English

Nótaí Treorach Ginearálta d’Úsáideoirí Léarscáileanna CFRAM

Léarscáileanna Tuile CFRAM (measúnú ar bhainistiú priacail do limistéar tuilte) a thuiscint

Is mapaí tuilte 'tuarthacha' iad na mapaí seo ina léirítear limistéir a dtuartar ina leith go mbáfar iad le linn teagmhas teoiriciúil nó 'deartha' tuile agus dóchúlacht mheasta, seachas faisnéis ar thuilte fíora a tharla san am atá caite, a chuirtear i láthair, nuair a bhíonn sí ar fáil ar mhapaí tuilte stairiúla.

Tagraítear sna mapaí do dhóchúlachtaí teagmhas tuile i dtéarmaí céatadán Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe nó 'DBS'. Is ionann é seo agus dóchúlacht teagmhais den déine seo, nó níos déine, tarlú in aon bhliain ar leith. Is féidir na dóchúlachtaí seo a chur in iúl freisin mar chorrlach (e.g. 100 in aghaidh 1) go dtarlóidh an teagmhas in aon bhliain ar leith. Tagraítear dóibh freisin go forleathan i dtéarmaí tréimhse fhillte (e.g. tuile 100 bliain), cé nach í an tréimhse seo an t-achar ama idir dhá theagmhas den saghas óir, cé gur éadócha, d'fhéadfadh dhá theagmhas thar a bheith dian tarlú laistigh d'achar gearr ama.

I dTábla 1, leagtar amach réimse de dhóchúlachtaí teagmhas tuile ar iondúil go bhforbraítear mapaí tuilte abhann agus cósta ina leith, arna chur in iúl i dtéarmaí Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe (DBS), agus aithnítear a macasamhlacha i bhfoirmeacha eile cur in iúl.

Tábla 1 - Dóchúlachtaí Teagmhas Tuile:

Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe (%) Corrlach Tarlaithe in Aon Bhliain ar Leith Tréimhse Fhillte (Blianta)
10 (Dóchúlacht Ard) 10 : 1 10
1 (Dóchúlacht Mheánach –Mapa Tuilte Abhann) 100 : 1 100
0.5 (Dóchúlacht Mheánach – Mapa Tuilte Cósta) 200 : 1 200
0.1 (Dóchúlacht Íseal) 1000 : 1 1000

Táirgeadh mapaí de na 'Limistéir Measúnaithe Breise' (LMB), mar a éilítear faoi Threoir AE 'Tuilte' [2007/60/EC] agus a ainmnítear faoin Measúnú Tosaigh Baol Tuilte , agus do léinseacha eile idir na LMBanna agus a fhad leis an bhfarraige a dtagraítear dóibh mar 'Sruthchúrsaí Mean-Tosaíochta' (SMT).

Clár an Ábhair

Tá réimse cineálacha mapaí tuilte ann:

1. Mapaí Fairsinge Tuile

Léiríonn na léarscáileanna seo na fairsingí, na buaicleibhéil agus na sreafaí uisce measta a bhaineann le tuiliú ó na léinseacha abhann, na hinbhir agus na cóstaí sin amháin atá samhaltaithe, agus a forbraíodh agus cosaintí éifeachtacha tuile á gcur san áireamh. Taispeántar léinseacha abhann atá samhaltaithe ar na léarscáileanna tuile PDF le líne oráiste thiubh feadh lárlíne na habhann. D’fhéadfadh tuile ó léinseacha eile abhann tarlú, ach níor léarscáilíodh í, agus mar sin d’fhéadfadh ceantair nach léirítear go bhfuil siad laistigh d’fhairsinge tuile a bheith i mbaol tuile ó aibhneacha neamhshamhaltaithe (agus ó cheann de na foinsí eile dá dtagraítear anseo thíos chomh maith).

Tá a lán foinsí féideartha eile tuilte ann, amhail córais draenála uirbeacha fhormhuirearaithe, báisteach locháin, uisce talún nó bac ar struchtúir ar nós lintéar. Is iondúil nach mapáiltear tuilte ó na foinsí eile seo agus, mar sin de, d'fhéadfadh baol tuilte a bheith i limistéir nach léirítear iad a bheith i léinseach tuile ó fhoinse amháin, nó níos mó, de na foinsí eile seo.

