Cosc
Is ar phriacal tuile a sheachaint nó a bhaint as atá bearta um chosc priacal tuile dírithe. Is féidir é seo a dhéanamh, mar shampla, trí thógáil foirgnimh i limistéir atá ar phriacal tuile a sheachaint.
Áirítear ar na bearta seo:
• Bainistiú um Pleanáil agus Fhorbairt Inbhuanaithe
In Samhain 2009, faoi Alt 28 de na hAchtanna Pleanála, foilsíodh na Treoirlínte An Córas Pleanála agus Bainistiú Priacal Tuile a thug an OPW chun cinn i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RCPRA). Tugann na Treoirlínte seo creat córasach agus tréshoilseach chun priacal tuile a bhreathnú ins na próisis um bainistiú pleanála agus forbartha.
• Córais Inbhuanaithe um Dhraenáil Uirbeach (CIDU)
Féadfaidh Córais Inbhuanaithe um Dhraenáil Uirbeach an sruthlú ó fhorbairtí nua chuig córais draenála uisce dromchla a laghdú agus a bhainistiú, chun tionchar ar phriacal tuile le sruth anuas a laghdú, cáilíocht uisce a fheabhsú agus cur le háiseanna áitiúla.
• Athlonnú Deonach Tí
Ins na cásanna is measa, d’fhéadfadh an priacal tuile do theach cónaithe a bheith chomh dona sin go mb’fhéidir go gceapfadh úinéir an tí nach féidir fanacht ann a thuilleadh agus go roghnófaí athlonnú.
• Pleanáil um Oiriúnú
In Nollaig 2012 d’fhoilsigh an Rialtas an Creat Náisiúnta um Oiriúnú d’Athrú Aeráide; leag sé seo dualgas ar Ranna áirithe Rialtais, ar eagrais eile san earnáil phoiblí agus ar Údaráis Áitiúla pleananna earnála agus áitiúla um oiriúnú d’athrú aeráide a ullmhú. Foilseofar Creat Náisiúnta reachtúil um Oiriúnú go luath in 2018, a chuirfidh de dhualgas ar an OPW an Plean Oiriúnaithe Earnála 2015 um Bainistiú Priacal Tuile a athbhreithniú agus a uasdhátú.
• Bainistiú Talamhúsáide agus Bearta Nádúrtha um Bainistiú Priacal Tuile
Brathann sruthlú tuile ar an méid báistí a thiteann san abhantrach agus ar leagan amach na báistí, agus freisin ar chomh tapa is a ritheann an bháisteach ón talamh isteach san uisce. Is féidir iad seo a laghdú trí nósanna talamhúsáide a athrú, agus trí bhearta a fheidhmiú chun coinneáil bháistí a mhéadú, trí chosaint agus/nó athfhliuchadh portach agus bogach agus trí sceacha a phlandáil ar thaobhanna sléibhe.