Bí cúramach i gcónaí agus tú ag dul isteach i bhfoirgneamh tar éis tuile. D’fhéadfadh an bhunsraith a bheith níos laige i ndiaidh tuile agus d’fhéadfadh gur bogadh earraí troma agus nach bhfuil siad suite go daingean níos mó. Iarr ar shaineolaí aon seirbhís leictreachais, gáis nó breosla a sheiceáil sula gcastar ar siúl arís iad.
Ba cheart duit na réamhchúraimí seo a ghlacadh:
- Glac leis go bhfuil na línte cumhachta ar fad beo – seiceáil go bhfuil an chumhacht sa teach múchta sula ndéantar aon rud.
- Seiceáil an bhfuil boladh gáis san áit agus cinnte go múchtar an phríomhlíne.
- Breathnaigh ar an tsíleáil nuair a théann tú isteach i seomra agus seiceáil an bhfuil aon scoilteanna nó at le feiceáil. Bíonn plástar fliuch an-trom agus d'fhéadfadh sé struchtúr an tí a chur i mbaol.
- Má tá d’íoslach faoi uisce, ná bíodh deifir mhór ort an t-uisce a bhaint. Má tá an talamh taobh amuigh báite d’fheadfaí brú míchothrom a chur ar bhallaí an íoslaigh, agus d’fhéadfadh fadhbanna struchtúrtha eascairt as sin.
- Bí cúramach nuair atá aon smionagar á bhogadh agus iarr cúnamh má tá earraí troma nó nach bhfuil socair á mbogadh ar fhaitíos go dtitfidís agus go mbeifeá i bhfostú acu nó go mbrúiscfí thú.
- Ná gabh isteach in aon fhoirgneamh a bhfuil go leor dríodair taobh istigh de nó ag luí ina choinne, mar go bhféadfadh an struchtúr a bheith míshocair.
- Bí cúramach nuair atá tú ag siúl thart taobh istigh den teach: bíonn sé deacair contúirtí atá i bhfolach in uisce bodhar a fheiceáil.
- D’fhéadfadh miocrorgánaigh pórú in uisce bodhar agus d’fhéadfaí iad a scaoileadh isteach san aer nuair a bhogtar an t-uisce. D'fhéadfaidís an tsláinte a chur i mbaol má análaítear iad. Bain gach rud as an uisce a luaithe is féidir agus bíodh masc cosanta ort má tá plúchadh ort nó má bhíonn fadhbanna agat le do chliabhrach.
- Ná déan dearmad go bhféadfadh an t-uisce a bheith éillithe nó truaillithe – glan do chuid lámh le díghalrán má bhíonn uisce ón tuile nó smionagar gláir orthu ar chor ar bith.
Nuair atá tú cinnte go bhfuil sé sábháilte dul isteach i do theach, caithfear cúpla rud a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag glanadh:
- Taifead an damáiste a rinne an tuile le grianghraif agus/nó físeán.
- Marcáil an leibhéal is airde ag a raibh an t-uisce ar na ballaí mar thagairt.
- Seiceáil le do chuideachta árachais. Íocfaidh siadsan go hiondúil as aon ábhar a chaithfear a bhaint, as glantachán agus as díghalrú i ndiaidh tuile.
- Bí cinnte i gcónaí gur thug do chuideachta árachais cead d’aon obair atá le déanamh sula dtugtar faoi.
Cumhdach Árachais
Nuair atá éileamh á dhéanamh ar d’árachas mar gheall ar dhamáiste a rinne tuilte, ná déan dearmad ar na treoracha seo a leanas:
- Cuir glaoch ar líne chabhrach 24 uair an chloig do chuideachta árachais chun tús a chur leis an bpróiseas a luaithe is féidir.
- Eagraigh pumpáil éigeandála agus obair dheisiúcháin láithreach chun do theach a chosaint ar thuilleadh damáiste.
- Faigh comhairle ó do chuideachta árachais faoi chonraitheoirí agus tógálaithe a bhfuil iontaoibh astu.