2. Mapaí Doimhneachta Tuile

Léirítear iontu seo an doimhneacht uasta mheasta tuile ag suíomh ar leith, maidir le teagmhas tuile de dhóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear na doimhneachtaí tuile ina ndoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille (5-10m ar na mapaí tuile AFA), ach i bhfírinne d'fhéadfadh doimhneachtaí éagsúla a bheith in aon chearnóg ar leith).

3. Mapaí Riosca Tuile

Léirítear sna mapaí seo:

  • An líon táscach áitritheoirí a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu agus leis seo, léirítear rioscaí do shláinte daoine agus pobal.
  • Na cineálacha gníomhaíocht eacnamaíochta a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu.
  • Limistéir chosanta luach timpeallachta agus foinsí féideartha truaillithe (suíomhanna IED) a bhfuil baol tuile iontu.

4. Léarscáileanna Creasa Tuile (Ar fáil ar Thairseach DHLGH (An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ‘MyPlan’ amháin)

Táirgeadh na Léarscáileanna Tuile CFRAM atá ar fáil ar thairseach DHLGH ‘MyPlan’ (https://myplan.ie/) tríd an gClár Measúnaithe agus Bainistithe Priacail do Limistéar Tuilte (CFRAM) agus trí thionscadail eile leis na hÚdaráis Áitiúla. Forbraíodh iad de réir an tsainmhínithe ar na Criosanna Tuile mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ar an gCóras Pleanála agus Bainistithe Riosca Tuile (DHPLG - An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil)/OOP, 2009), agus ní chuireann siad cosaintí ar thuilte san áireamh.

Cásanna Féideartha

Forbraíodh mapaí tuilte don chás reatha agus do dhá chás fhéideartha amach anseo; an Cás Todhchaí Mean-Raoin (CTMR) agus an Cás Todhchaí Ard-Raoin (CTAR), ag cur san áireamh tionchair fhéideartha athrú aeráide agus athruithe féideartha eile sa todhchaí. Áirítear sna cásanna seo athruithe mar a leagtar amach i dTábla 2.

Tábla 2: Lamháltais i bParaiméadair Tuile do na Cásanna Todhchaí Meán-Raoin agus Ard-Raoin

Paraiméadar CTMR CTAR
Doimhneachtaí Báisteach Fhoircneach + 20% + 30%
Buaicshreabhadh Tuile + 20% + 30%
Meánardú Leibhéal Mara + 500 mm + 1000 mm
Gluaiseacht Talún - 0.5 mm / bliain1 - 0.5 mm / bliain1
Uirbiú Gan Lamháltas Ginearálta –Athbhreithnithe ar Bhonn Cás ar Chás Gan Lamháltas Ginearálta –Athbhreithnithe ar Bhonn Cás ar Chás
Foraoisiú - 1/6 Tp2 - 1/3 Tp2
+ 10% SPR3
Nóta 1: Ní bhaineann ach leis an taobh ó dheas den tír (Baile Átha Cliath – Gaillimh agus níos faide ó dheas)
Nóta 2: Laghdú in am go buaicphointe (Tp) le rith géaraithe a d'fhéadfadh teacht de thoradh draenáil talamh foraoisithe a chur san áireamh
Nóta 3: 10% a chur leis an ráta Rith Caighdeánach Céatadáin (SPR): Chun go gcuirfear san áireamh rith méadaithe a d'fhéadfadh teacht de thoradh leagan foraoise

Ceannscríbhinní

Léirítear na tacair sonraí a bhfuil cur síos orthu thíos ar cheannscríbhinn na mapaí fairsinge tuile agus doimhneachta PDF (féach na ceannscríbhinní ar na mapaí riosca i gcomhair cur síos ar a bhfuil léirithe ar na mapaí sin). Tá ceannscríbhinn ar fáil ar bhreathnóir gréasáin na mapaí idirghníomhacha.

Nóid Samhaltáin

Nóid ag a dtuairiscítear meastacháin ar shreabhadh teagmhais deartha tuile uasta agus leibhéil tuile uasta ar na mapaí.

Líne Láir Abhann Samhaltaithe

Táscaire ar na cainéil a cuimsíodh sa samhaltán gréasáin abhann agus óna ndíorthaítear an fhairsinge tuile abhann a thagann dá dtoradh.

