Tionchair ar dhaoine agus ar phobail
Féadfaidh gortú, breoiteacht nó bás a theacht as tuilte. Baineann baol ar leith le huiscí tuile atá doimhin, faoi luas srutha nó ag éirí go tapa. Mar shampla, féadfaidh fiú uisce éadoimhin faoi luas srutha 2 mhéadar in aghaidh an tsoicind (m/soic) leanaí agus fiú cuid mhór daoine fásta a bhaint dá gcosa. Is mó an priacal má tá smionagar san uisce. Féadfaidh cuid de na tionchair seo a tharla láithreach, mar shampla báthadh nó gortú mar gheall ar scuabadh chun siúil.
Féadfaidh uisce tuile atá truaillithe le camras nó ábhair dhíobhálacha eile (e.g. ceimicí stórálta i ngaráistí nó maoine tráchtála) a bheith mar chúis bhreoiteachtaí, go díreach mar gheall ar theagmháil leis an uisce thruaillithe nó go hindíreach mar gheall ar dhríodair fhágtha. Orthu san is mó atá ar phriacal tá daoine ina gcónaí i dteach aonstór nó faoi thalamh in íoslach, iad san atá amuigh de chois nó i bhfeithicil, nó daoine atá ag cur futhu i bpuball nó i gcarbhán.
Chomh maith le baol láithreach, féadfaidh strus nó tráma luí go trom ar dhaoine nó ar phobail de dheascadh tuilte nó fiú mar gheall ar bhagairt tuile. Féadfaidh tionchair fhadtéarmacha éirí as galair ainsealacha, an strus a bhaineann le bheith faoi thuile agus an próiseas fada téarnaimh.
Féadfaidh cumas daoine um fhreagairt agus téarnamh ó thuile a athrú ó dhuine go céile. Is iondúil gur lú an cumas chun déileáil le deacrachtaí ag daoine leochaileacha – daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó iad seo faoi bhreoiteacht fadtéarmach. B’fhéidir go mbeadh sé dian ar dhaoine fearais tí a athchur tar éis tuile, nó nach mbeadh an t-airgead acu chun coinníollacha sásúla cónaithe a athchruthú.
Féadfaidh tuilte tionchair a imirt ar phobail chomh maith le daoine aonair, trí sheirbhísí nó bonneagair phobail a chailliúint ar bhonn sealadach nó fada, mar shampla scoileanna, seirbhísí sláinte, ionaid phobail nó áiseanna.