- Seiceáil leabhrán do pholasaí chun feiceáil an gcumhdaítear an caillteanas nó damáiste faoi do pholasaí (beidh eolas ar shuíomh gréasáin do chuideachta árachais freisin). Má chumhdaítear iad, seiceáil teorainneacha an chumhdaigh sin.
- Líon isteach an fhoirm éileamh ina hiomláine, ag deimhniú an chúis ar tharla an damáiste agus tabhairt meastacháin ar chostais deisiúcháin/athsholáthair.*
- Seiceáil le d’árachóir má bhíonn ort bogadh go háit eile, toisc go gcumhdaítear é sin sa pholasaí go minic.
- Cinntigh go bhfuil a fhios ag do chuideachta árachais cén chaoi le dul i dteagmháil leat má bhíonn ort bogadh amach as do theach.
- Coinnigh taifead de do chomhfhreagras scríofa agus fóin ar fad le do chuideachta árachais.
- Taifead an damáiste a rinne an tuile le grianghraif agus/nó físeán.
- Marcáil an leibhéal is airde ag a raibh an t-uisce ar na ballaí mar thagairt.
- Ná cuir tús le haon obair gan cead a fháil ar dtús ó do chuideachta árachais.
Más féidir, ná caith aon rud amach sula bhfeicfidh measúnóir é. Más gá, tóg grianghraf de na hearraí sula gcaitheann tú amach iad.
*Ná déan dearmad, ní conradh cothabhála é do pholasaí árachais. D’fhéadfadh nach gcumhdódh do pholasaí gnáthchaitheamh agus cuimilt.
Do Theach a Athchóiriú – Glanadh
Bíonn go leor i gceist le do theach a ghlanadh i ndiaidh tuile, ach má chloíonn tú leis na treoirlínte thíos, beidh tú in ann an obair a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtúil.
Riachtanach
- Cinntigh go bhfuil an gás, an leictreachas agus aon sconnaí breosla casta as.
- Is féidir leictreachas sealadach a fháil ar cíos, ach teastaíonn dóthain aerála, toisc go bhféadfadh gineadóirí aonocsaíd charbóin a scaoileadh. Lig don inneall fuarú sula gcuireann tú tuilleadh breosla ann.
- Bí cinnte go bhfuil aon fhearais a úsáideann gás dínasctha.
- Deisigh an díon go sealadach má rinneadh damáiste dó. Is clúdach sealadach maith é tarpól.
Sula dTosaíonn Tú
Sula dtosaíonn tú ag glanadh an tí, bí cinnte go bhfuil an trealamh ar fad a theastaíonn uait agat. Áirítear leo sin:
- Ceamara chun taifead a dhéanamh ar an damáiste a rinne an tuile.
- Uirlisí bunúsacha, ina measc casúr, tairní, scriúire agus castairí.
- Scuaba urláir, mapaí, scuaba sciúrtha agus buicéid.
- Glantach agus díghalrán tí.
- Buataisí agus miotóga rubair agus éadaí cosanta.
- Sluaistí.
- Téitheoirí, feananna agus díthaisire má tá ceann ar fáil.
- Málaí bruscair láidre.
Puiteach a Bhaint
- Úsáid sluaistí chun fáil réidh leis an oiread puitigh agus is féidir agus úsáid píobán chun an chuid eile a ghlanadh amach as an teach.
- Má tá puiteach taobh istigh agus taobh amuigh de na ballaí, bain é de réir a chéile le go mbeidh an t-ualach céanna ar na ballaí lasmuigh agus laistigh.
- Níor cheart píobán ardbhrú a úsáid chun puiteach a bhaint den teach.
Uisce Bodhar a Bhaint
- D’fhéadfadh an tseirbhís dóiteáin seirbhís pumpála a chur ar fáil, ar tháille seans, nó d'fhéadfá pumpa a fháil ar cíos ó shiopa crua-earraí. Sin nó d’fhéadfá cuideachta a phléann go sonrach le damáiste uisce a fhostú chun an t-uisce a phumpáil amach duit.
