English
Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta in 2009. Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.
Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail faofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.
De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú i bpáirt a bhreathnú. Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile. Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.
Léirítear sa tábla thíos liosta de na tionscadail mionoibreacha um a bhfuil maoiniú faofa. Féadfar Bileoga Eolais agus Foirmeacha Iarratais maidir leis an Scéim Mionoibreacha a fháil ar gov.ie
Nuashonraithe: 01/04/2026
| Údaráis Áitiúil | Láthair an Tionscadail | Sonraí an Tionscadail | Maoiniú Faofa | An Bhliain inar Faomhadh |
|---|---|---|---|---|
| South Dublin County Council | Owendoher River | Increase the height of the existing reinforced concrete wing/wall Continue this reinforced concrete retaining wall up the banks of the Owendoher River | 108,000 | 2012 |
| South Dublin County Council | River Poddle | Redesign and installation of three trash screens Works to two restrictive pedestrian bridges Maintenance of riverbank / dredging and widening of River | 250,000 | 2012 |
| South Dublin County Council | Owendoher River | Increase the height of the existing reinforced concrete wing/wall Continue this reinforced concrete retaining wall up the banks of the Owendoher River | 43,650 | 2013 |
| South Dublin County Council | Tallaght / Jobstown Areas | Redesign and replacement of three significant screens on Jobstown Stream, Killinarden Stream / N81 and at the Jobstown Road. Building of a swale and increase of boundary wall height by 500mm at Knockmore Park and Avenue Installation of two new screens and headwalls at the N81 at Deselby Stream maintenance between Hazelgrove Golf and Jobstown Inn | 333,000 | 2012 |