Fairsinge Tuile

Na limistéir a meastar iad a bheith báite ag pointe éigin le linn tuile agus na Dóchúlachtaí Bliantúla Sáraithe (DBSanna), Is iondúil go léirítear trí fhairsinge ar na mapaí PDF fairsinge tuile - Dóchúlacht Íseal (DBS 0.1%); Dóchúlacht Mheánach (DBS abhann 1% nó DBS cósta 0.5%); agus, nuair is cuí, Dóchúlacht Ard (DBS 10%).

Réimse le hAghaidh Tuilleadh Measúnachta (RATM)

Teorainneacha RATM nuair a d'fhéadfadh na rioscaí a bhaineann le tuilte, bunaithe ar Mheasúnú Tosaigh Baol Tuile (OOP, 2012), a bheith suntasach agus nuair a rinneadh tuilleadh measúnachta, agus í níos mionsonraithe le méid an riosca tuilte a mheas.

Limistéir Chosanta

Sna polagáin haisteáilte ar na mapaí fairsinge tuile léirítear na limistéir chosanta a bhaineann tairbhe as na cosaintí reatha tuile. Sonraítear freisin an Caighdeán Cosanta (CC) i gcomhair an limistéir chosanta ar an gcosaint tuile ar an mapa PDF tuile, e.g. leis an CC DBS 1% cuirtear síos ar chosaint a dearadh chun limistéar a chosaint i gcás tuile Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe 1:100.

Doimhneacht Tuile (ina méadair nó “m”)

An doimhneacht uasta a meastar a tharlaíonn ag pointe éigin le linn tuile leis an Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe (DBS) sin ag an ionad mapáilte.

Scála

Ag scála idir 1:5 000 agus 1:10 000 ar mhéid A3 laistigh den RATM, mar a léirítear ar an mapa a tháirgtear na leaganacha PDF de na mapaí tuile. Roghnaíodh an scála seo lena chur ar chumas úsáideoirí breathnú ar fhoirgnimh, sráideanna, sócmhainní bonneagair aonair etc., agus tá sé inchomparáide le scála na mapála cúlra cadastraí.

Maidir le mapaí ar a léirítear na Rioscaí Ginearálta Timpeallachta do gach RATM, is scála 1:5 000 ag méid A3 atá i gceist.

Bíonn scálaí éagsúla i gceist sna mapaí ina léirítear Cineálacha Sainiúla Gníomhaíocht Eacnamaíochta in Aonaid Bhainistíochta Éagsúla ag brath ar mhéid gach Aonad Bainistíochta.

Tá scála na mapaí a bhreathnaítear go díreach ar an mbreathnóir gréasáin sainithe ag an úsáideoir agus inathraithe.

Cruinneas

Maidir le leibhéil tuile abhainn, is féidir an úsáid is fearr a bhaint as na sonraí is fearr atá ar fáil trí chalabrú agus deimhniú na samhlacha lena n-áirítear taifid hidriméadrachta, grianghraif, físeáin, ailt sna meáin agus eolas starógach. Ag brath ar shonraí cuí calabrúcháin a bheith ar fáil, deimhnítear samhlacha a oiread agus is féidir chun cruinneas leibhéil ingearacha uisce de thart ar +/-0.2m a bhaint amach do limistéir laistigh de na RATManna agus thart ar +/-0.4m feadh na MPWanna.

Ritear gach samhail abhann agus táirgtear mapaí ag glacadh leis gur ann do shreabhadh glan trí lintéir agus faoi dhroichid agus ní chuirtear san áireamh ar na mapaí tuilte bac a bheith ina leithéid seo de struchtúir.

Maidir le leibhéil tuile cósta, braitheann cruinneas na Dóchúlachta Bliantúla Sáraithe (DBS) maidir le comhleibhéil taoide agus borrtha ar chruinneas na gcomhbhall éagsúil a úsáidtear chun na leibhéil seo a dhíorthú d'fhonn iad a choinbhéartú ó shonra mara go sonra leibhéal talún. Is iondúil go mbíonn aschur an tsamhaltaithe leibhéal uisce, chomh maith leis an anailís luach foircneach a dhéantar agus a mhionsonraítear thuas laistigh de +/-0.2m le haghaidh teorainneacha muiníne 95% ag an BBS 0.1%. Bítear ag dúil le teorainneacha muiníne níos teinne a bheith ag teagmhais ar airde a ndóchúlacht (tréimhse fhillte níos ísle).

Dáta Ullmhúcháin

Léirítear an dáta ar ullmhaíodh na mapaí i mbosca teidil na mapaí PDF.