- Bain an t-uisce amach de réir a chéile le nach ndéanfaidh an brú uisce aon dochar do struchtúr an tí.
- Ná téigh an teach go níos mó ná 4°C go dtí go mbaintear an t-uisce bodhar ar fad.
Glanadh agus Díghalrú
- Sciúr na dromchlaí le huisce te gallúnaí agus le glantach láidir.
- Ba cheart earraí ar nós bogfheisteas tí, éadaí agus bia a raibh an t-uisce in aice leo a chur i málaí bruscair (atá ceangailte go maith) agus a chaitheamh amach.
- Gach seans go mbeidh ort scipe bruscair a fháil ar cíos mar gheall ar an mbruscar ar fad a bheidh le baint as an teach. Má tá éileamh árachais le déanamh agat, ná caith aon rud amach go dtí go ndeir an chuideachta árachais leat gur féidir sin a dhéanamh. Más gá, tóg grianghraf de na hearraí sula gcaitheann tú amach iad.
- Caithfear aon dromchla ar a réitítear bia a ghlanadh go hiomlán agus a dhíghalrú.
- Lig do na dromchlaí ar fad a ghlan tú triomú go hiomlán mar go bhfuil roinnt frídíní a fhásann go maith i suíomhanna fliucha.
Do Theach a Athchóiriú – Triomú
Is í aerchúrsaíocht an bealach is fearr le teach a thriomú agus an t-aer istigh a ghlanadh. Bíodh foighne ort agus cinntigh go bhfuil an teach go hiomlán tirim sula mbogann tú isteach arís.
Ná déan dearmad
- Oscail na doirse agus fuinneoga chun an teach a aeráil.
- Cinntigh go bhfuil an teach sábháilte.
- Bain aon bhac atá ar aerbhrící agus gaothairí.
- Nigh do chuid lámh le díghalrán má théann uisce orthu.
- Seiceáil an ndearnadh aon dochar do struchtúr na mballaí seachtracha agus an dín sula dtéann tú isteach sa teach.
- Ná déan iarracht aon seirbhísí a chur ar siúl go dtí go seiceálann saineolaí iad.
- Ná hith aon bhia a ndeachaigh uisce ón tuile in aice leis.
- Ná déan iarracht aon rud trom nó nach bhfuil socair a bhogadh leat féin – iarr cúnamh ar dhuine éigin.
Ná déan dearmad ar an tslándáil
Tharla sé cheana gur goideadh rudaí as tithe agus siopaí i ndiaidh tuilte, agus cé go bhfuil sé tábhachtach do theach a aeráil, caithfear a bheith aireach ar chúrsaí slándála freisin. Ná déan dearmad go bhféadfadh gur chuir an t-uisce isteach ar aláraim bhuirgléireachta agus go mb’fhéidir nach n-oibríonn siad.
Ná fág doirse agus fuinneoga seachtracha oscailte mura bhfuil aon duine sa teach, agus cinntigh go bhfuil glas ar gach rud i gceart nuair a fhágann tú. Más gá, cuir líontán slándála os cionn aon fhuinneoga oscailte nó briste.
Triomaigh an teach
- Féadfaidh tú ligean don teach triomú go nádúrtha, ach d’fhéadfadh go mbeadh cúpla mí i gceist leis sin. Is féidir dlús a chur leis an bpróiseas triomaithe le nach mbeidh tú ag fanacht ach cúpla seachtain. Cibé bealach a chinneann tú do theach a thriomú, bí cinnte go mbaintear an taise atá i bhfostú i struchtúr an tí. Uaireanta beidh na ballaí tirim ar an taobh amuigh, ach beidh a dtaobh istigh fós tais. Má tá amhras ar bith ort, iarr ar shaineolaí breathnú ar an teach le bheith cinnte go bhfuil sé go hiomlán tirim.
- I ngach cás, dá luaithe a thosaítear ar an bpróiseas triomaithe, is é is fearr é – is iad an chéad 48 uair an chloig i ndiaidh tuile is tábhachtaí.
