English

Polasaí Tuile

Go stairiúil, bhí bainistiú priacal tuile dírithe ar dhraenáil artaireach um fheabhsú talmhaiochta. Mar gheall ar leathnú na mbailte móra, leasaíodh an tAcht um Dhraenáil Artaireach 1945 in 1995 chun cead a thabhairt don OPW scéimeanna áitiúla um fhaoiseamh tuile a fheidhmiú chun cosaint tuile a sholáthar le haghaidh cathracha, bailte móra agus sráidbhailte.

In 2004, d’fhoilsigh Grúpa Athbhreithnithe Idir-Rannach, faoi threoir ag an Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais le cúram speisialta um an an OPW, athbhreithniú ar pholasaí náisiúnta tuile.

Léirigh Tuarascáil 2004 ón Ghrúpa um Athbhreithniú Pholasaí Tuile an méid seo a leanas:

  • Tá an OPW freagrach as treorú agus comhordú maidir le polasaí náisiúnta um bainistiú priacal tuile a fheidhmiú.
  • Leanfaí le bearta structúrtha (i.e. innealtóireachta) um fhaoiseamh tuile le ról tábhachtach maidir le bainistiú tuile, ach le béim bhreise ar bhearta neamhstructúrtha (e.g. réamhaisnéis tuile, treoirlínte pleanála, etc).
  • Tabharfaidh an OPW clár chun cinn um fheidhmiú moltaí mionsonraithe na tuarascála, le cuidiú ó eagrais eile Stait mar is gá.

Uaidh seo tháinig forbairt agus feidhmiú an Chláir Náisiúnta um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA), a ceapadh chun:

  • Díriú ar bhainistiú priacal tuile, seachas bheith ag brath amháin ar bhearta cosanta tuile dírithe ar thuiliú a laghdú.
  • Glacadh le cur chuige bunaithe ar abhantrach maidir le priacail a mheasúnú agus a bhainistiú i gcomhthéacs abhantraí iomláin.
  • Bheith réamhghníomhach maidir le priacail tuile a mheasúnú agus a bhainistiú, ar a n-áirítear mapaí tuile agus Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile a ullmhú.

Ceapadh an Clár MBPTA freisin chun riachtanais Treoir ‘Tuilte’ 2007 an AE (2007/60/EC), a trasuíodh sa Dlí in Éirinn faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 122 de 2010, mar a leasaíodh ag Ionstraim Reachtúil Uimh. 495 de 2015.

Cuireann an Treoir ‘Tuilte’ de dhualgas ar Bhallstáit Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile a ullmhú, a leagann amach aidhmeanna, gníomhaíochtaí agus bearta molta.