English

Eolas Mapaí Tuile

Mapaí Tuile

Tugann Mapaí Tuile eolas luachmhar um réimse aidhmeanna. Áirítear anseo feasacht ar dhóchúlacht tuile a mhéadú imeasc an phobail agus ag na hÚdaráis Áitiúla, agus bonn eolais ag an Rialtas maidir le gníonhaíochtaí um bainistiú priacal tuile, chun priacal agus tionchair ó thuilte a chosc agus a laghdú feasta.

Ní chruthaíonn na Mapaí Tuile priacal nua tuile; ach den chéad uair leagann siad amach an réimse priacal tuile i gcuid mhór pobal, mar chuid de straitéis an Rialtais chun na scéimeanna agus réitigh is éifeachtaí a phleanáil um an priacal seo a bhainistiú. Mar sin, féadfaidh na Mapaí Tuile limistéir a léiriú ar phriacal tuile nach raibh aon tuilte iontu roimhe seo. Ní cheart a mheas uaidh seo go mbeidh tuile ins na limistéir seo, ach go bhfuil seans go mbeidh tuile iontu amach anseo.

Tá réimse, guais agus priacal tuile measúnaithe agus mapáilte ag an OPW le haghaidh réimse ócáidí tuile, ó mhionócáidí minicí tuile suas chuig géarócáidí fíorannamha.

Cuireann na Mapaí Guaise Tuile síos ar airíonna na tuile tuartha maidir le gach cás agus cuimsíonn siad eolas mar réimse tuile, doimhneacht tuile agus sruth an uisce tuile.

Cuireann na Mapaí Priacal Tuile síos ar na droch-thionchair phríomha ón tuile tuartha maidir le gach cás. Cuimsíonn sé seo éifeachtaí ar dhaoine, an eacnamaíocht, limistéir thábhachtacha comhshaoil agus ár n-oidhreacht chultúrtha.

Tá sraith mapaí le haghaidh gach ceann den 300 pobal a measúnaíodh ar fáil le féachaint.

Nóta:
Níl sé mar fheidhm ag na Mapaí Tuile maoine aonair ar phriacal tuile a shainiú. Is mapaí bunaithe ar phobal iad.
Léigh Tuilleadh

Amharcóir Léarscáileanna Tuile

Tá Amharcóir Mapaí Tuile ar fáil ar an suíomh gréasáin seo; is féidir sonraí mapála tuile a fhéachaint trí chuardach idirghníomhach mapa. Sa chaoi seo, is féidir an áit is spéis leat a aimsiú trí chuardach suímh/seoladh, nó trí zúmáil isteach. Is féidir ansin an sraith sonraí is spéis leat a roghnú agus teacht ar na mapaí atá ar fáil le haghaidh an limistéir sin.

Léigh Tuilleadh Téigh chuig Amharcóir Léarscáileanna Tuile

Mapáil Tuartha Tuile

Taispeánann Mapaí Tuartha Tuile an dóchúlacht go bhféadfadh cineálacha éagsúla ócáidí tuile a tharlú amach anseo agus a dtionchair dhóchúil.

Taispeánann na Mapaí Tuile seo tuiliú dóchúlach ó aibhneacha (tuiliú abhann) agus ó ardleibhéil farraige (tuiliú chósta) maidir leis na habhantracha, inbhir agus cóstaí a samhaltaíodh i ngach ceann den 300 limistéar a léiríodh faoi phriacal dóchúil suntasach tuile.

Maidir le limistéir áirithe (Ráth Bhoth, Co Dhún na nGall agus Cathair Bhaile Átha Cliath), tá priacal dóchuil suntasach tuile ó bháisteach (tuiliú báistí) ag rith trí limistéir uirbeacha agus ag luí in ísleáin. Tá Mapaí Tuile báistí déanta do na limistéir seo ag an OPW agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tá measúnú agus mapáil réimse, guaise agus priacal tuile déanta um réimse ócáidí tuile ó mhionócáidí minic tuile suas chuig géarócáidí annamha.