- Má thástáil saineolaí do chóras teasa agus má deimhníodh go bhfuil sé sábháilte le húsáid, is féidir é a chasadh ar siúl le cabhrú leis an teach a thriomú. Coinnigh an teocht ag thart ar 20 go 22°C. Ba cheart teocht ró-ard a sheachaint mar go bhféadfadh an obair phlástar scoilteadh etc. má théitear an áit róthapa.
- Ní thriomóidh teocht amháin do theach. Caithfear cuimhneamh ar aerchúrsaíocht agus bogthaise chomh maith.
- Tá aeráil mhaith riachtanach, mar sin coinnigh na fuinneoga agus na doirse ar oscailt má tá an aimsir go maith agus ar leathoscailt má tá sé fliuch.
- Má tá díthaisire in úsáid agat, coinnigh na doirse agus fuinneoga seachtracha dúnta, go háirithe i rith aimsir fhliuch.
Do Theach a Athchóiriú – Deisiúcháin
Nuair atá tógálaí nó comhlacht athchóirithe á roghnú agat, bí cinnte costas na hoibre a iarraidh ar chúpla dream agus iarr orthu i gcónaí teistiméireachtaí nó deimhniú ar bhallraíocht i gcomhlachtaí trádála a thabhairt duit. Fainic tógálaithe a théann ó dhoras go doras mar go bhféadfadh nach bhfuil siad cáilithe. Bí cinnte i gcónaí gur cheadaigh do chuideachta árachais aon obair atá le déanamh.
Bríc-obair
- Fiú i ndiaidh don teach triomú, d’fhéadfadh go mbeadh na brící tais. Is é an bealach is fearr lena dtriomú ná trí ghalú nádúrtha. Oscail na gaothairí aeir ar fad chun dlús a chur leis an bpróiseas.
- Coinnigh súil amach le haghaidh scoilteanna sna ballaí mar gur féidir le brící crapadh nó scoilteadh agus iad ag triomú.
- Ná cuir péint ar na brící go dtí go bhfuil siad go hiomlán tirim.
- D’fhéadfá púdar bán a bhreathnaíonn saghas cosúil le salann a fheiceáil ag fás ar na ballaí. Stopfaidh sé sin nuair atá an balla go hiomlán tirim agus is féidir é a bhaint le scuab.
- Mura dtriomaíonn na brící, iarr ar shaineolaí do theach a sheiceáil ar fhaitíos go bhfuil taise aníos ann.
- Ba cheart clúdaigh ar aerbhrící a bhaint a luaithe a íslíonn an tuile.
- Ná las tine i dtinteán brící go dtí coicís ar a laghad i ndiaidh tuile. Cruthófar gal mura bhfuil na brící tirim agus d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh don simléar.
Urláir
- Bain clúdaigh urláir ar nós vinile, cairpéid nó tíleanna. Ba cheart ábhar inslithe a d’éirigh fliuch a bhaint freisin, fáil réidh leis agus cuid nua a chur isteach ina áit
- Déanfaidh tuile an-damáiste d’urláir shlischláir agus ba cheart iad a bhaint agus cuid nua a chur isteach ina n-áit. Murar féidir é sin a dhéanamh, caithfear iad a threisiú le teanntóga adhmaid faoina mbun.
- Ba cheart go dtriomódh na spásanna faoi urláir choincréite go nádúrtha agus ní chuirfear isteach ar an urlár. Má cheapann tú go dteastaíonn níos mó aerála, téigh i dteagmháil le tógálaí.
- Má tá urláir adhmaid chrochta i do theach, ba cheart roinnt de na cláir a ardú ionas gur féidir aon uisce atá ann a bhaint. Is féidir é sin a dhéanamh ach draenáil trí aerbhrící, pumpa a úsáid nó, más gá, poill a ghearradh i mballaí lasmuigh do thí. Ná déan iarracht poill a ghearradh gan comhairle ó shaineolaí.
