English

Léarscáiliú Abhann Táscach Náisiúnta (NIFM) - Nótaí Treorach Úsáideora

Ní hiad na léarscáileanna seo an léiriú is fearr is féidir a bhaint amach ar fhairsinge réamh-mheasta tuile, cosúil leo siúd a d’fhéadfaí a ghiniúint trí shamhaltú hiodrálach mionsonraithe, agus níl iontu ach táscaire ar fhairsinge thuartha tuile d’aon dóchúlacht ar leith in aon áit ar leith. Níor chóir iad a úsáid le haghaidh cinnteoireachta áitiúla nó chun aon chríche eile gan fíorú agus comhairle ó ghairmí oiriúnach a lorg.

Úsáid na Léarscáileanna Abhann Táscacha Náisiúnta chun Críocha Pleanála

Ní sholáthraíonn na léarscáileanna ach léiriú ar cheantair a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuile. Ní gá go bhfuil siad cruinn go háitiúil, agus níor cheart iad a úsáid mar an t-aon bhonn chun na Criosanna Tuile a shainiú ná chun cinntí a dhéanamh ar iarratais phleanála.

Is féidir na léarscáileanna a úsáid i gCéim I den Mheasúnacht ar an Riosca Tuile (Riosca Tuile a Shainaithint) chun limistéir a shainaithint ina mbeadh gá le tuilleadh measúnachta má tá forbairt á breithniú laistigh den fhairsinge tuile a thaispeántar ar na léarscáileanna nó in aice leo. Ar an gcaoi chéanna, féadfar na léarscáileanna a úsáid chun a shainaithint an bhféadfadh riosca tuile a bheith ina shaincheist ábhartha agus iarratas pleanála á mheas, nó nuair a dhéantar iarratas féideartha a phlé ag an gcéim réamhphleanála.

Tá cigireachtaí áitiúla ar láithreáin, agus / nó úsáid a bhaint as eolas na foirne a bhfuil cur amach acu ar limistéar ar leith, riachtanach chun a fháil amach an bhfuil na léarscáileanna do limistéar ar leith réasúnta.

Chun críocha criosaithe tuile, nó cinntí a dhéanamh ar iarratais phleanála, moltar go láidir go ndéanfaí Céim II den Mheasúnacht ar an Riosca Tuile (Réamh-Mheasúnacht Riosca Tuile), mar atá leagtha amach sna Treoirlínte (i gcás ina bhfuil moltaí ann maidir le criosú nó forbairt , agus i gcás ina bhféadfadh an limistéar a bheith i mbaol tuile, mar a thuairiscítear thuas).

Na Léarscáileanna Táscacha Abhann Náisiúnta a Thuiscint

Léarscáileanna tuile 'tuarthacha' iad na léarscáileanna seo a thaispeánann ceantair tháscacha faoina bhfuiltear ag tuar go mbeidh siad báite le linn teagmhas teoiriciúil tuile abhann le dóchúlacht mheasta go dtarlóidh teagmhas, seachas faisnéis maidir le tuilte iarbhír a tharla san am atá thart, a chuirtear i láthair, nuair atá siad ar fáil, ar na léarscáileanna tuile ‘roimhe seo'.

Sna léarscáileanna déantar tagairt do dhóchúlachtaí i leith teagmhais tuile i dtéarmaí Dóchúlacht Sáraitheachta Bliantúla céatadánaí, nó ‘AEP’. Léiríonn sé seo an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhas den déine sin in aon bhliain ar leith. Déantar tagairt dóibh go coitianta freisin i dtéarmaí tréimhse athfhillte (e.g. an tuile 100 bliain), cé nach í an tréimhse seo an fad ama a bheidh ann idir na tráthanna a tharlaíonn dhá theagmhas den sórt sin ós rud é go bhféadfadh dhá theagmhas den sórt sin a bheith ann laistigh d’achar gearr ama cé nach dóigh gurb amhlaidh a bheidh an scéal.

I dTábla 1 leagtar amach raon dóchúlachtaí i leith teagmhais tuile a ndéantar léarscáileanna táscacha abhann a fhorbairt ina leith, arna gcur in iúl i dtéarmaí Dóchúlachta Sáraitheachta Bliantúla (AEP), agus sainaithnítear modhanna eile ina gcuirtear na dóchúlachtaí sin in iúl.

