Treoir phraiticiúil a bhaineann le tuilte nó oibreacha éigeandála a dhéanamh
Treoirnótaí Comhshaoil faoi Chothabháil Draenála
- Leagtar amach in Environmental Guidance: Drainage Maintenance & Construction ó OPW sraith dea-chleachtas, agus tá ábharthacht faoi leith ag baint le nós imeachta comhshaoil 7 ina leagtar amach deich gcéim le haghaidh cothabháil cainéil atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
- Chuir Teagasc agus Iascach Intíre Éireann bileog i dtoll a chéile freisin dar teideal Minding our Watercourses.
Iascaigh a Chosaint i rith Tógála
- D’eisigh Iascach Intíre Éireann treoir faoi chosaint iascach i rith oibreacha tógála in uiscí agus in aice le huiscí..
Foraoisí a Chur chun Baol Tuilte a Bhainistiú
- D’fhoilsigh an tSeirbhís Foraoiseachta Forestry Standards Manual 2017 agus The Code of Best Practice – Ireland and the Forest and Water Quality Guidelines Part 1 and Part 2 ina dtugtar treoir ar na bearta is gá dóibh siúd atá ag cur foraoisí a dhéanamh chun an baol tuilte a bhainistiú.
Tuilte
- Tá comhairle phraiticiúil dóibh siúd ar fad a bhféadfadh a n-áit chónaithe nó ghnó a bheith i mbaol ar fáil ar ar an rannóg Pleanáil Ullmhaigh Cosain ar Floodinfo.ie. Tugtar eolas freisin faoi na dreamanna a chabhróidh i gcás tuilte..
Bí Ullamh don Gheimhreadh
- Tá eolas agus comhairle bhreise faoi bheith ullamh don gheimhreadh ar fáil ar Bí Ullamh don Gheimhreadh Be Winter Ready.
Oibreacha Éigeandála i ndiaidh Tuile
- Chuir an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála, i gcomhar le roinnt Ranna Rialtais, treoir le chéile dar teideal Guide to Works and Development Consents for Repairing Infrastructure Damaged in Storms or other Emergency Events.
Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil le haghaidh tuilleadh eolais?
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
www.agriculture.gov.ie
Guthán: 01 607 2000
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
www.housing.gov.ie
Guthán: 1890 202 021
Iascach Intíre Éireann
www.fisheriesireland.ie
Guthán: 0818 34 74 24
Oifig na nOibreacha Poiblí
www.gov.ie/opw/
Guthán: 046 9422000
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
www.npws.ie
Guthán: 01 888 2000