- Más cosúil go bhfuil giarsaí urláir ag lobhadh, cuir cuid nua ina n-áit agus cuir cóireáil thart timpeall orthu le nach scaipeadh an lobhadh.
- Ba cheart urláir nua a chur in áit urlár a d’ardaigh nó a scoilt mura dtéann siad ar ais ag an leibhéal ag a mbídís. Má tá siad ar an leibhéal a bhíodh ann, is féidir leat urlár eile a thógáil anuas orthu. Más gá é sin a dhéanamh, ba cheart galbhacainn a chur isteach eatarthu.
- Is é an bealach is fearr le taise in urlár a sheiceáil ná le méadar. Is é an leibhéal taise sábháilte do bhogadhmad 18%.
Gloine agus Fuinneoga
- Glan na fuinneoga ar fad agus cuir ola ar ghlais agus ar insí le nach gcreimfidh siad.
- Is beag seans go gcuirfeadh tuile isteach ar ghloiniú singil, ach seiceáil bail an phuití, na nglas ar na fuinneoga, etc., chun a chinntiú go bhfuil an fhuinneog slán.
- Ba cheart aonaid déghloinithe a sheiceáil chun a chinntiú nár chreim an tuile an séala ar an imeall. Seiceáil nach bhfuil puiteach agus uisce i log na bhfuinneog agus frámaí dorais. Má tá taise taobh istigh den ghloine, druileáil poill ag barr agus bun an fhráma chun í a dhraenáil. Má tá comhdhlúthú idir na frámaí, teastóidh aonaid nua.
- D’fhéadfadh saisfhuinneoga dul as a riocht agus at i ndiaidh tuilte. Ná brúigh oscailte iad mar go bhféadfá níos mó damáiste a dhéanamh. Ba cheart go laghdódh an t-at tar éis dóibh triomú. Mura laghdaíonn sé go hiomlán fiú nuair atá an t-adhmad go hiomlán tirim, is féidir é a phlánáil le dul isteach sa fhráma arís.
- Más gá saisfhuinneoga a oscailt chun cabhrú leis an teach triomú, bain an feirbeadh agus an tsais oscailte. Is féidir feirbeadh sealadach a scriúáil isteach le go mbeidh an teach níos sábháilte mura bhfuil aon duine sa bhaile.
Adhmad
- Más féidir adhmad a thriomú laistigh de chúpla seachtain, is beag seans go lobhfaidh sé.
- Caithfear ballaí frámaí adhmaid a nochtadh go hiomlán má mhair an tuile níos mó ná cúpla uair an chloig. Chun é sin dhéanamh, ba cheart plástarchlár, scannáin rialaithe gaile agus insliú a bhaint suas go dtí an leibhéal is airde ag a raibh an tuile.
- D’fhéadfadh frámaí fuinneoige adhmaid at agus greamú nuair atá siad fliuch. Iarr ar shaineolaí seiceáil an bhfuil aon lobhadh ann. Is féidir adhmad fliuch a chóireáil le dalláin chaomhnaithe. Nuair a thriomaíonn na frámaí, is féidir iad a athchóiriú.
- D’fhéadfadh staighre adhmaid éirí míshocair agus lag. Seiceáil taca an staighre agus, más gá, treisigh í le teanntóga breise. Daingnigh snáitheanna scaoilte nuair a thriomaíonn an staighre.
- Tógtar doirse dóiteáin le sraitheanna de chumasc dófhriotaíoch a phacáiltear ina láir. Is féidir le tuilte damáiste buan a dhéanamh díobh sin, mar sin ba cheart doirse nua a fháil ina n-áit i gcónaí.
- D’fhéadfadh drochbhail a bheith ar fhrámaí dorais agus cásáil adhmaid atá greamaithe den bhalla i ndiaidh tréimhsí fada triomaithe.
- Má tá níos mó ná 18% taise i mbogadhmad, d’fhéadfadh fungais tosú ag fás.
