English

Eolas Bainistiú Priacal Tuile

Tuiliú agus Priacal Tuile

Tuiliú

Sé is tuiliú ann ná clúdach sealadach uisce ar thalamh nach clúdaítear faoi uisce de ghnáth; is próiseas nádúrtha é a fhéadfadh a tharla am ar bith in iliomad áiteanna.

Féadfaidh tuiliú a tharla ar iliomad cúiseanna, iontu féin nó i dteannta a chéile, ar a n-áirítear:

  • Tuiliú cósta (ón fharraige nó ó inbhir)
  • Tuiliú abhann (ó aibhneacha nó ó shrutháin)
  • Tuiliú báistí (ó bháisteach trom nó ó shruthlú talún)
  • Tuiliú screamhuisce (go hiondúil ó Thurlaigh in Éirinn)
  • Foinsí eile (mar lintéir nó píopaí atá plódaithe)
Léigh Tuilleadh

Priacal Tuile

Sé is Priacal tuile ann ná an díobháil is dóichí a tharlóidh ag áit ar leith mar gheall ar thuiliú. Cuimsíonn sé an dóchúlacht tuile, méid na tuile agus na tionchair nó an díobháil a eascrann ón tuiliú.

Féadfaidh tuiliú díobháil, caillteanas nó dochar a dhéanamh ar iliomad bealach, ar a n-áirítear:

  • Tionchair ar dhaoine agus ar an phobal (ar a n-áirítear gortú coirp, breoiteacht, strus agus fiú bás)
  • Díobháil maoine (mar theaghlaigh agus gnóthais)
  • Díobháil agus caillteanas ar bhonneagar criticiúil (mar sholáthar uisce agus bóithre)
  • Tionchair ar an chomhshaoil (mar dhíobháil nó truailliú gnáthóga)
  • Díobháil ar ár n-oidhreacht chultúrtha (mar shéadchomharthaí agus foirgnimh stairiúla)
Léigh Tuilleadh

Bainistiú Priacal Tuile

Polasaí

Is ar an OPW atá an freagracht feidhmiú an Pholasaí Náisiúnta Tuile a threorú agus a chomhordú, trí chlár pleanáilte oibreacha indéanta a fhorbairt, le béim níos mó ar bhearta neamhstruchtúrtha um bainistiú priacal tuile.

Léigh Tuilleadh

Feidhmiú

Cuireann an OPW an ról seo chun cinn trí pholasaí agus bearta um bainistiú priacal tuile a fheidhmiú ins na réimsí straitéiseacha seo a leanas:

  • Cosc
  • Cosaint
  • Ullmhacht
Léigh Tuilleadh

An Clár Náisiúnta MBPTA

Rinne an OPW an Clár Náisiúnta um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) chun léiriú cruinn cuimsitheach a thabhairt ar phriacal tuile ins na limistéir faoi phriacal dóchúil suntasach tuile agus chun a leagan amach conas an priacal tuile a bhainistiú ar bhonn éifeachtach inbhuanaithe.

Dhírigh an Clár ar 300 pobal ar phriacal dóchúil suntasach tuile, ar a thugtar Limistéir um Measúnú Breise (LMB). Léiríodh iad seo trí chlár náisiúnta scagtha agus cuimsíonn said thart faoi 80% de mhaoine atá ar phriacal in Éirinn ó aibhneacha nó ó fharraigí, na príomhfhoinsí tuile in Éirinn. Ba limistéir chósta 90 díobh seo.

Cinneadh sé limistéar staidéir MBPTA (a chuimsigh 29 nAbhantrach) faoin Chlár Náisiúnta MBPTA. Bhí an OPW ag plé leis an Ghníomhaireacht Aibhneacha I dTuaisceart Éireann maidir leis na haibhneacha sin a ghabhann trasna na teorann.

Bhí trí phríomhchéim sa phróiseas chun an Clár MBPTA a fhorbairt agus uaidh sin tháinig 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile:

2012 Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile (RMPT)

Clár náisiúnta scagtha a bhí anseo, bunaithe ar eolas a bhí ar fáil agus ag cur san áireamh foinsí uile priacal tuile, chun an Clár MBPTA a scóipeáil agus limistéir ar phriacal dóchuil suntasach tuile a léiriú. Tugtar Limistéir um Measúnú Breise (LMB) orthu seo agus cuimsíonn siad 300 pobal.

Léigh Tuilleadh
2015 Mapaí Tuile a Ullmhú

I gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla, agus le cuidiú ó chomhairleoirí innealtóireachta, rinne an OPW anailís forleathan mionsonraithe chun an priacal tuile ins na LMB a mheasúnú agus a mhapáil. Bhí comhairliúchán poiblí mar bhonn eolais leis seo, ar a n-áirítear comhairliúchán reachtúil in Samhain 2015.

Léigh Tuilleadh
2017 Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile a Ullmhú

Ins an 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile, leagtar amach na bearta atá molta, idir struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha, chun an priacal tuile i ngach ceann den 300 LMB a bhainistiú. Foilsíodh Dréacht-Phleananna in 2016 um chomhairliúchán poiblí, a bhí mar bhonn eolais ag na Pleananna deiridh a faomhadh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Léigh Tuilleadh

Is é an Clár MBPTA an príomhghléas chun gealltanais na hÉireann a chomhlíonadh faoi Threoir Tuilte an AE (2007/60/EC). Éilíonn Treoir ‘Tuilte’ an AE ar na Ballstáit an RMPT, na mapaí tuile agus na Pleananna a athbhreithniú de reir bhabhta sé bliana.

Bearta um Bainistiú Priacal Tuile a Sholáthar

Tá tiomantas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 beagnach €1 billiún de mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh scéimeanna um fhaoiseamh tuile, agus dúblófar maoiniú bliantúil Caipitil le haghaidh faoisimh tuile don OPW go €100m faoi 2021.

Is ar réimse Eagras Stáit atá an fhreagracht as an sraith iomlán céimeanna, idir struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha, atá ins an 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile a fheidhmiú.

Is ar réimse Eagras Stáit atá an fhreagracht as an sraith iomlán bearta, idir struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha, atá ins an 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile a fheidhmiú.

Bearta Struchtúrtha

Maidir leis na bearta nua um fhaoiseamh tuile atá molta ins na Pleananna, tógfar ar an infheistíocht suntasach a tharla cheana féin ó 1995 anuas agus tarlóidh sé i gcomhthreo le scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá cheana féin faoi dhearadh nó faoi thógáil. Déanfaidh na scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá críochnaithe, chomh maith leo san atá ar bun agus iad san atá molta anois, cosaint ar thart faoi 8 as 10 maoin atá ar phriacal in Éirinn.

Léigh Tuilleadh

Bearta Neamhstruchtúrtha

Féádfaidh bearta neamhstruchtúrtha gach maoin atá ar phriacal a thairbhiú. Tá tábhacht ar leith leis seo maidir leis an 5% de thithe a léiríodh ar phriacal taobh istigh den 300 LMB inar cinneadh nach raibh cosaintí struchtúrtha indéanta. Freisin, féadfaidh bearta neamhstruchtúrtha maoine a thairbhiú ins an 20% de limistéir nár measúnaíodh ins an Chlár MBPTA.

Os rud é gur gá cur chuige lán-Rialtais chun bainistiú priacal tuile a thacú, tá tionscnaimh pholasaí ar bhonn earnála dá gcomhordú tríd an Ghrúpa Idir-Rannach um Chomhordú Pholasaí Tuile.

Léigh Tuilleadh