English

Bainistiú Priacal Tuile – Achoimre Contae

Cuimsíonn an Tuarascáil Achoimreach Contae ar Bhainistiú Priacal Tuile eolas faoi na réimsí seo a leanas;

  • Mórscéimeanna um Fhaoiseamh Tuile
  • Eolas maidir le “Mionscéimeanna” PBPT faoi threoir na n-Údarás Aitiúil
  • Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta
  • Cothabháil déanta faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945
  • Forbhreathnú ar na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile 2018

Roghnaigh contae chun an t-eolas atá uait a fheiceáil/íoslódáil .

Offaly Achoimre Contae

Mórscéimeanna um Fhaoiseamh Tuile

Go stairiúil, bhí bainistiú priacal tuile dírithe ar dhraenáil artaireach um fheabhsú talmhaíochta. Mar gheall ar an méadú ar phriacal tuile, in 1995 leasaíodh an tAcht um Dhraenáil Artaireach 1945; thug an leasú seo cead d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) scéimeanna áitiúla um fhaoiseamh tuile a fheidhmiú, chun cosaint ó thuilte a chur ar fáil i gcathracha, bailte móra agus sráidbhailte.

Tá roinnt scéimeanna curtha i gcrích ag na hÚdaráis Áitiúla, ag baint feidhm as a gcumhachtaí féin faoin reachtaíocht Pleanála agus Forbartha. Oibríonn OPW i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla cuí nó maoinítear na hÚdaráis Áitiúla go díreach chun oibreacha um fhaoiseamh tuile a dhéanamh.

Scheme Properties Protected Current Status
Tullamore Flood Relief Scheme 100 Scheme Completed 2013
*This information has been extracted from the 2018 Flood Risk Management Plans as more up to date information is not currently available.

“Mionoibreacha” BPT

Eolas maidir le “Mionoibreacha” BPT faoi threoir na n-Údarás Áitiúil (tionscadal ar bith a chosnaíonn suas chuig €1M nó a thugann cosaint ar 10 réadmhaoin nó níos mó)

Scheme Stage/Gateway Properties Protected
Rahan Flood Relief Scheme 4
*This information has been extracted from the 2018 Flood Risk Management Plans as more up to date information is not currently available.

Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta

Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta in 2009. Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.

Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail faofa. Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.

Local Authority Project Location Project Details Approved Funding (€) Year of Approval
Offaly County Council Ballyshane Kinnity Upgrade culvert 54,000 2010
Offaly County Council Newtown to Ballybritt Install 1m pipes & associated works 29,444 2019
Offaly County Council Derrynagun Lamonaghan To construct an earthen embankment to contain flood waters from a channel leading to the River Brosna 8,211 2018
Offaly County Council Ballymooney & Ballyknockan, Geashill Upgrade culvert 90,000 2010
Offaly County Council Portavolla Estate Banagher To construct a clay embankment of approximate height of 1.0-1.2m around the perimeter of the Portavolla Estate to a total length of approximately 470m. Scope of works also includes the diversion of an existing drain from the rear of the houses to outside of the new bund. Facility to over pump during a flood event to be installed 153,000 2016
Offaly County Council Brosna Village Upgrade culverts, ancillary works 54,000 2010
Offaly County Council Moneygall Construct new drain 36,000 2010
Offaly County Council Newtown to Ballybritt Install 1m pipes & associated works 18,888 2019
Offaly County Council Bog Road Portarlington To upgrade roadside drains, replace 3 no culverts at land access points & associated works 132,795 2019
Offaly County Council Fenter Killeigh Works-Install drainage pipe 22,500 2009

Cothabháil déanta faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945

Tá freagracht reachtúil ar OPW clár cothabhála um Dhraenáil Artaireach a reachtáil agus déantar é sin. Baineann na hoibreacha cothabhála seo le scéimeanna um dhraenáil artaireach críochnaithe ag OPW faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945; bá é feabhsú talmhaíochta príomaidhm na scéimeanna sin. Tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as cothabháil ar Cheantair Dhraenála, a críochnaíodh suas chuig 1943.

Faoi Chlár Oibreacha Cothabhála OPW um Dhraenáil Artaireach, tugtar cosaint do 260,000 heicteár (650,000 acra) de thailte talmhaíochta; cuimsíonn sé 11,500km (7,150 míle) de chainéil abhann agus thart faoi 800km (500 míle) de chlaífoirt.

Completed Scheme Scheme Type County(s) Duration of Works Benefitting Area (Acres)
Boyne Major Arterial Drainage Scheme Cavan, Kildare, Louth, Meath, Offaly, Westmeath 1969-1986 119,000
Brosna Major Arterial Drainage Scheme Laois, Offaly, Westmeath 1948-1955 86,200
Carrigahorig Small Arterial Drainage Scheme Offaly, Tipperary 1968-1971 3,800
Nenagh Minor Arterial Drainage Scheme Offaly, Tipperary 1955-1960 6,500

Forbhreathnú ar na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile 2018

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na pobail sa chontae seo atá clúdaithe ag na Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte a seoladh i mí na Bealtaine 2018 agus tugann sé léiriú ar na scéimeanna faoisimh tuilte atá molta sna Pleananna do na pobail seo. Ba chóir a thabhairt faoi deara go soláthraíonn an tábla seo an seasamh ó mhí na Bealtaine 2018 agus d’fhéadfadh stádas roinnt scéimeanna a bheith athraithe ó shin i leith. Léireofar aon athruithe in áit eile san achoimre chontae. Tugtar léiriú ar na scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá molta ins na pleananna le haghaidh na bpobal seo. Maidir le roinnt cásanna, léirítear scéim um fhaoiseamh tuile atá inmharthana go teicniúil; beidh gá le measúnú níos mionsonraithe ar chostais agus sochair chun a chinneadh an bhfuil an scéim atá molta indéanta. Maidir le pobail eile, tá priacal íseal tuile ó aibhneacha agus/nó an fharraige agus níl bearta struchtúrtha um fhaoiseamh tuile molta um an dtaca seo. Déanfar athbhreithniú ar an leibhéal reatha priacail ar bhonn rialta amach anseo, gach ceantar san áireamh. I dteannta le feidhmiú na scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá molta, beidh maoiniú ar fáil ar bhonn leanúnach le haghaidh tionscadail áitiúla faoin Scéim Mionoibreacha. Leagtar amach freisin ins na pleananna na bearta neamhstruchtúrtha sin atá i bhfeidhm nó atá molta, mar shampla Réamhaisnéis Thuile, a théann chun sochair gach pobal agus réadmhaoin atá faoi phriacal. Leanfaidh an Grúpa Idir-Rannach um Chomhordú Pholasaí Tuile lena chuid oibre anois, agus an saibhreas eolais atá ins na Pleananna mar bhonn eolais acu; tabharfar chun cinn moltaí indéanta breise lena gcur faoi bhráid an Rialtais, mar thacú agus mar chabhair ag teaghlaigh agus ag pobail trí bhearta neamhstruchtúrtha um bainistiú agus maolú priacal tuile.

Area Name Existing Scheme in Place Scheme in Construction, Design or Pending New Scheme Proposed in the Plans Potential Scheme subject to further assessment No Scheme Proposed as Community at Low Risk or Scheme Not Viable
Birr
Clara
Daingean
Edenderry & Environs
Pollagh
Rahan
Shannonbridge (Power Station)
Shannon Harbour
Tullamore