Cuspóirí
Ba thionscadal píolótach cúig bliana é Clár Suirbhéireachta ar Mhonatóireacht Cósta OPW (CSMC), a reáchtáladh ó 2020 go 2024, leis na cuspóirí seo a leanas:
- Clár rialta suirbhéireachta, i.e. suirbhéanna earraigh, suirbhéanna fómhair agus suirbhéanna tar éis ócáidí suntasacha stoirme, a fheidhmiú in áiteanna roghnaithe cósta chun ár dtuiscint ar athrú cósta ins na limistéir seo a mhéadú.
- Monatóireacht, meas agus léiriú ar athrú cósta, ar a n-áirítear:
- meas ar na rátaí athraithe ar leibhéil dríodair trá agus grinill;
- meas ar na rátaí athraithe ar thoirteanna dríodair trá agus grinnill;
- léiriú ar ghnéithe faoi uisce a fhéadfadh imirt ar phriacal tuile nó creimithe, nó ar phróisis iompair dríodair;
- léiriú agus monatóireacht ar line an chósta, e.g. an line fásra, etc;
- Léiriú agus meas ar athraithe i dtaiscumair nó slogaidí dríodair in aice an chósta.
- Feasú agus tacú le forbairt agus/nó uasdhátú samhlacha uimhríocha um próisis cósta (hidridinimiciúil, taoideach, tonntrach agus/nó iompar dríodair) a fhéadfaí a úsáid chun measú priacail ar shuíomhanna cósta a uasdhátú.
- Feasú agus tacú le pleanáil, dearadh agus tógáil bonneagair nua cósta.
- Cuidiú le measúnú ar fheidhmíocht bonneagair nua cósta.
- Monatóireacht ar rátaí tapaithe chreimeadh cósta a fhéadfadh baint a bheith acu leis an athrú aeráide.
- Taighde nua agus nuálaíocht a spreagadh bunaithe ar an bhfaisnéis ón suirbhéireacht cósta seo.
Tá an OPW ag forbairt clár náisiúnta faireachais ar athrú cósta faoi láthair. Idir an dá linn, leanfar de ghrianghrafadóireacht aeróige agus de shuirbhéanna LiDAR a dhéanamh sna ceantair faireachais a sainaithníodh le haghaidh suirbhéanna bliantúla sa Tionscadal Píolótach CMSP. Féach an rannóg thíos dar teideal Ceantair Faireachais agus Minicíocht na Suirbhéanna chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na ceantair faireachais seo.
English