Maisiú Intí
- D’fhéadfadh clúdaigh bhalla a bhfuil tréscaoilteacht íseal leo, ar nós páipéar balla vinile, péint lonrach agus tíleanna, cur isteach ar an bpróiseas triomaithe. Bain na clúdaigh bhalla ó thaobh amháin ar a laghad de na ballaí inmheánacha chun an próiseas triomaithe a dhéanamh níos tapa.
- D'fhéadfadh landairí cuaillí adhmaid lobhadh mura dtriomaíonn siad i gceart.
- Ná déan aon mhaisiúchán ar feadh trí mhí ar a laghad i ndiaidh do na ballaí triomú agus aon deisiúchán a theastaíonn a chur i gcrích. Má chuirtear péint nó páipéar ar na ballaí róluath, d’fhéadfaidís clogadh, d’fhéadfadh múscán fás orthu, nó d'fhéadfadh an páipéar titim de na ballaí.
- D’fhéadfaí smál a fhágáil ar na ballaí má úsáidtear péint eibleachta. D’fhéadfaí é sin a sheachaint ach péint olabhunaithe nó péint a choisceann smál a úsáid sula n-úsáidtear an phéint eibleachta.
- Más slischlár atá sna haonaid sa chistin, déanfaidh tuilte an-damáiste dóibh. D’fhéadfadh slischlár at, dul as a riocht nó éirí lag. Ní féidir iad a dhíghalrú i gceart agus ba cheart iad a chaitheamh amach. Cuimhnigh ar adhmad ceart nó plaisteach a chur ina n-áit, go háirithe má tá seans ann go dtarlódh tuilte arís amach anseo.
Damáiste Struchtúir
D’fhéadfadh nach bhfeicfí damáiste struchtúir ar feadh roinnt ama i ndiaidh tuile. Seiceáil an teach go rialta agus cinntigh nach bhfeiceann tú na comharthaí seo a thabharfadh leid go raibh fadhb ann:
- Athruithe ar líne nó ar chuma chíor mhullaigh an dín (beidh sé níos éasca é sin a sheiceáil amach ón teach).
- Ballaí ag lúbadh, a aithnítear de bharr scoilteanna cothrománacha nó cuid den bhalla a bhog as ailíniú ingearach.
- Scoilteanna ingearacha nó trasnánacha a léiríonn gur shocraigh ballaí nó bonnra.
- Cuid den teach ag lúbadh nó curtha as áit.
- Sciúradh domhain a fhágann go bhfuil an bhunsraith le feiceáil.
- Aon scoilteanna níos mó ná 5 mm os cionn fuinneog nó doirse.
Má fheiceann tú aon rud mar sin, téigh i dteagmháil le do chuideachta árachais láithreach agus faigh comhairle ó innealtóir struchtúr nó suirbhéir.
Bíonn Oifigigh Rialaithe Foirgníochta i ngach Údarás Áitiúil in ann comhairle agus treoir a thabhairt faoina chinntiú go gcloífidh aon obair a bheartaítear leis na rialacháin tógála.
Ballaí
- Triomóidh ballaí traidisiúnta brící nó coincréite go maith go hiondúil. Cinntigh go bhfuil na brící glan agus oscailte don aeráil.
- Cuir uisce ar bhallaí seachtracha le píobán agus sciúr iad.
- D’fhéadfá púdar bán a bhreathnaíonn saghas cosúil le salann a fheiceáil ag fás ar na ballaí. Stopfaidh sé sin nuair atá an balla go hiomlán tirim agus is féidir é a bhaint le scuab.
- Má theastaíonn uait an próiseas triomaithe a bhrostú, téigh i gcomhairle le tógálaí gairmiúil faoi ghaothairí a chur isteach gach méadar nó mar sin timpeall ar an teach ar fad ar leibhéal an chúrsa taisdíonaigh agus ag barr na gcuas taobh thiar de chumhdach cloiche.
- Iarr comhairle ghairmiúil má cuireadh séaltáin taise ar bhallaí an tí toisc go bhféadfaidís cur isteach ar an bpróiseas triomaithe.
