English

Bearta Neamhstruchtúrtha

Áirítear iad seo a leanas ar bhearta neamhstruchtúrtha:

Beart Stádas Reatha
Bainistiú um Pleanáil agus Forbairt Inbhuanaithe Is gá feidhmiú ceart na dTreoirlínte um an Chóras Pleanála agus Bainistiú Priacal Tuile (RCPRA/OPW, 2009) ag na húdaráis phleanála chun forbairt mhíchuí a sheachaint ins na limistéir ar phriacal tuile, agus mar sin méadú ar phriacal tuile feasta a sheachaint. Tabharfaidh na mapaí tuile ón Chlár MBPTA bonn fianaise níos mó um chinntí inbhuanaithe pleanála.
Córais Inbhuanaithe um Dhraenáil Uirbeach (CIDU) Ag teacht leis na Treoirlínte um an Chóras Pleanála agus Bainistiú Priacal Tuile (RCPRA/OPW, 2009), ba chóir do na húdaráis phleanála féachaint go laghdófaí cruadhromchla agus páváil, agus go n-éileofaí teicnící inbhuanaithe draenála, um thionchar dóchúil forbartha ar phriacal tuile le sruth anuas a laghdú.
Pleanáil um Oiriúnú Tar éis don Chreat Oiriúnaithe um Athrú Aeráide a fhaomhadh (roimh 10 Nollaig 2017), is gá do phríomhearnálacha agus d’Údaráis Áitiúla pleananna oiriúnaithe earnála agus áitiúla a fhorbairt. Uaidh seo beidh gá le plean oiriúnaithe earnála ag an OPW, a chuimsíonn an earnáil um bainistiú priacal tuile. Maidir leis na hearnálacha agus Údaráis Áitiúla eile a léirítear sa Chreat, beidh orthu san aird a thabhairt ar phriacal tuile agus a gcuid pleananna oiriúnaithe earnála agus áitiúla féin á n-ullmhú acu.
Bainistiú Talamhúsáide agus Bainistiú Priacal Nádúrtha Tuile Oibreoidh an OPW leis an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, le hÚdaráis Áitiúla agus le gniomhaireachtaí eile le linn measúnaithe ar leibhéal tionscadail agus níos leithne ar leibhéal abhantraí um bhearta ar bith a léiriú, mar bhearta nádúrtha um choimeád uisce (mar shampla, bogaigh agus coillte a athchóiriú) a thairbheodh an Creat-Treoir Uisce, bainistiú priacal tuile agus bithéagsúlacht.
Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach Tá dualgas reachtúil ar an OPW, faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945 agus Leasú 1995 an Achta sin, na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach agus um Fhaoiseamh Tuile a tógadh faoin na hAchtanna sin a chothabháil.
Ceantair Dhraenála Is ar na hÚdaráis Áitiúla bainteacha atá an dualgas reachtúil maidir le cothabháil a dhéanamh ar an 4,600 km de chainéil abhann a thairbhíonn ó Scéimeanna Cheantair Dhraenála.
Cothabháil Cainéal nach cuid de Scéim iad Taobh amuigh de na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach agus Ceantair Dhraenála, is ar úinéirí talún atá an cúram maidir le cothabháil ar chúrsaí uisce ar a gcuid tailte. Tá treoir faoi chearta agus dualgais úinéirí talún maidir le cothabháil chúrsaí uisce ar a gcuid tailte nó ina gcóngar ar fáil www.flooding.ie .
Réamhaisnéis agus Foláireamh Tuile Ar 5 Eanáir 2016 chinn an Rialtas Seirbhís Náisiúnta um Réamhaisnéis agus Foláireamh Tuile (SNRFT) a bhunú. Pléifidh an seirbhís le réamhaisnéis tuile ó fhoinsí abhann agus cósta; nuair a bheidh sé faoi lán seoil, eiseofar réamhaisnéisí tuile agus foláirimh ghinearálta ar leibhéil náisiúnta agus abhantraí araon. Tá clár cúig bliana aontaithe chun bunú na seribhíse nua seo a mhaoirsiú.
Pleanáil um Fhreagairt Éigeandála Tá doiciméad Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ): Creat agus Struchtúir Náisiúnta á dhréachtadh ag Tascfhórsa an Rialtais um Pleanáil Éigeandála. Beidh caibidil ann faoi Théarnamh, a chuimseoidh moltaí maidir le conas a phléifear le maoiniú um éigeandála amach anseo, agus le maoiniú um théarnamh ach go háirithe.
Díonacht Phobail agus Aonair a Spreagadh Tá an Roinn Tithíochta Pleanála agus Rialtais Áitiúil i mbun taighde maidir le Díonacht Phobail a chur chun cinn mar chuid den athbhreithniú foriomlán ar an Chreat um Bainistiú Mór-Éigeandála.
Cosaint Maoine Aonair Measfar torthaí an dá scéim phíolótach um Chosaint Maoine Aonair (CMA) atá ar bun faoi láthair mar bhonn Eolais ag an Rialtas, maidir le tacaíocht indéanta a fhéadfaí a sholáthar le haghaidh maoine ar phriacal.
Bailiú Sonraí maidir le Tuilte Leanfar le bailiú, agus le foilsiú nuair is cuí, sonraí maidir le tuilte, mar chuidiú leanúnach um ullmhú agus um fhreagairt ar thuilte.
Athlonnú Deonach Tí Cónaithe Faoi chúinsí sa chás is measa, tharlódh go measfadh an sealbhóir nach bhfuil sé indéanta fanacht sa mhaoin atá ar phriacal tuile agus go roghnódh sé athlonnú. Ar 11 Aibreán 2017, d’aontaigh an Rialtais leis na socruithe riaracháin maidir le Scéim aon uaire um Athlonnú Deonach Tí Cónaithe, le haghaidh na bpríomhthithe cónaithe sin a bhí faoi thuile idir 4 Nollaig 2015 agus 13 Eanáir 2016.