Cúlra leis an gClár um Staidéar chun Dáta ar Thuilte (SDT)
Thiar in 2005, thosaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ar an gClár um Staidéar chun Dáta ar Thuilte, i gcomhréir leis an moladh ó Thuarascáil 2004 de chuid an Ghrúpa Athbhreithnithe ar Bheartas Tuilte inar luadh go bhféadfadh forbairt na modhanna nua nó athchalabraithe measta tuilte in Éirinn feabhas mór a chur le cáilíocht agus cumas an mheasta tuilte chun críocha riosca na dtuilte a bhainistiú.
Is í an OOP atá freagrach as an gClár SDT a shonrú, a sholáthar agus a dhírbhainistiú, le treoraíocht theicniúil arna cur ar fáil ag Grúpa Stiúrtha Teicniúil, atá comhdhéanta d’ionadaithe na bpríomheagraíochtaí stáit / leathstáit atá gafa le hidreolaíocht, faireachán hidirméadrach agus taighde comhbhainteach in Éirinn.
Bhí an chéad fhorbairt SDT comhdhéanta de shé mheitheal, ar féidir teacht ar na mionsonraí díobh thíos.
Tairseach Gréasáin SDT
Thiar in 2014 sheol an OOP Tairseach Gréasáin um Staidéar chun Dáta ar Thuilte (SDT), ar phríomh-aschur ó Chlár Taighde SDT é a tionscnaíodh, a bainistíodh agus a cistíodh ó Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an Tairseach Gréasáin á húsáid le 10 mbliana anuas ag cleachtóirí ó roinnt cúlraí. Mar sin féin, tá tuairim is 20 bliain sonraí nua ginte ó tionscnaíodh an clár. Tá sonraí nua mapála curtha ar fáil, amhail talamhúsáid, cumhdach talún, samhlacha tír-raoin dhigitigh agus líonraí aibhneacha. Rinneadh dul chun cinn teicneolaíochta san acmhainneacht ríomhaireachta agus san anailís gheospásúil. Níos tábhachtaí arís, bhí an timpeallacht óstála ar ar tógadh ailtireacht Thairseach Gréasáin SDT ag éirí sean agus as dáta. Sa chomhthéacs sin, is gá anois Tairseach Gréasáin SDT a ionadú.
Ó seoladh tairseach gréasáin SDT i leith, tá an OOP ag déanamh staidéir go leanúnach ar bhealaí chun modheolaíochtaí SDT a fheabhsú. Tá láithreán gréasáin á fhorbairt ag OOP faoi láthair le sean-Tairseach Gréasáin um Staidéar chun Dáta ar Thuilte a ionadú. Idir an dá linn, táthar tar éis Pacáiste Measta Tuilte (atá comhdhéanta de shraitheanna scarbhileoige agus GIS) a fhorbairt chun cuidiú le húsáideoirí SDT anailís ar mhinice tuilte dá láithreán roghnaithe. Is cúnamh iad na comhaid GIS chun an láithreán inspéise a shuíomh, agus cuireann an scarbhileog ar chumas na n-úsáideoirí anailís ar mhinice tuilte agus forbairt cruthanna hidreagrafacha a dhéanamh.
Thiar in 2022 chríochnaigh OOP athbhreithniú nua ar thomhsairí hidreaméadracha ar fud na hÉireann chun críocha SDT, agus tugadh an cur chuige measta QMED chun dáta ag láithreáin nach bhfuil tomhsairí le fáil iontu. Cé go n-úsáidtear cur chuige grúpála comhthiomsaithe fós chun tosca fáis a mheas le haghaidh láithreáin nach bhfuil tomhsairí le fáil iontu, táthar tar éis an líonra tomhsairí a measadh a bheith oiriúnach chun críocha comhthiomsaithe a leasú freisin. Rinneadh an mhodheolaíocht chun dáta sin a thástáil, agus mheas OOP í a bheith oiriúnach chun meastachán a dhéanamh ar thuilte ag láithreáin nach bhfuil tomhsairí le fáil iontu. Faoi láthair, tá an mhodheolaíocht sin ar fáil i bhfoirm scarbhileoige, agus tugtar scarbhileog SDT uirthi.
Úsáidtear tacar leasaithe tomhsairí sa scarbhileog, agus cuirtear san áireamh ann sonraí sreabha cuntas anuas go dtí an bhliain hidriméadrach 2022. Dá thoradh sin, rinneadh an chothromóid SDT a leasú chun an fhaisnéis fheabhsaithe a léiriú. Tá meastachán ar chuair um fhás dearaidh tugtha chun dáta freisin mar léiriú ar na hathuithe sna sonraí.