- Bain aon dríodar nó smionagar mór atá ag luí in aghaidh na mballaí mar go mbrúfaidh siad ar an ballaí agus gur cheart iad a bhaint de réir a chéile go cúramach. Má tá ualach ar bhalla taobh istigh agus taobh amuigh, déan iarracht na leibhéil a choinneáil cothrom agus tú á bhaint.
- Iarr ar shaineolaí cuasa ballaí a sheiceáil le cinntiú go bhfuil na ballaí slán. Má tá ballacheangail creimthe, iarr ar shaineolaí cuid nua a chur isteach ina n-áit.
Plástar agus Tirimlíneáil
- Súnn plástar gipsim go leor uisce isteach agus rachaidh sé as a riocht i dtuile. Caithfear obair phlástair nua a chur in áit aon chuid a ndearnadh damáiste di, ach fan go mbeidh tú cinnte go bhfuil deireadh leis an mbogadh scoilteanna agus le deascadh salainn.
- Nuair atá plástar nua á chur isteach, cuimhnigh ar phlástar tancála a úsáid mar go bhfuil sé níos fearr in ann ag tuilte.
- Má tá plástarchlár ann, bain na cláir sciorta. Ansin gearr nó druileáil poill tríd an bplástarchlár nó tirimlíneáil chun aon uisce atá iontu a dhraenáil agus chun cabhrú leis an aeráil.
- Tá sé riachtanach go mbeadh na ballaí go hiomlán tirim taobh istigh sula gcuirtear tús le haon mhaisiúchán.
Insliú
- Caithfear insliú fliuch a bhaint mar nach mbeidh sé éifeachtacht níos mó agus go gcuirfidh sé isteach ar an bpróiseas triomaithe. Beidh insliú nua le cur isteach ina áit.
- Is greannaitheoir é insliú snáithínghloine. Má tá sé le baint, bíodh éadach cosanta ort.
- Má cheapann tú go ndearna an tuile damáiste d’insliú i gcuas balla, iarr comhairle ar shaineolaí sula ndéanann tú iarracht é a bhaint.
Do Theach a Athchóiriú – Seirbhísí
Caithfidh saineolaí seirbhísí an tí a sheiceáil sula gcastar ar siúl arís iad. D’fhéadfadh nach mbeadh an damáiste a rinne tuile le feiceáil go héasca agus go mbeadh sé an-chontúirteach seirbhís a chur ar siúl.
Uisce
- Níor cheart go gcuirfeadh tuile isteach ar uisce ón soláthar príomhlíonra, ach nigh na sconnaí agus cas ar siúl iad ar feadh tamaillín le cinntiú nach bhfuil aon ghlár sa chóras.
- Má cheapann tú gur éilíodh do sholáthar uisce, téigh i dteagmháil le hUisce Éireann agus fiuch uisce ón sconna ar feadh 20 nóiméad ar a laghad sula n-úsáidtear é.
- Seiceáil an phíbobair i do theach le cinntiú nach ndearnadh aon damáiste dó agus seiceáil an t-insliú thart ar an píopaí agus cuir insliú nua isteach más gá.
- D’fhéadfadh gur éilíodh soláthair uisce nach bhfuil ar an bpríomhlíonra, ar nós sistéal nó toibreacha, agus níor cheart iad a úsáid go dtí gur tástáladh iad cúpla babhta le himeacht aimsire. Faigh comhairle ó shaineolaí.
Leictreachas
Seiceálfaidh leictreoir na comhchumair, soicéid asraoin, lasca soilse agus naisc sa tsíleáil le cinntiú nach bhfuil aon uisce iontu. Bíonn sreanga nua-aimseartha go breá tar éis tuile ghearr, ach má bhí do theach faoi uisce ar feadh níos mó ná cúpla uair an chloig, d'fhéadfadh go mbeadh ort sreanga nua a chur isteach ina n-áit.