Tábla 1 - Dóchúlachtaí i Leith Teagmhais Tuile:

Dóchúlacht Sáraitheachta Bliantúla (%) Seans go dTarlóidh Teagmhas in aon Bhliain ar Leith Tréimhse Athfhillte (Blianta)
5 20 : 1 20
1 100 : 1 100
0.1 1000 : 1 1000

Táirgeadh léarscáileanna táscacha tuile do gach sruthchúrsa atá ar shraitheanna sruthchúrsa an EPA (Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil) ‘WATER_RivNetRoutes’ agus ‘WFD_LakeSegment’, a bhfuil abhantrach níos mó ná 5km 2 acu, agus nár táirgeadh léarscáileanna tuile faoin gClár Náisiúnta CFRAM (Clár Measúnaithe agus Bainistithe Priacail do Limistéar Tuilte); dóibh. Níor táirgeadh léarscáileanna táscacha abhann ach do dhobharcheantair níos mó ná 5km 2 toisc nach bhfuil an mhodheolaíocht measúnachta hidreolaíochta roghnaithe oiriúnach do dhobharcheantair an-bheag. Úsáidfear Léarscáileanna Tuile an Chláir Náisiúnta CFRAM le haghaidh measúnachtaí riosca ar scála náisiúnta cibé áit a bhfuil na léarscáileanna sin ar fáil.

Déantar na sruthchúrsaí ar táirgeadh léarscáileanna táscacha tuile dóibh a léarscáiliú sa tsraith GIS ‘nifm_rcl_02’.

Tá tacar sonraí NIFM curtha in eagar chun forluí leis na tacair sonraí a tháirgtear faoin gClár Náisiúnta CFRAM agus staidéir eile ar thuilte a bhaint. Ba cheart tacar sonraí NIFM a léamh i dteannta le haschuir an Chláir Náisiúnta CFRAM agus staidéir eile, mar a foilsíodh ar www.floodinfo.ie, ag a gcuid foirceann le sruth.

Clár Ábhair

Tá raon cineálacha léarscáileanna tuile ann:

1. Léarscáileanna Fairsinge Tuile

Léiríonn na léarscáileanna seo na fairsingí tuile measta ó na léinseacha abhann sin atá samhaltaithe agus uathu sin amháin. D’fhéadfadh tuile ó léinseacha eile abhann tarlú, ach níor léarscáilíodh iad, agus mar sin d’fhéadfadh ceantair nach léirítear go bhfuil siad laistigh d’fhairsinge tuile a bheith i mbaol tuile ó aibhneacha neamhshamhaltaithe (agus ó cheann de na foinsí tuilithe eile dá dtagraítear thíos freisin).

Tá go leor foinsí eile tuilithe ann, mar shampla taoide, córais draenála uirbeacha fhormhuirearaithe, linnte, screamhuisce nó blocáil struchtúr cosúil le tóchair. Níor léarscáilíodh tuiliú ó na foinsí eile seo, agus mar sin d’fhéadfadh ceantair nach léirítear go bhfuil siad laistigh de mhéid tuile a bheith i mbaol tuilithe ó cheann amháin nó níos mó de na foinsí eile seo.

2. Léarscáileanna Doimhneachta Tuile

Léiríonn siad seo an uasdoimhneacht mheasta tuilithe ag suíomh ar leith, i gcás teagmhas tuile lena ngabhann dóchúlacht ar leith. Ríomhtar doimhneachtaí na tuile trí leibhéil na talún a dhealú ón uisceleibhéal tuartha. Tomhaiseadh leibhéil na talun ag baint úsáid as Radar Cró Shintéisigh Trasnamhéadrach (IfSAR) chun Samhail Dhigiteach den Tír-Raon (DTM) a tháirgeadh, féach Sonraí Teicniúla thíos. Déantar doimhneachtaí na tuile a léarscáiliú mar dhoimhneachtaí leanúnacha thar chearnóga eangaí 5m x 5m ach i ndáiríre féadfaidh doimhneachtaí athrú laistigh de chearnóg ar leith.

Cásanna

Forbraíodh léarscáileanna tuile don chás reatha, agus do dhá chás féideartha amach anseo freisin; an Cás Meán-Raoin Amach Anseo(MRFS) agus an Cás Ard-Leibhéil Amach Anseo (HEFS), ag cur san áireamh na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide.

