English

Céard is Sruthchúrsa ann?

Is cainéal nádúrtha nó saorga é sruthchúrsa a bhíonn faoin talamh nó os a cionn, agus trína sreabhann uisce. Samplaí de shruthchúrsaí iad aibhneacha, srutháin, díoga, srutháin muilinn nó tóchair. Is sócmhainní luachmhara iad sruthchúrsaí a thugann soláthairtí riachtanacha uisce dúinn agus a thacaíonn lenár ngnáthóga nádúrtha agus an bhithéagsúlacht, agus a chuireann ar bhealach nach beag lenár dtionscail talmhaíochta, iascaigh agus turasóireachta.

Caithfear sruthchúrsaí a chosaint, a bhainistiú agus a fheabhsú ionas go dtacóidh siad leis na héiceachórais agus na tionscail a bhraitheann orthu anois agus amach anseo. Ach d’fhéadfadh tuilte eascairt as sruthchúrsaí, go háirithe i gcás drochaimsire agus nuair a thiteann go leor báistí, agus d’fhéadfadh sruthchúrsaí atá tachta nó ag cur thar maoil drochthionchair mhóra a imirt ar phobail.

Tá ról tábhachtach ag úinéirí talún i gcinntiú go mbainistítear sruthchúrsaí agus go gcoinnítear an t-uisce iontu ag sreabhadh ionas go laghdaítear an baol tuilte a oiread agus is féidir, fiú nuair atá fíor-dhrochaimsir ann.

Ainmniú Sruthchúrsa: Luachanna agus Sochair

Cad chuige sruthchúrsaí?

  • Bealach sábháilte a thabhairt d’uisce atá ag sreabhadh go nádúrtha
  • An talamh a dhraenáil, idir thalamh talmhaíochta agus talamh uirbeach
  • Uisce a chur ar fáil do bheostoc agus d’úsáidí talmhaíochta eile
  • Na bóithre a dhraenáil
  • Cosaint a thabhairt ar thuilte
  • Cainéil loingseoireachta a sholáthar do bháid agus dobharárthaí eile
  • Áiseanna áitiúla a chur ar fáil – caitheamh aimsire agus oideachas
  • Tacú le bithéagsúlacht: speicis uisceacha, talún agus aeir
  • Ar mhaithe le cuspóirí ornáideacha

Is féidir le sruthchúrsa a choinnítear go maith ról mór a bheith aige in::

  • Cabhrú leis an talamh a choinneáil draenáilte agus tirim
  • Cabhrú le tuilte a chosc toisc gur féidir leis an uisce éalú go héifeachtúil
  • Cabhrú le huisce dromchla a rialú
  • Cabhrú le tuilte i gceantair ar leith a chosc – trí thóchair faoi bhóithre, ag bealaí isteach chuig réadmhaoine, etc.
  • Na feidhmeanna uile ar dearadh an sruthchúrsa lena n-aghaidh a chumasú

Cé atá freagrach as bainistiú sruthchúrsaí?

Is iad na húinéirí talún a bhíonn freagrach trí chéile as bainistiú na sruthchúrsaí ar a dtailte. Sa chás go bhfuil sruthchúrsa ar nós díge, srutháin nó abhann ag rith trí réadmhaoin, nó lena taobh, d’fhéadfadh úinéir na réadmhaoine a bheith freagrach as cothabháil an tsruthchúrsa mar “Bhruachúinéir”. Ach tógadh scéimeanna draenála reachtúla ó 1842 ar 16,000 km de shruthchúrsaí chun draenáil talún talmhaíochta a fheabhsú. Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as na sruthchúrsaí sin a chothabháil i gcás scéimeanna ceantair draenála a rinneadh roimh 1945, agus ón dáta sin ar aghaidh is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) atá freagrach as na scéimeanna draenála artairí a rinne sí.

Tá sruthchúrsa ar mo réadmhaoin nó in aice léi – cé atá freagrach as é a chothabháil?

Más leat an talamh a bhfuil sruthchúrsa in aice léi, os a cionn nó ag dul tríthi, is féidir leat féachaint ar OPW's Drainage Map Viewer, amharcóir léarscáile draenála OPW chun a sheiceáil an bhfuil an sruthchúrsa ina chuid de scéim draenála reachtúla. Más cuid de scéim draenála reachtúla é, is é an t-údarás áitiúil nó OPW atá freagrach as é a chothabháil. Cothabhálann na hÚdaráis Áitiúla na Scéimeanna Ceantair Draenála a thaispeántar le línte dearga agus cothabhálann na OPW na Scéimeanna Ceantair Draenála a thaispeántar le línte gorma. I gcás roinnt uiscebhealaí, d’fhéadfadh údaráis phoiblí eile a bheith freagrach as cuid den chothabháil cainéil, e.g. Uiscebhealaí Éireann as cothabháil na gcainéal loingseoireachta, Uiscebhealach na Bearú, Córas na hÉirne, an Chanáil Mhór, an Bhanna Íochtair, an Chanáil Ríoga, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne agus Uiscebhealach na Sionainne ina measc.

I gcás roinnt uiscebhealaí, d’fhéadfadh údaráis phoiblí eile a bheith freagrach as cuid den chothabháil cainéil, e.g Waterways Ireland Uiscebhealaí Éireann as cothabháil na gcainéal loingseoireachta, Uiscebhealach na Bearú, Córas na hÉirne, an Chanáil Mhór, an Bhanna Íochtair, an Chanáil Ríoga, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne agus Uiscebhealach na Sionainne ina measc.

Mura bhfuil an sruthchúrsa atá ar do thalamh nó in aice léi ina chuid de scéim draenála reachtúla, d’fhéadfadh gur ortsa atá an fhreagracht ghinearálta as bainistiú an tsruthchúrsa mar bhruachúinéir. Sa chás nach leatsa an talamh ar an taobh eile den sruthchúrsa, d’fhéadfadh gur tú an comh-bhruachúinéir i dteannta an úinéara talún ar an taobh eile go dtí lár an tsruthchúrsa, mura bhforáiltear dá mhalairt i ngníomhas teidil do réadmhaoine.

Íomhá ina léirítear sruthchúrsa atá á roinnt ag beirt bhruachúinéirí talún, A agus B.  Mura bhfuil an sruthchúrsa atá ar thalamh bhruachúinéir talún A nó in aice léi ina chuid de scéim draenála reachtúla, d’fhéadfadh gur ar an úinéir talún sin atá an fhreagracht ghinearálta as bainistiú an tsruthchúrsa mar bhruachúinéir. Sa chás nach le húinéir talún A an talamh ar an taobh eile den sruthchúrsa, d’fhéadfadh gur comh-bhruachúinéirí i dteannta a chéile iad úinéir talún A agus úinéir talún B ar an taobh eile den sruthchúrsa go dtí lár an tsruthchúrsa, mura bhforáiltear dá mhalairt i ngníomhas teidil na réadmhaoine.