English

Fáilte chuig FloodInfo.ie



Tairseach náisiúnta an OPW um eolas faoi thuilte, a thugann eolas dírithe ar shuíomhanna maidir le priacal tuile agus bainistiú tuile.

Bainistiú Priacal Tuile

Is é Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an phríomhghníomhaireacht um bainistiú priacal tuile in Éirinn. Ó 1995 anuas tá infheistíocht déanta againn ar scéimeanna faoisimh tuile chun pobail a chosaint.

Tá staidéar agus measúnú déanta anois ag an OPW ar phriacal tuile in Éirinn. Dhíríomar ar limistéir atá ar phriacal suntasach ar fud na tíre, thar 300 pobal.

Chruthaíomar Mapaí Tuile chun léiriú a dhéanamh ar phriacal reatha agus dóchúil tuile. Leagtar amach ins na Pleananna Tuile conas a dhéanfar an priacal tuile sin a bhainistiú trí infheistíocht i scéimeanna faoisimh tuile agus bearta eile pholasaí.

Léigh Tuilleadh

Pleananna Tuile

Sonraíonn na Pleananna Tuile an priacal tuile agus na bearta indéanta molta um bainistiú priacal tuile le haghaidh 300 limistéar atá ar phriacal suntasach tuile ar fud na tíre.

Tá Pleananna Tuile ar leith ullmhaithe le haghaidh gach ceann den 29 nAbhantrach a chuimsíonn an 300 pobal.

Leagtar amach ins na Pleananna seo an bealach ar aghaidh maidir le cinntí infheistíochta agus polasaí don 5-10 mbliana atá romhainn amach.

Leis an amharcóir Pleananna Tuile féadfaidh úsáideoirí na bearta atá in áit agus molta le haghaidh áiteanna ar fud na tíre a fheiceáil.

Léigh Tuilleadh

Mapaí Tuile

Tugann na Mapaí Tuile léiriú mionsonraithe ar phriacal tuile le haghaidh réimse cásanna ócáide tuile ar a n-áirítear athrú aeráide.

Bhí na Mapaí Tuile mar bhonn eolais chun na Pleananna Tuile agus na bearta atá molta le feidhmiú a fhorbairt.

Tacaíonn na Mapaí Tuile le pleanáil agus freagairt éigeandála agus tugann siad deis d’úinéirí maoine ullmhú a dhéanamh le haghaidh ócáidí dóchúla tuile.

Leis an amharcóir Mapaí Tuile féádfaidh úsáideoirí réimse mapaí le haghaidh áiteanna ar leith agus eolas faoi ócáidí tuile roimhe seo a fheiceáil.

Léigh Tuilleadh

Draenáil

Tá an OPW freagrach as thart faoi 11,500km de chainéal abhann, thart faoi 800km de chlaífoirt san áireamh; is cuid iad seo de na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach a críochnaíodh ó 1945 anuas.

Trí chlár bliantúil cothabhála coimeádann an OPW iad seo faoi chóir éifeachtach agus faoi dheisiú ceart. Is gá cead ón OPW chun droichead nó tóchar a thógáil, a athshuíomh nó a athrú.

Is ar údaráis áitiúla atá an freagracht thart faoi 4,600km de cheantair dhraenála a chothabháil. Faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945 tá roinnt forálacha maidir le Ceantair Dhraenála a bhainistiú – féach Cuid III agus Cuid VIII den Acht.

Léigh Tuilleadh