Glacann an MRFS le méadú 20% ar bhuaicshreabhadh agus glacann an HEFS le méadú 30% ar bhuaicshreafaí os cionn na meastachán reatha ar chásanna.

Sannadh Sonraí Spásúla

Tugtar sonraí spásúla veicteora mar seo a leanas:

crs = Córas Tagartha Comhordanáidí, cód trí dhigit chun an córas comhordaithe agus geoid a léiriú:

  • ing = Irish National Grid (EPSG: 29903) and geoid OSGM02
  • itm = Irish Transverse Mercator (EPSG: 2157) and geoid OSGM02

mc = Cód Samhla, cód dhá dhigit chun an tsamhail aonair a chruthaigh aonán spásúil aonair a léiriú. Murar úsáideadh ach samhail amháin don tionscadal iomlán, cuirfear an uimhir ‘01’ isteach sa réimse saintréithe ábhartha do na gnéithe go léir.

ttt = Cineál Sonraí, i gcás ina n-úsáidfear ceann de na cóid seo a leanas de réir mar is cuí chun na Sonraí Spásúla a shainiú:

  • ext = Flood Extent
  • dep = Flood Depth
  • nod = Flood Nodes
  • lev = Flood Levels

s = Cineál Foinse, úsáidfear ceann de na cóid seo a leanas de réir mar is iomchuí chun an fhoinse tuilithe a léirítear sna Sonraí Spásúla a shainiú:

  • f = Fluvial

c = Cás, i gcás ina n-úsáidfear ceann de na cóid seo a leanas de réir mar is iomchuí chun an cás don tuiliú a léirítear sna Sonraí Spásúla a shainiú:

  • c = Current
  • m = Mid-Range Future Scenario
  • h = High End Future Scenario

r = Cineál Reatha, i gcás ina n-úsáidfear ceann de na cóid seo a leanas de réir mar is iomchuí chun cineál na reatha a úsáidtear chun an tuiliú a léirítear sna Sonraí Spásúla a ghiniúint:

  • c = Calibration Run
  • v = Validation Run
  • d = Design Run
  • s = Sensitivity Run
  • p = Pilot Run
  • z = Other run type

pppp = Tá dóchúlacht, tréimhse athfhillte le cur in iúl mar charachtar uimhriúil ceithre dhigit. I gcás nach ceithre dhigit an tréimhse athfhillte, caithfear í a léiriú mar sin tríd nialas (nialais) a chur roimh an luach. Sampla:

Tréimhse Athfhillte 2yr 5yr 10yr 20yr 50yr 100yr 200yr 1000yr
pppp 0002 0005 0010 0020 0050 0100 0200 1000

a = Stádas, i gcás ina n-úsáidfear ceann de na cóid seo a leanas chun cur síos a dhéanamh ar stádas an chomhaid:

  • f = Final
  • d = Internal Draft
  • c = External Draft (for circulation for comment)

rn = Uimhir Athbhreithnithe, Seo uimhir athbhreithnithe dhá dhigit i.e. 01, 02 etc.

Cruinneas

Tugann na Léarscáileanna Táscacha Abhann Náisiúnta léargas ar cheantair a d’fhéadfadh a bheith i mbaol a dtuilithe le linn tuile lena ngabhann dóchúlacht mheasta go dtarlóidh sé. Mar a shonraítear sna Sonraí Teicniúla, rinneadh roinnt toimhdí d’fhonn tacar sonraí a tháirgeadh a bheadh oiriúnach do mheasúnachtaí ar an riosca tuile ar leibhéal náisiúnta.

Ní hiad na Léarscáileanna Táscacha Náisiúnta an léiriú is fearr is féidir a bhaint amach maidir le fairsinge tuile agus níl siad chomh cruinn leis na Léarscáileanna Tuile a tháirgtear faoin gClár Náisiúnta um Mheasúnacht agus Bainistíocht ar an Riosca Tuile i nDobharcheantar (CFRAM).

Níor cheart na léarscáileanna a úsáid chun an riosca tuile a bhaineann le háitribh aonair a mheas nó le láithreacha a tabhairt chun suntais, nó chun ionad measúnachta mionsonraithe ar an riosca tuile atá sainiúil don láithreán a ghlacadh.

