English

Naisc chuig Suíomhanna Gréasáin

Tá eolas úsáideach tagartha ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas.


Tugann an suíomh gréasáin seo eolas maidir le ról Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) mar an príomheagras Stáit um chomhordú agus feidhmiú pholasaí an Rialtais ar bhainistiú priacal tuile in Éirinn.


Tugann an suíomh idirlín seo ag an OPW sonraí fíorama ar leibhéil uisce a taifeadadh ag breis agus 400 stáisiún tomhsaireachta hidriméadrach a oibríonn an OPW.


Tugann an suíomh idirlín Hidri-Shonraí rochtain tapa agus éasca ar shonraí hidriméadracha atá bailithe agus próiseálaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le breis agus 70 bliain.



Is tairseach mapaí é seo a thugann eolas spásúil maidir leis an phróiseas pleanála in Éirinn. Tionscnamh é seo ag an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla Éireann.


Is ar an suíomh gréasáin seo atá pleananna an Rialtais um éigeandála móra. Tugann an Oifig Pleanála Éigeandála an t-eolas ar fad atá ar fáil faoi láthair maidir le pleanáil, freagairt agus bainistiú um réimse leathan éigeandála.


Is é seo an suíomh gréasáin ag Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta Éireann.


Is é seo an suíomh gréasáin ag Bord Soláthair an Leictreachais (BSL). Foilsíonn an BSL réamhaisnéis 5-lá ar leibhéil uisce na Sionainne, atá ar fáil anseo .