Údaráis fhreagracha

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), mar an gceannghníomhaireacht bainistíocht riosca tuilte in Éirinn, an t-údarás atá freagrach as foilsiú na mapaí tuilte a léirítear anseo.

Tugann Údaráis Áitiúla tacaíocht don OOP mar chomhpháirtithe ar Chlár CFRAM agus an clár bainistíocht riosca tuilte. Bíonn siad rannpháirteach, nó i gcásanna áirithe déanann siad coimisiúnú ar, i bhforbairt na mapaí tuilte.

Mapáil Tuilte - Sonraí Teicniúla

Tá achoimre leagtha amach thíos den ghnáthphróiseas teicniúil um fhorbairt na mapaí tuilte. D'fhéadfadh próisis éagsúla a bheith ann i leith limistéir nó mapaí áirithe. Leagtar amach i dTuairiscí Hidreolaíochta agus Hiodrálaice mionsonraí iomlána teicniúla ar dhíorthú na mapaí tuilte. Ba chóir do lucht úsáidte iad féin a chur go hiomlán ar an eolas le hábhár na dtuairiscí seo roimh úsáid a bhaint as na mapaí.

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Dóchúlachtaí Tuilte nó Tréimhsí Fillte

Tagraítear sna mapaí do dhóchúlachtaí teagmhas tuile i dtéarmaí céatadáin de Dhóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS). Is ionann é sin agus dóchúlacht teagmhais den déine seo, nó níos measa, a tharlú in aon bhliain ar leith. is iondúil go dtagraítear do na dóchúlachtaí seo i dtéarmaí tréimhse fhillte (e.g. an tuile 100 bliain) cé gur chóir a thuiscint nach é an t-achar ama idir dhá theagmhas den saghas seo atá i gceist óir, cé gur éadócha, d'fhéadfadh dhá theagmhas thar a bheith dian tarlú laistigh d'achar gearr ama.

Roghnaíodh na dóchúlachtaí seo chun réimse leathan de dhóchúlachtaí teagmhais a chumhdach ar féidir tuilte teacht dá mbarr agus cuirtear ar fáil leo an réimse faisnéise is gá chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an riosca tuilte do gach LMB agus, dá réir, bearta cuí bainistíocht riosca tuile a fhorbairt; a fhad le teagmhas dian ainmniúil (teagmhas tuile DBS 0.1% - ionann agus teagmhas ag a bhfuil meántréimhse fhillte 1000 bliain) atá i bhfad níos faide ná réimse iontaofa réamh-mheastacháin staitistiúla teagmhais.

Táirgtear na mapaí PDF riosca tuile i gcomhair Dóchúlacht Íseal (teagmhas tuile DBS 0.1%), Dóchúlacht Mheánach (teagmhas tuile DBS 1% (abhainn nó báisteach) nó DBS 0.5% (cósta)) agus, nuair is cuí, Dóchúlacht Ard (teagmhas tuile DBS 10%), cé go ndearnadh anailís riosca i gcomhair teagmhais tuile eile chun sonraí miona riosca tuile a chur ar fáil.

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Fairsinge Tuilte

Léirítear ar na mapaí tuilte fairsinge agus doimhneachtaí tuartha tuilte i leith na ndálaí reatha. Léirítear ar na mapaí fairsinge tuile fairsinge uasta na dtuilte (faoi réir na srianta dá dtagraítear anseo) maidir le teagmhas ar leith agus d'fhéadfadh tuilte i limistéir áirithe, amhail gar d'imeall limistéir faoi thuile, a bheith an-éadomhain.

Forbraítear mapaí tuilte abhann agus cósta trí úsáid samhaltú hidridinimiciúil, bunaithe ar shreafaí ríofa deartha abhann agus leibhéil fhoircneacha mara, trasghearrthacha cainéal a ndearnadh suirbhé orthu, struchtúir ionbhruacha / cois bruacha/ chósta, Samhlacha Digiteacha den Tír-Raon agus tacair sonraí bainteacha eile (e.g. úsáid talún, sonraí ar thuilte an ama atá caite le haghaidh calabrú samhlacha, srl.).

Tá achoimre ar an bpróiseas thíos.