Dáta an Ullmhúcháin

Tugadh na léarscáileanna táscacha tuile abhann chun críche i mí na Nollag 2020.

Údaráis Fhreagracha

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), mar an phríomhghníomhaireacht do bhainistíocht riosca tuile in Éirinn, an t-údarás atá freagrach as na léarscáileanna táscacha tuile abhann a thaispeántar anseo a fhoilsiú.

Léarscáiliú Tuile – Sonraí Teicniúla

Tá achoimre thíos ar an bpróiseas teicniúil chun na léarscáileanna táscacha tuile abhann a fhorbairt.

Dóchúlachtaí tuile nó tréimhsí athfhillte a Shainaithint, a Mheas nó a Ríomh

Tagraíonn na léarscáileanna do dhóchúlachtaí i leith teagmhais tuile i dtéarmaí Dóchúlachta Sáraitheachta Bliantúla (AEP) céatadánaí. Léiríonn sé seo an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhas den déine seo in aon bhliain ar leith. Tagraítear go coitianta do na dóchúlachtaí seo freisin i dtéarmaí tréimhse athfhillte (e.g., an tuile 100 bliain), cé nach í an tréimhse seo an fad ama a bheidh ann idir na tráthanna a tharlaíonn dhá theagmhas den sórt sin ós rud é go bhféadfadh dhá theagmhas den sórt sin a bheith ann laistigh d’achar gearr ama cé nach dóigh gurb amhlaidh a bheidh an scéal.

Táirgtear na léarscáileanna táscacha tuile abhann don teagmhas tuile 0.1% AEP, don teagmhas tuile 1% AEP agus don teagmhas tuile 5% AEP.

Fairsinge an Tuilithe a Shainaithint, a Mheas nó a Ríomh

Léiríonn na léarscáileanna fairisinge tuile an uasfhairsinge mheasta tuilithe (faoi réir teorainneacha dá dtagraítear anseo) i leith teagmhais tuile ar leith agus d’fhéadfadh tuiliú i gceantair áirithe, mar shampla gar d’imeall an limistéir faoi uisce, a bheith an-éadomhain.

Forbraíodh na léarscáileanna táscacha tuile abhann ag baint úsáide as samhaltú hidridinimiciúil, bunaithe ar shreafaí abhann deartha ríofa, Samhla Digiteacha Tír-Raoin, agus tacair sonraí ábhartha eile (e.g. talamhúsáid, sonraí faoi thuilte roimhe seo, etc.).

Tugtar achoimre ar an bpróiseas thíos.

Anailís hidreolaíoch

  1. Bain na sonraí ábhartha maidir le Tuairisceoir Dobharcheantair Fhisiciúil (PCD) do gach nód Nuashonraithe Staidéar Tuile (FSU) sa limistéar staidéir.
  2. Ó na sonraí seo, d’fhéadfaí an sreabhadh tuile innéacs (Qmed) a mheas ag gach láthair.
  3. Díorthaíodh cuair fáis ansin ionas go bhféadfaí an buaicshreabhadh don AEP riachtanach a mheas.
  4. Faoi dheireadh, d’fhéadfaí cruth iomlán an hidreagraif tuile a shainiú.
Céim 1 PCDanna a Bhaint

Baineadh na nóid FSU go léir do shruthchúrsaí a chumhdaítear leis an Léarscáiliú Abhaann Táscach Náisiúnta ó thacar sonraí GIS a tiomsaíodh go náisiúnta. Réitíodh na nóid ansin leis na haibhneacha chun tagairt líneach a bhunú idir an dá thacar sonraí, agus chun nóid a thaifead dobharcheantar suas an sruth níos lú ná 5 km2 a bhaint.

Céim 2 Meastachán ar an sreabhadh tuile innéacs

Measadh an tuile innéacs Qmed ón PCD ag úsáid na cothromóide 7-athraitheacha de réir Pacáiste Oibre Nuashonraithe Staidéar Tuile 2.3, Cothromóid 3.1:

Qmed = 1.237x10-5AREA0.937BFIsoil-0.922SAAR1.306FARL2.217DRAIND0.341S10850.185(1 + ARTDRAIN2)0.408

Coigeartaíodh an meastachán neamhthomhaiste ar Qmed ansin trí úsáid a bhaint cur chuige a tsuímh lárnaigh. Roghnaíodh suíomhanna lárnacha mar an tomhsaire le sruth is gaire ar an abhainn chéanna; sna himthosca nach bhfuil aon tomhsaire le sruth ann, úsáideadh an tomhsaire is gaire.