Gnéithe den Phacáiste Measta Tuilte
Táthar tar éis an Pacáiste Measta Tuilte, lena n-áirítear uirlis atá bunaithe ar an scarbhileog SDT agus na sraitheanna GIS, a fhorbairt dá úsáid ag hidreolaithe inniúla a bhfuil cur amach acu ar theicnící hidreolaíocha. Éascaíonn an pacáiste do mheastachán a dhéanamh ar shreafaí foircneacha, doimhneacht fhoircneach báistí, agus giniúint na gcruthanna hidreagrafacha ag na nóid feadh na líonraí aibhneacha. Cuirtear tuairisceoirí fisiceacha abhantraí (TFAnna) agus athraithigh hidreolaíochta eile ar fáil leis freisin, i gcás na nóid atá suite ag spásáil 500m feadh líonraí aibhneacha i bPoblacht na hÉireann. Is iad seo a leanas príomhghnéithe an Phacáiste Measta Tuilte:
1. Séanadh maidir le Scarbhileog SDT
Sa séanadh seo tá séanadh OOP maidir le húsáid an Phacáiste Measta Tuilte. Is pacáiste iomlán ann féin é an pacáiste, ar beag is gá sonraí breise a chur leis. Tá an pacáiste measta tuilte ina phacáiste atá beo agus ag athrú, agus deiseanna ann chun é a fheabhsú. Dá bhrí sin, moltar go láidir d’úsáideoirí cloí leis na séantáí sa phacáiste. Moltar d’úsáideoirí freisin aiseolas agus tráchtaí a chur ar fáil, rud a fheabhsóidh feidhmiúlcahtaí na huirlise.
2. Comhad Readme
Leis an gcomhad "Readme", a bheidh i dteannta an Phacáiste Measta Tuilte, tugtar treoir mhionsonraithe ar conas úsáid a bhaint as an scarbhileog Anailís ar Thuilte agus ar a nDoimhneacht, Fad agus Minice agus Hidreagraf a Ghiniúint. Mínítear na céimeanna uile sa téacs a dtreoraítear an t-úsáideoir chuige le tuilleadh cabhrach a fháil.
3. Sraitheanna GIS Measta Tuilte
Tá na sraitheanna GIS Measta Tuilte comhdhéanta de roinnt sraitheanna sonraí spásúla atá mar chúnamh don úsáideoir teacht ar a láithreán inspéise (An Láithreán Ábhair) agus ar na sonraí comhbhainteacha don láithreán sin. Is iad na sraitheanna tábhachtacha iad na haibhneacha agus na sraitheanna nódphointe SDT i measc cinn eile. Taobh istigh den Phacáiste Measta Tuilte, tá comhad tionscadail ar a dtugtar ‘240924 – Flood Estimation GIS Layers.qgz’. Trí dhéchliceáil ar an gcomhad sin, osclaítear na sraitheanna uile go huathoibríoch in QGIS.
Áirítear leis na sraitheanna líonraí aibhneacha, lochanna, stáisiúin SDT a bhfuil tomhsairí le fáil iontu, nódphointí SDT nach bhfuil tomhsairí le fáil iontu, limistéir hidriméadracha, agus formáid eangaí do dhoimhneacht, fad agus minice na báistí. Má chliceáiltear ar nódphointe, tugtar ID, Oirlíne agus Tuaidhlíne agus aon tuairisceoir eile faoin abhantrach fhisiceach.
4. Minice agus Hidreagraf Tuilte – Leasú 4
Is é an "Cumhdach" an chéad táb den uirlis scarbhileoige, mar a ritear an an chuid is mó den anailís. Má iontráiltear ID Nóid den láithreán ábhair ag an gcill a thásctar, cuirfear comhordanáidí an láithreáin agus na PCDanna riachtanacha ann chun tosú ar an anailís. Le tuilleadh sonraí a fháil, faoi conas an scarbhileog a úsáid, déantar tagairt do théacs an chomhaid ‘Readme’.
Áirítear táb breise leis an uirlis freisin, ar a dtugtar an táb Tuairisc. Leis an táb "Tuairisc” taifeadtar torthaí deiridh na hanailíse. Tá sé sin beartaithe le bheith mar aschur ón scarbhileog is féidir le húsáideoirí a áireamh lena tuairiscí measta tuilte féin.
Cuidíonn na sraitheanna GIS linn leis an úsáideoir láithreáin inspéise a leanúint agus a aimsiú. Áirítear leis na sraitheanna líonraí aibhneacha, lochanna, stáisiúin SDT a bhfuil tomhsairí le fáil iontu, nódphointí SDT nach bhfuil tomhsairí le fáil iontu, limistéir hidriméadracha, agus formáid eangaí do dhoimhneacht, fad agus minice na báistí.
250401 - FLOOD ESTIMATION PACKAGE – Rev5
ZIP, 162 MB