English

Ullmhú Mapaí Tuile

Ullmhaíodh mapaí tuartha guaise agus priacal tuile le haghaidh gach LMB, chun an priacal tuile reatha agus dóchúil feasta ins na limistéir sin a léiriú agus a mhapáil.

Ins an obair mhionsonraithe a bhí riachtanach chun na mapaí tuile a ullmhú bhí anailís innealtóireachta ar na córais abhann, inbhir agus limistéir chósta, a chuimsigh hidreolaíocht agus samhaltú mionsonraithe hiodrálach. Fuarthas eolas trí chomhairliúchán forleathan le hionadaithe poiblí, Gníomhaireachtaí Stáit, eagraíochtaí ionadacha, páirtithe leasmhara agus an pobal i gcoitinne.

Rinne an OPW measúnú agus mapáil ar reimsí, guais agus priacal le haghaidh réimse ócáidí tuile, ó mhiontuilte a tharla go minic chuig géarócáidí a tharla go fíorannamh.

Ar na mapaí tuile a tháinig ó Chlár MBPTA an OPW, tá Mapaí Guaise Tuile a chuireann síos ar airíonna gach cás tuartha tuile – mar shampla, an réimse talún ar phriacal tuile, an doimhneacht agus leibhéal tuartha, agus luas ríomtha an uisce tuile.

Cuidíonn Mapaí Guaise Tuile chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair dhóchúla ó thuilte dóchúla amach anseo; léirítear iad ar na Mapaí Guaise Tuile a chuireann síos ar na tionchair seo ar dhaoine, ar an bpobal, ar an eacnamaíocht agus ar an gcomhshaol.

Tugadh mapaí le haghaidh cuid de na LMB chun cinn taobh amuigh den Chlár MBPTA trí thionscadail chomhthreomharacha.

Tá an próiseas mapála tuile tábhachtach mar bhonn eolais chun réitigh indéanta ar phriacal tuile a léiriú agus a fhorbairt, agus freisin mar bhonn eolais ag Údaráis Áitiúla maidir le bainistiú pleanála agus forbartha, agus freisin maidir le pleanáil ag gníomhaireachtaí Stait agus ag daoine aonair um fhreagairt éigeandála ar ócáid tuile.