Céim 3 Meastachán ar an gcuar fáis tuile

Forbraíodh tacar amháin de chuair fáis in aghaidh an Limistéir Hidriméadrachta (HA). Díorthaíodh na cuair fáis uathu siúd a úsáideadh don Chlár Náisiúnta CFRAM agus scálaíodh chun cuntas a thabhairt ar na blianta breise sonraí hidriméadracha atá ar fáil ó cuireadh i gcrích iad.

Céim 4 Díorthú an hidreagraif tuile

Díorthaíodh cruth na hidreagraf tuile ag úsáid cothromóidí FSU bunaithe ar anailís ar chulchéimniú ar na sonraí doirte abhann agus PCDanna na stáisiún tomhsaire.

Samhaltú hiodrálach

Rinneadh samhaltú hiodrálacha do gach sruthchúrsa ábhair le dobharcheantar in aghaidh srutha níos mó ná 5 km2. Baineadh úsáid as InfoWorks ICM don tasc samhaltaithe hiodrálaigh.

Is samhlacha mogalra neamhrialta ardtaifigh 2D iad na samhlacha go léir do chainéal agus tuilemhá na habhann.

Níor úsáideadh suirbhéanna trasghearrthacha chun toisí cainéil agus struchtúir abhann laistigh den tsamhail 2D a shainiú. Leirítear cainéil sa tsamhail 2D trí ghlacadh leis go bhfuil a n-acmhainneacht chainéil comhionann le meastachán Qmed. Mionathraíodh an gaol idir Qmed agus acmhainneacht chainéil de réir Tábla 2 nuair is iomchuí, bunaithe ar shaintréithe cainéil nó dobharcheantair.

Tábla 2 - Acmhainneacht mheasta na gcainéal

Cineál Cainéil Acmhainneacht Chainéil mar % de Qmed
Limistéar tuaithe - fána éadomhain 100%
Limistéar tuaithe - fána mheasartha 80%
Limistéar tuaithe - fána ghéar 80%
Ceantair uirbeacha 100%
Draenáil Artaireach 135% - 190%

In anailís ar acmhainneacht chainéil i gcoinne Qmed ag láithreáin thomhaiste i gceantair uirbeacha fuarthas amach gurb é 170% Qmed an mheánacmhainneacht chainéil do láithreáin uirbeacha, ach tá scaipeadh mór sna sonraí. Toisc nár léirigh na sonraí méadú comhsheasmhach ar acmhainneacht i gceantair uirbeacha, glacadh le meastachán coimeádach ar acmhainneacht chainéil arb ionann é agus Qmed. Meastar gurb iad na torthaí do na torthaí don chás 5% AEP is mó a mbeadh tionchar acu, agus níos lú tionchair ar thorthaí 0.1% AEP.

Rinneadh anailís chun toimhdí oiriúnacha a chinneadh maidir le hacmhainneacht chainéil Draenála Artairí éagsúla. Áiríodh san anailís seo athbhreithniú ar:

  • Líníochtaí dearaidh na Scéime Draenála Artairí lena dtaispeántar gearradh fada agus trasghearradh;
  • Treoir dearaidh Draenála Artairí ag cur síos ar na cuspóirí, na sonraí a theastaíonn, caighdeáin dearaidh, agus an próiseas dearaidh;
  • Treoir ó Innealtóirí OOP;
  • Tuarascáil Price Water House Cooper (1999) ar Thomhas ar Thoradh ar Infheistíocht, Clár Cothabhála Draenála Artairí, Oifig na hOibre Poiblí;
  • Sonraí LiDAR i limistéir a bhfuil cainéil Draenála Artaireach acu

Tá na toimhdí a rinneadh mar thoradh air maidir le hacmhainneacht chainéil Draenála Artairí le haghaidh sreafa leagtha amach i dTábla 3.

