English

Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile (RMPT)

Chlúdaigh an Clár MBPTA na limistéir sin, i ngach contae, inar cinneadh go raibh priacal dóchúil suntasach tuile, bunaithe ar anailís thosaigh. Léiríodh na limistéir sin, ar a thugtar Limistéir um Measúnú Breise (LMB) trí chéim scóipeála - Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile, riachtanas faoi Threoir ‘Tuilte’ an AE. Cinneadh 300 LMB – is limistéir chósta iad 90 díobh san.

Foilsíodh Príomh-Thuarascáil RMPT Acrobat Logo agus Turascáil Deiridh um Chinneadh LMB in Márta 2012 Acrobat Logo.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach measúnú mionsonraithe ar phriacal tuile é an RMPT. Measúnú leathan a bhí ann, bunaithe ar eolas a bhí ar fáil cheana, chun limistéir a léiriú ina raibh fíorchúis imní maidir le priacal agus tionchar tuilte, a fhéadfadh measúnú breise a éileamh/

Bhain an OPW úsáid as trí fhoinse eolais chun an 300 limistéar seo a chinneadh:

  • Eolas stairiúil ar thuilte a tharla roimhe seo.
  • Comhairliúchan poiblí chun eolas áitiúil agus saineolas ó na hÚdaráis Áitiúla a fháil, chun limistéir ar phriacal tuile agus na tionchair dhóchúla a léiriú.
  • Teicnící innealtóireachta mar anailís ar an díobháil dóchúil ó thuilte.

Ní raibh sé indéanta fadhbanna tuile na tíre ar fad a fhreagairt ins an aon chlár amháin; mar sin thug an OPW tosaíocht do na limistéir ina raibh an priacal agus tionchar dóchúil is mó. Nuair a bhí na limistéir um measúnú breise á gcinneadh, bhreathnaigh an OPW gach cineál tuile – ó aibhneacha, ón fharraige, ó ghéarócáidí báistí agus ó screamhuisce. Bhreathnaigh an OPW freisin tionchair thuilte ar dhaoine, ar mhaoine, ar ghnóthais, ar bhonneagar criticiúil, ar an chomhshaol agus ar oidhreacht chultúrtha.

Déanfar athbhreithniú ar an RMPT in 2018, mar is gá faoi Threoir ‘Tuilte’ an AE.