Céard iad mo chearta mar bhruachúinéir?
- Tá sé de cheart agat do réadmhaoin a chosaint ar thuilte, agus do thalamh ar chreimeadh. Ach ba cheart duit dul i gcomhairle le d’Údarás Áitiúil faoin ngníomh is feiliúnaí agus é a chomhaontú sula ndéantar aon oibreacha cothabhála.
- Cé go bhféadfadh sé go bhfuil sé de cheart agat dul ag iascaireacht i do shruthchúrsa má úsáidtear modh dleathach, tá sé tábhachtach go rachfá i gcomhairle le d’oifigeach áitiúil ó Iascach Intíre Éireann chun do chearta a sheiceáil agus a fháil amach an dteastaíonn ceadúnas iascaireachta.
- Ba cheart d’uisce sreabhadh go dtí do thalamh nó fúithi sa mhéid agus ar an gcáilíocht nádúrtha. Dá bhrí sin, níor cheart uisce a bhaint as sruthchúrsa dá bhféadfadh easpa uisce síos an abhainn eascairt as. Ní fhéadfaidh duine tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ach an oiread a d’fhéadfadh an t-uisce a thruailliú agus a laghdódh cáilíocht nádúrtha an uisce i sruthchúrsa dá bharr.
Céard iad mo fhreagrachtaí mar bhruachúinéir?
Tá siad seo a leanas i measc do chuid freagrachtaí mar bhruachúinéir;
- Ligean don uisce sreabhadh ar aghaidh gan aon bhac, truailliú ná atreorú a ghabhfadh i bhfeidhm ar chearta daoine eile
- An cainéal a bhainistiú ar mhaithe le baol tuilte, agus aird chuí a thabhairt ar riachtanais fiadhúlra agus spás a fhágáil don dúlra.
- Grinneall agus bruacha an tsruthchúrsa a chothabháil (crainn agus toir a fhásann ar na bruacha ina measc), gníomhartha cuí a ghlacadh chun creimeadh na mbruach a chosc, aon smionagar a ghlanadh ón sruthchúrsa, bruscar ina measc, is cuma más ó do thalamh féin é nó nach ea.
- Uisce a chosaint ar thruailliú ó fhoinsí talmhaíochta.
- Gluaiseacht shaoráideach a chothabháil le haghaidh iasc.
- Aon struchtúir ar leat iad a choinneáil glan, ar nós tóchar agus coraí.
- Gan struchtúir nua a thógáil a d’fhéadfadh dul isteach ar an sruthchúrsa nó sreabhadh an uisce a athrú.
An dteastaíonn cead pleanála uaim chun oibreacha a dhéanamh ar shruthchúrsa?
D’fhéadfadh go dteastódh cead pleanála ó obair ar shruthchúrsa, fiú más oibreacha sách beag atá i gceist. Ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil mar sin sula dtosaítear aon obair. Is féidir leis an Rannóg Pleanála i d’Údarás Áitiúil a chur in iúl duit Local Authorityan dteastaíonn cead pleanála agus/nó measúnú comhshaoil i gcás ar leith. Ba cheart a thabhairt faoi deara go dteastaíonn cead pleanála má tá bogaigh níos mó ná 0.1 heicteár le draenáil nó míntíriú. Tá tuilleadh eolais faoi fheirmeoireacht agus bogaigh ar fáil i mbileog Teagasc faoi bhogaigh..
An dteastaíonn aon chead nó toiliú eile?
D’fhéadfadh raon ceadanna agus toilithe eile a bheith ag teastáil ag brath ar an suíomh agus ar an gcineál oibre atá beartaithe. Mar shampla, teastaíonn cead an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara le haghaidh oibreacha draenála talún ar thailte a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta atá níos má ná 15 heicteár. Anuas air sin, d’fhéadfadh go dteastódh toiliú i gcás oibreacha draenála ar thailte ina bhféadfadh an ghníomhaíocht éifeacht mhór a imirt ar láithreán Eorpach (Limistéar Caomhantais Speisialta [SAC] nó Limistéar faoi Chosaint Speisialta [SPA]) nó Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (NHA) (beag beann ar mhéid an limistéir atá i gceist). Is féidir breathnú ar cheantair ainmnithe na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) ar amharcóir ainmniúchán NPWS. NPWS Designations Viewer.
Ba cheart duit dul i dteagmháil le do Shaoiste Caomhnaithe NPWS áitiúil chun comhairle a fháil ina leith sin sula ndéantar aon obair. Tá na sonraí teagmhála ar fáil ar leathanach teagmhála NPWS.
An dteastaíonn toiliú chun droichead, tóchar nó cora a thógáil ar mo thalamh nó chun oibreacha a dhéanamh ar a leithéid?
The consent of the OPW is required to carry out construction/alteration works on bridges and culverts. Teastaíonn toiliú OPW chun oibreacha tógála/athraithe a dhéanamh ar dhroichid agus tóchair. Chuir OPW treoir i dtoll a chéile chun cabhrú leo siúd atá ag cur isteach ar thoiliú chun droichead nó tóchar a thógáil, a athsholáthar nó a athrú. Tá an treoir sin agus tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach eolais OPW faoi thoiliú alt 50.. Caithfidh duine atá ag iarraidh cora a thógáil nó a athrú toiliú a fháil ar dtús ó OPW nó na húinéirí talún ar fad a ngabhfar i bhfeidhm orthu. Ní fhéadfaidh OPW toiliú a thabhairt ach sa chás go gcomhlíonann an t-iarratasóir ceanglais dhiana.