Table 3 Estimated capacity of Arterial Drainage channels by Hydrometric Area

Tábla 3 Acmhainn mheasta na gcainéal Draenála Artaireach de réir Limistéar Hidriméadrach

Limistéar Hidriméadrach (HA) Ord Sruthanna (SO) Acmhainneacht Chainéil mar % de Qmed
3,6,7,8,and 9 SO-1 and SO–2 190%
23 and 24 SO-1 170%
All remaining HA All SO 135%

Is chun críche an NIFM amháin a dhéantar toimhdí maidir le hacmhainneacht chainéil le haghaidh sreafa agus níor cheart iad a úsáid chun aon chríocha eile.

Measadh luachanna gairbhe n Manning do gach catagóir talamhúsáide i dtacar sonraí clúdach talún CORINE. Cuireadh n Manning méadaithe i bhfeidhm ag droichid aitheanta chun tionchar an insreafa ar na struchtúir seo a ionsamhlú.

Bhí teorainn le sruth gach samhla bunaithe ar shonraí ó cheann amháin de thrí fhoinse:

  • Leibhéal na farraige ag teorainn chósta
  • Uisceleibhéal ó shamhail hiodrálach an Chláir Náisiúnta CFRAM
  • Uisceleibhéal ón tsamhail NIFM le sruth

Sonraí Topagrafacha

Úsáidtear Samhail Dhigiteach den Tír-Raon (DTM) chun na léarscáileanna a ghiniúint. Díorthaítear an DTM ó theicnící suirbhéireachta ar eite. Baineadh úsáid as sonraí Radar Cró Shintéisigh Trasnamhéadrach (IfSAR) chun an DTM a dhíorthú, a bhfuil Coibhéis fhréamh mheán na gcearnóg ingearach agus chothrománach aige (RMSE) de ghnáth níos lú ná 0.7m, agus scála greille de 5m.

Is samhail ‘chré lom’ é an DTM de dhromchla na talún agus tá an chuid is mó de na gnéithe tírdhreacha nádúrtha agus de dhéantús an duine amhail fásra, foirgnimh agus droichid bainte go digiteach.

Staidéar Píolótach

Forbraíodh agus tástáladh an mhodheolaíocht hidreolaíoch agus hiodrálach ghlactha in dhá Limistéar Hidriméadracha phíolótacha (HA), HA 18 agus HA 26. Táirgeadh léarscáileanna táscacha tuile sa staidéar píolótach do cheantair a léarscáilíodh roimhe seo faoin gClár Náisiúnta CFRAM. Ar an gcaoi seo bhíothas in ann na léarscáileanna táscacha tuile a chur i gcomparáid leis na haschuir níos cruinne ón gClár Náisiúnta CFRAM do na ceantair staidéir phíolótacha. Baineadh úsáid as beart ‘F staidrimh’ chun comparáid a dhéanamh idir an dá aschur léarscáilíochta, áit a bhfuil F = Líon na gceall atá fliuch sa tsamhail AGUS sa líon breathnaithe / líon na ceall atá fliuch sa tsamhail NÓ sa líon breathnaithe.

Oireann F = 100% go paiteanta sa chás go bhfuil na cealla fliucha go léir mar an gcéanna i ngach tacar sonraí, ciallaíonn F = 0% nach bhfuil aon cheann de na cealla fliucha mar an gcéanna. Seo a leanas toradh na measúnachta seo do gach HA píolótach:

HA 18: F-staitistic = comhoiriúnú 85.5% idir NIFM agus CFRAM

HA 26: F-staitistic = comhoiriúnú 73.3% idir NIFM agus CFRAM

Fíoraíodh léarscáilíochtl NIFM freisin i gcoinne teagmhais stairiúla tuile agus léarscáileanna ‘Talamh is Tairbhí’.

Doimhneacht a Shainaithint, a Mheasúnú nó a Ríomh

Léiríonn na léarscáileanna táscacha abhann doimhneacht mheasta an tuilithe in áit ar leith, i gcás teagmhais tuile lena ngabhann dóchúlacht ar leith. Ríomhtar doimhneachtaí na tuile trí leibhéil talún DTM a dhealú ón uisceleibhéal tuartha. Déantar doimhneacht na tuile a léarscáiliú mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille 5m, ach i ndáiríre féadfaidh doimhneachtaí athrú laistigh de chearnóg ar leith.

Updated: 8th June 2021

Print Page