Croíchéimeanna:

  • Anailís hidreolaíochta: Meastachán ar shreafaí tuile (méadair chiúbacha uisce in aghaidh an tsoicind: m3/s) agus leibhéil taoide do na teagmhais deartha tuile.
  • Samhaltú hidreolaíochta: Meastachán ar shreafaí tuile ag áiteanna éagsúla feadh bruach abhann; nó ag suíomhanna ar thuilemhá, bunaithe ar na sreafaí tuile deartha (tuile abhann) agus dálaí áitiúla fisiciúla agus hidreolaíochta.
  • Anailís ar thuilte: Meastachán ar conas a leathnódh tuile ón abhainn, inbhear nó limistéar taoide thar an talamh agus an fhairsinge, doimhneacht, luas srl. a ghabhann léi.

Anailís hidreolaíochta

Is iondúil go ríomhtar sreafaí tuile abhann bunaithe ar anailís ar shonraí tomhaiste agus ar úsáid modhanna náisiúnta chun sreafaí a mheas i ndobharcheantair neamhthomhaiste agus le haghaidh cuair fáis bhuaicshreafa agus cruthanna hidreaghraif a ríomh: is é sin an tUasdátú Staidéar Tuile (féach http://opw.hydronet.com/ ).

Measadh leibhéil mara fhoircneacha ar an gcósta ó shamhailtí 2T faoi Staidéar Straitéis Cosaint Cósta na hÉireann. Rinneadh anailís luach foircneach (ALF) trí dháiltí teoiriciúla dóchúlachta a shuiteáil sna luachanna leibhéal uisce ó thorthaí na n-ionsamhlúchán borradh taoide. Úsáideadh sraith pháirtmharthanachta (samhail buaic thar thairseach) chun na teagmhais is mó a tharla laistigh den tacar sonraí a roghnú (mionsonraí ó thuairiscí atá ar fáil faoi shuíomh gréasáin OPP – féach anseo ).

Samhaltú hiodrálach

Maidir le mapáil tuile abhann, is iondúil gur tacair ISIS agus MIKE agus Infoworks ICM (c) na pacáistí bogearraí samhaltú hidridinimice a úsáidtear, ag brath ar an gcomhthéacs, riachtanas agus rogha an tsamhaltóra. Úsáidtear sna samhlacha abhann suirbhé talamh-bhunaithe ar thrasghearrthacha cainéil agus struchtúir ionbhruacha / cois bruacha. De ghnáth, is 50-100m tríd an RATM an spásáil thrasghearradh cainéil, agus 500m de ghnáth i gceantair thuaithe taobh amuigh de RATManna.

Maidir le mapáil tuile cósta, leathnaítear na leibhéil fhoircneacha i dtreo na tíre trí úsáid samhlacha sreafa 2T.

D'fhonn mapaí tuilte a chruthú, samhaltaíodh struchtúir, amhail lintéir agus droichid, ionann is go ndearnadh suirbhé orthu agus glacadh leis nach bhfuil aon bhac iontu.

Sonraí Topagrafaíochta

Úsáidtear Samhail Dhigiteach den Tír-Raon (SDT) chun mapaí a chruthú. Díorthaítear an SDT ó theicnící suirbhé aeriompartha. Is sonraí Brath Solais agus Raonála (LiDAR) iad bunús na sonraí seo i RATManna. Bíonn RSME, idir ingearach agus chothrománach, níos lú ná 0.2m de ghnáth ag na sonraí seo agus scála greille 5 nó 10m de ghnáth. Nuair nach raibh sonraí LiDAR ar fáil, ceantair thuaithe, de ghnáth, taobh amuigh de na RATManna, úsáideadh sonraí Radar Oscailt Sintéiseach Trasnamhéadrach (IfSAR) chun an SDT a dhíorthú. Is iondúil go mbíonn RMSE ingearach agus cothrománach níos lú ná 0.7m agus scála greille 5m ag an IfSAR.

Is samhail 'talamh lom' é an SDT de dhromchla na talún agus bunús na ngéithe de dhéantús an duine agus de thírdhreach nádúrtha, amhail fásra, foirgnimh agus droichid, bainte di go digiteach. Lena chois sin, déantar 'glanadh' le linn tháirgeadh na mapaí ina mbíonn próisis éagsúla amhail diúscairt limistéar tuile atá an-bheag agus iargúlta, diúscairt oileán atá an-bheag (limistéir nach samhlaítear tuilte leo) ach atá sa limistéar faoi thuile, srl. Mar sin de, níor chóir na mapaí a úsáid chun an riosca tuile a bhaineann le foirgnimh nó suíomhanna ar leith a mheas nó chun a chur in ionad measúnú mionsonraithe tuile áitiúil.