Cuimhnigh ar na cáblaí a chur ar mhalairt treo le go dtiocfaidh siad anuas ón díon.
Séaraigh
- Is annamh a dhéanann tuilte damáiste do dhraenacha agus séaraigh, ach d’fhéadfaí iad a bhlocáil agus go n-éireoidís tachta. Seiceáil ar tharla sé sin trí na leithris a shruthlú agus na sconnaí a chasadh ar siúl. Tuairiscigh aon bhacadh le hUisce Éireann a luaithe is féidir.
- Más gá séaraigh a dheisiú, cuimhnigh ar ghairis a chuireann cosc ar uisce sreabhadh ar ais a chur isteach.
- Má tá córas séarachais príobháideach agat, cinntigh nach ndearnadh aon damáiste dó a d'fhéadfadh an tsláinte a chur i mbaol. D'fhéadfadh ithreacha báite cur isteach ar an gcaoi a n-oibríonn an córas séarachais. Ná húsáid an córas go dtí go dtráfaidh an tuile.
- Faigh seirbhís ar umair etc. a ndearnadh damáiste dóibh, agus iarr ar shaineolaí cigireacht a dhéanamh orthu a luaithe is féidir.
Gás
D'fhéadfadh uisce agus puiteach dul isteach i gcóras gáis i rith tuilte. Is féidir le conraitheoir cláraithe d’fhearais ar fad a sheiceáil, toisc go bhféadfaidís a bheith contúirteach, fiú má tá an chuma air go bhfuil siad ag obair mar is gnách.
An Gairdín a Athchóiriú
D’fhéadfadh tuilte an-damáiste a dhéanamh do do ghairdín. Seo cúpla leid faoin gcaoi le do ghairdín a chosaint agus a athchóiriú.
Ithir agus teorainneacha
- Má éiríonn ithir báite, d’fhéadfadh na fréamhacha a bheith éadomhain, agus go n-éireodh na plandaí míshocair agus go mbeidís i mbaol má tharlaíonn triomach. Fan go dtriomaíonn an ithir agus ansin bí ag cartadh go domhain (cas an ithir go doimhneacht do láí) chun an fhadhb sin a sheachaint.
- I gcás tuilte sáile, ní féidir dada a dhéanamh ach na plandaí is ansa leat a bhaint, an ithir a níochán díobh agus iad a chur arís i bpotaí.
Glasraí
Caith amach barra a raibh tuile os a gcionn agus lig do na fiailí péacadh chun cabhrú leis an ithir triomú sula gcuireann tú plandaí nua ann.
Locháin
Bíonn beathra uisceach go breá i gcás tuilte fionnuisce go hiondúil, ach is dócha go maródh sáile roinnt díobh. Is é an bealach is fearr leis an lochán a chaomhnú ná eangach a cheangal os a chionn ionas nach n-imeoidh iasc agus plandaí uisceacha le sruth.
Plandaí
- Beidh formhór na bplandaí sa ghairdín go breá tar éis cúpla lá faoi uisce, ach teastóidh ocsaigin ó na fréamhacha. Píceáil na plandaí as an ithir, nigh an glár agus smionagar de na fréamhacha agus duilleoga, agus cuir iad áit éigin eile sa ghairdín atá níos tirime nó i bpota.
- Bearr aon duilleoga, gais nó craobhacha atá donn nó marbh.
- Cuir leasú a scaoiltear go mall san ithir mar gheall ar an cothaithigh a cailleadh.
- Ardaigh plandaí i bpotaí ar bhrící le cabhrú leis an uisce draenáil astu.
Faichí
Ná siúil ar fhaiche atá báite. Fan go mbeidh sí tirim agus aeráil an bharrithir le píce go thart ar 13 cm. Cuir gaineamh nach bhfuil aon aol ann isteach sna poill agus cuir síolta nua áit ar bith nach bhfuil aon fhéar ag fás níos mó.
Ná déan dearmad: B’fhéidir go mbeadh cúnamh ó chomharsana atá níos sine lena ngairdíní a athchóiriú.