English

Teachtaireachtaí Tábhachtacha

Seoladh 2018

Ar an 3 Bealtaine 2018, d’fhoilsigh an tÁire Stáit a bhfuil freagracht speisialta aige le haghaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Faoiseamh Tuile, Kevin ‘Boxer’ Moran, 29 bPlean um Bhainistiú Riosca Tuile chun dul i ngleic le riosca tuile in Éirinn.

D’fhoilsigh an tAire Moran an suíomh nua seo www.floodinfo.ie chun rochtain a sholáthar ar na Pleananna agus na Mapaí atá forbartha ag an OPW agus ar an bhfaisnéis maidir le bainistiú riosca tuile in Éirinn.

Féach ar Phreasráiteas

Féach ar ár mbileog Achoimre


An staidéar is mó riamh ar riosca tuile in Éirinn a chríochnú

In 2012, léirigh an OPW 300 limistéar nó pobal a ceapadh a bheith ar riosca suntasach tuile; is limistéir chósta 90 díobh seo. Tríd an Chlár MBPTA, rinne an OPW an staidéar is mó riamh ar phriacal tuile in Éirinn go dtí seo, agus measúnú mionsonraithe innealtóireachta in gach ceann de na pobail seo. Rinne an staidéar seo measúnú ar 80% de na maoine ar riosca ón phriomhfhoinse tuile in Éirinn agus chuir comhairliúchán poiblí bonn eolais leis seo ag gach staid.

Is iad príomhthorthaí an Chláir MBPTA:

  • 40,000 mapa tuile a léiríonn an riosca tuile do gach pobal mar thaca le cinntí pleanála agus freagartha éigeandála.
  • 29 bPlean um Bainistiú Riosca Tuile, leis an tír iomlán a chlúdach, leis na bearta molta um fhaoiseamh tuile – bunaithe ar chostais, tairbhí agus toscaí comhshaoil – chun aghaidh a thabhairt ar an priacal tuile in gach pobal agus ar fud na tire.

Ag tógáil ar Infheistíocht go dtí seo

Tá an OPW ag soláthar cláir de scéimeanna faoisimh tuile ó 1995, clár a thugann cosaint do na mílte réadmhaoin. Anois tugtar sna Pleananna imlíne ar 118 scéim nua atá molta chun 11,500 réadmhaoin sa bhreis a chosaint agus tugtar an fhianaise chun tosaíocht infheistíochta an Rialtais feasta a threorú áit a bhfuil an tairbhe is mó le fáil as.

Cé go bhfuil scéimeanna struchtúrtha um fhaoiseamh tuile ar fáil le haghaidh phobail ar leith, tairbhíonn bearta eile mar fhreagairt éigeandála agus treoirlínte pleanála gach maoin atá ar phriacal.

Tá nach mór €1bn geallta ag an Rialtas le haghaidh bearta um fhaoiseamh tuile mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.

An tábhacht a bhaineann le Bearta Eile

Cuimsíonn na Pleananna na bearta sin atá molta a fhéadfadh gach maoin faoi riosca a thairbhiú, ar a n-áirítear an réadmhaoin sin nach bhfuil bearta struchtúrtha indéanta iontu ná na pobail sin nár measúnaiodh sa Chlár MBPTA.

Clár Infheistíochta 2018-2027

Tá nach mór €1bn geallta ag an Rialtas le haghaidh bearta um fhaoiseamh tuile mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.

Chuir an OPW 42 scéim faoisimh tuile i gcrích cheana féin atá ag cosaint, in éineacht leis na hoibreacha eile faoisimh tuile ar thug na hÚdaráis Áitiúla fúthu faoina gcláir féin oibreacha, 9,500 réadmhaoin. Tá na scéimeanna seo atá curtha i gcrích ina leas geilleagrach don Stát toisc go raibh damáistí agus caillteanais nár tharla a mheastar ag €1.9 billiún. Tá 8 mórscéim faoi thógáil agus 25 ag céimeanna deartha agus pleanála. Cosnóidh siad seo chomh maith le mórchláir eile oibreacha ag údaráis áitiúla 12,000 réadmhaoin ar an meán.

Ina theannta sin, leanfaidh an OPW ar aghaidh ag soláthar maoiniú Mion-Oibre d'Údaráis Áitiúla maidir le réitigh tuilte áitiúla. Tá beagnach 500 tionscadal curtha ar fáil go dtí seo ag na hÚdaráis Áitiúla, a thugann réitigh áitiúla ar 6,500 réadmhaoin.

Ins na Pleananna Tuile tugtar imlíniú ar 118 scéim nua atá molta chun cosaint a sholáthar ar 11,500 maoin bhreise. Oibreoidh an OPW go dlúth leis na hÚdaráis Áitiúla anois chun tús a chur le feidhmiú an chéid tráinse scéimeanna nua dar tugadh tosaíocht, ar a n-áirítear iad san atá ar bhonn réigiúnach. Cuimsítear sa chéad tráinse seo cúig mhórscéim a chosnóidh breis agus €15 mhilliún an ceann, chomh maith le réimse meánscéimeanna agus scéimeanna níos lú.

Tuairisc ar Pholasaí

Tá tuarascáil ullmhaithe ag an OPW dar teideal “An Polasaí Náisiúnta Riosca i gCás Tuilte a chur i bhFeidhm” chun dul le foilsiú na bPleananna Tuile:

Leagtar amach sa tuarascáil an dóigh a bhfuil polasaí riosca i gcás tuilte á cur i bhfeidhm in Éirinn agus tá achoimre ann ar na bearta atá i bhfeidhm agus molta chun dul i ngleic le riosca tuile in Éirinn.

Breathnaigh ar an Tuarascáíl anseo

Doiciméid Achoimre

Achoimre Náisiúnta

Féach achoimre ar na bearta atá molta do na 300 pobail a ndearnadh measúnú orthu:

Féach ar ár Achoimre anseo