Treoirnótaí Úsáideora Mapaí déanta le haghaidh na Mapaí Mionsonraithe Tuile chun tuiscint níos fearr ar shonraí na mapaí a sholathar d’úsáideoirí.

Ócáidí Tuile Roimhe seo

Tugann na sonraí mapa seo eolas ar ócáidí stairiúla tuile in Éirinn agus léirítear faisnéis tacaíochta faoi na tuilte seo – tuarascálacha, grianghraif agus altanna nuachtáin.

Le linn 2004-2006, chuir an OPW clár ar bun chun réimse mór sonraí maidir le tuiliú a bhailiú agus a thabhairt le chéile. Ar an ábhar seo bhí grianghraif, tuarascálacha ó chomhairleoirí, altanna nuachtáin, taifid ó stáisiúin tomhais, cuntais ó lucht freagartha éigeandála, litreacha ón phobal agus miontuairiscí ó chruinnithe le príomhoifigigh. Rinneadh athbhreithniú, fíorú, measúnú agus clárú ar an eolas seo ar fad chun Cartlann Náisiúnta Tuile a chruthú, agus cruthaíodh taifid ‘Ócáidí Tuile’ ón ábhar seo

Ó 2006 anuas, de réir mar a tharlaíonn ócáidí tuile nó mar a thagann eolas chuig an OPW ó fhoinsí éagsúla, eolas ón phobal san áireamh, cuirtear taifid nua leis an tacar sonrai seo ar bhonn leanúnach.

Ar an suiomh gréasáin seo ta sonraí a bhí ar fáil roimhe seo ar www.floodmaps.ie; féadfar é a fheiceáil ach an sraith “Ócáidí Tuile Roimhe Seo” a roghnú. Leis seo féádfar na sonraí ar ócáidí tuile roimhe seo a fheiceáil ag an am céanna leis na sraitheanna mapála tuartha tuile.

Tá Treoirnótaí Úsáideora déanta le haghaidh na dtaifead ar Ócáidí Tuile Roimhe seo chun tuiscint níos fearr ar na sonraí a sholathar d’úsáideoirí.

Uasdhátú agus Athbhreithniú Mapaí

Mapáil Tuartha Tuile

Rinneadh na Mapaí Tuartha Tuile ó anailís agus samhaltú mionsonraithe innealtóireachta. Bionn éiginnteacht de shíor maidir le cruinneas na samhlacha tuartha tuile; ach baineadh úsáid as na teicnící, uirlisí agus sonraí is fearr dá raibh ar fáil ag an am chun na samhlacha a úsáideadh a fhorbairt.

Tá an OPW geallta um an t-eolas is fearr dá bhfuil ar fáil maidir le priacal tuile a sholáthar chomh forleathan agus is féidir agus mar sin déanfar uasdhátú agus athbhreithniú ar na mapaí tuile mar is cuí.

Fáiltímid roimh aiseolas agus tuairimí ar na Mapaí Tuartha Tuile; is féidir é sin a dhéanamh anseo le Foirm Aiseolais Mhapa

Ócáidí Tuile Roimhe seo

Tá an Chartlann Náisiúnta Sonraí Tuile, ina bhfuil an t-eolas ar fad maidir le taifid ar Ócáidí Tuile Roimhe seo, á uasdhátú ar bhonn leanúnach ag an OPW. Tagann eolas ó chuid mhór foinsí Rialtais, príobháideacha agus aonair le cuimsiú; déantar fíorú agus rangú ar gach eolas ar dtús, ansin faomhtar é le cur suas ar an suíomh gréasáin.

Fáiltímid roimh aiseolas agus tuairimí ar ócáidí tuile roimhe seo nó le déanaí, doiciméid taca san áireamh; is féidir é sin a dhéanamh anseo le Foirm Thuarascála Ócáide Tuile.