English

Bearta Struchtúrtha

Bearta Struchtúrtha Molta um Fhaoiseamh a Sholáthar

Tabharfar na bearta struchtúrtha ata molta ins na pleananna chun cinn ar leibhéal tionscadail, a chuimsíonn suirbhéanna agus imscrúduithe áitiúla, measúnaithe comhshaoil ar leibhéal tionscadail, dearadh mionsonraithe, tuilleadh plé leis an phobal agus le páirtithe leasmhara, agus Taispeántas Poiblí áitiúil nó cur chun cinn um chead nó deimhniú pleanála.

Ina dhiaidh sin beidh measúnú breise costais agus tairbhe chun a chinntiú go bhfuil an scéim fós indéanta. Más indéanta iad, is ar an OPW agus ar na hÚdaráis Áitiúla a bheidh an cúram iad a sholáthar, mar seo a leanas:

• Mórscéimeanna um Fhaoiseamh Tuile

Is iad seo na bearta molta struchtúrtha, a chosnóidh breis agus €750,000; féadfaidh an OPW iad seo a fheidhmiú, nó a mhaoiniú um fheidhmiú ag an Údarás Áitiúil.

Roinntear soláthar scéimeanna móra nua um fhaoiseamh tuile i ndhá chatagóir um (1) buiséid bhliantúla a chionroinnt de réir spriocanna caiteachais; (2) scéimeanna a sholáthar ar bhonn tosaíochta; agus (3) scéimeanna a sholáthar ar bhealach tráthúil:

  • 5 Scéim Mhór: ar chostas níos mó ná €15m an ceann
  • 82 Scéim Mheánach: ar chostas idir €1m agus €15m an ceann

• Mionscéimeanna um Fhaoiseamh Tuile

Is bearta struchtúrtha atá molta iad seo, a chosnaíonn níos lú ná €1m an ceann, sa chás gur féidir le hÚdaráis Áitiúla an bheart a fheidhmiú le maoiniú ón OPW, de réir a dtosaíochtaí féin. Tá bearta le haghaidh 31 phobal sa chatagóir seo.