English

Cónaí Gar do Shruthchúrsa

Treoir do Chearta agus Freagrachtaí Úinéirí Talún

Tá an cháipéis treorach seo dírithe ar úinéirí talún nó réadmhaoine atá lonnaithe ar bhruach sruthchúrsa – idir nádúrtha agus saorga. Tugtar bruachúinéirí ar úinéirí talún dá leithéid go minic. Caithfidh úinéirí talún a bheith ar an eolas faoina gcearta agus faoin bhfreagrachtaí i leith na sruthchúrsaí, agus tá cúnamh agus comhairle phraiticiúil ar fáil sa bhileog ar líne seo faoi shruthchúrsaí a bhainistiú.

Séanadh: Tugtar ar aird go bhfuil sé d’aidhm leis an gcáipéis seo treoir agus cúnamh ginearálta a thabhairt do dhaoine atá ag cuimhneamh ar oibreacha draenála agus oibreacha eile a dhéanamh i sruthchúrsaí nó gar dóibh. Ach ní ceart a mheas gur léirmhíniú dlíthiúil é agus ní thugtar liosta iomlán de na cearta agus freagrachtaí ná na toilithe ná ceadanna féideartha a theastaíonn sula ndéantar na hoibreacha sin. Má tú ag cuimhneamh ar aon obair a dhéanamh, go háirithe i láithreán caomhnaithe dúlra nó gar dó, ba cheart duit dul i dteagmháil ar dtús leis na húdaráis reachtúla ábhartha.