisin a dhúnann trasna ar aon bhearnaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh clár tuile díreach ceart don bhearna. Má tá aon amhras ort, b’fhearr earraí a cheannach ó shaineolaithe.
Cumhdach
Is bealach maith é cumhdach chun éifeacht tuile a laghdú trí 600–900 mm (2–3 troithe) ag bun foirgnimh a chlúdach le brat plaisteach.
Bíonn trinse le cartadh os comhair an bhalla atá le cosaint. Ceanglaítear an brat plaisteach den bhalla os cionn an airde a cheaptar a shroichfidh an tuile. Tagann sé anuas an balla agus cuirtear os cionn píopa draenála é ag an mbun, sula dtéann sé tríd an trinse agus go ndaingnítear é ar an taobh eile le meáchain nó málaí gainimh. Teastaíonn féith an DIY chun foirgneamh a chumhdach mar seo agus caithfear tús a chur leis i bhfad sula dtagann aon tuile mar go bhfuil am ag teastáil. Más fearr leat, tá táirgí difriúla ar fáil le ceannach, agus is féidir iad a fheistiú ar do theach.
Is féidir le táirgí cosanta ar thuilte a bheith éifeachtach chun drochthionchar tuile ar fhoirgneamh a mhaolú. Is féidir leo an damáiste a dhéantar d’earraí, troscán agus feistis i dteach nó gnó a laghdú, ach ní fheileann siad i gcónaí. I gcás drochthuile (nuair a ardaíonn an tuile os cionn 1 mhéadar), d’fhéadfadh sé níos mó dochair a dhéanamh uisce a choinneáil taobh amuigh den fhoirgneamh ná é a scaoileadh isteach. D’fhéadfadh an méid sin uisce strus a chur ar an bhfoirgneamh agus damáiste a dhéanamh do struchtúr agus do bhunsraith an fhoirgnimh. Dá bhrí sin, níor cheart bacainní a chur ar dhoirse, fuinneoga ná gaothairí aeir atá níos airde ná 1 mhéadar.
Ba cheart d’úinéirí foirgneamh atá ag cuimhneamh ar cheann de na bealaí sin a úsáid comhairle a fháil ó shaineolaí atá cáilithe go cuí maidir le chomh hoiriúnach is a bheadh na bearta sin dá bhfoirgneamh féin agus cuimhneamh ar na riachtanais fhéideartha le haghaidh measúnú comhshaoil.
Geataí Tuile
Sleamhnaíonn siad seo os cionn bealaí isteach, ar nós cabhsaí agus doirse, le nach féidir leis an tuile teacht isteach.
Clúdaigh do Ghaothairí Aeir
Caithfear gaothairí aeir nó aerbhrící a shéalú má tá an teach i mbaol tuilte. Tá clúdaigh shealadacha éagsúla ar fáil chun na bearnaí sin a shéalú.
Bacainní
Bíonn cruthanna agus méideanna difriúla i gceist leo seo, agus is féidir iad a úsáid chun tuile a choinneáil amach.