Tugtar foirgnimh agus bonneagar eile (e.g. droichid, claífoirt) isteach sa phróiseas samhlúcháin arís ar bhealach cuí (mionsonraí i dtuairiscí samhlúcháin hidreolaíochta) agus, mar sin de, meastar iad san anailís hiodrálach agus in ullmhú na mapaí tuile.

Tá an cur chuige i leith caighdeán cosanta (CC) cosaintí tuile bunaithe ar leibhéal caipín na cosanta i gcóimheas na leibhéal tuile i leith na ndóchúlachtaí teagmhais (mar a nglactar leis an CC mar an dóchúlacht bhliantúil sáraithe is ísle nach gcuireann thar maoil). Ní mheastar bail, sobhristeacht agus dóchúlacht teipe na cosanta i mapáil na gceantar cosanta nó chun an CC a shocrú.

Táirgeadh na mapaí bunaithe ar shonraí suirbhé a gabhadh roimh agus le linn luathchéim chlár CFRAM. Ní chuirtear san áireamh leo athruithe i bhforbairt, bonneagar nó topagrafaíocht a tharla i ndiaidh dáta ghabháil na sonraí suirbhé.

Aithint, Measúnú nó Ríomh Doimhneachta

Léirítear ar na mapaí doimhneacht tuilte meastachán ar dhoimhneacht tuilte ag ionad ar leith le linn teagmhas tuile dar dóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún DTM a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear na doimhneachtaí tuile mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille 5-10m do na mapaí tuile RATM, ach dáiríre d'fhéadfadh doimhneachtaí éagsúla a bheith i gcearnóg ar leith.

Samhlacha a úsáideadh, tacair sonraí, nithe éiginnte

Léirítear ar na mapaí doimhneacht tuilte meastachán ar dhoimhneacht tuilte ag ionad ar leith le linn teagmhas tuile dar dóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún DTM a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear na doimhneachtaí tuile mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille 5-10m do na mapaí tuile RATM, ach dáiríre d'fhéadfadh doimhneachtaí éagsúla a bheith i gcearnóg ar leith.

Samhlacha a úsáideadh, tacair sonraí, nithe éiginnte

Is ó shamhlacha hidridinimice do na dóchúlachtaí agus cásanna féideartha teagmhais éagsúla a dhíorthaítear leibhéil, doimhneacht agus luas tuilte. Calabraíodh na samhlacha de réir faisnéise ar theagmhais tuilte ón am atá caite nuair a bhí a leithéid ar fáil.

Féadann éiginnteacht i leith leibhéil tuilte teacht aníos de gheall ar nithe éiginnte i sonraí topagrafacha, bataiméadracha agus sonraí suirbhé eile agus i sonraí meitéaréolaíochta, báistí agus sreafa, toimhdí agus / nó meastacháin i samhlacha hiodrálacha /hidridinimice agus paraiméadair trína gcuirtear i láthair réadúlacht fhisiciúil agus coinbhéartuithe sonraí, srl. Féadann éiginnteacht i bhfairsinge leibhéil tuilte teacht aníos de gheall ar nithe éiginnte i leibhéil tuilte, sonraí topagrafacha, agus sonraí suirbhé eile, toimhdí agus /nó meastacháin faoi conas a leathann tuilte thar thuilemhá, srl.

Treoirnótaó Úsáideoir Mapa: Tuilte Báistiúla Ráth Bhoth

Na Mapaí Tuilte Báistiúla a Thuiscint

Is mapaí 'tuarthacha' na mapaí tuilte seo ina léirítear limistéir a dtuartar ina leith go mbeidh tuilte iontu le linn teagmhas tuile teoiriciúil nó 'deartha' agus dóchúlacht mheasta go dtarlódh sé, seachas faisnéis ar thuilte fíora a tharla san am atá caite, a chuirtear i láthair ar mhapa tuilte 'stairiúla'.

Tagraítear sna mapaí do dhóchúlachtaí teagmhas tuile i dtéarmaí céatadán Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe nó 'DBS'. Is ionann é seo agus dóchúlacht teagmhais den déine seo, nó níos déine, tarlú in aon bhliain ar leith. Is féidir na dóchúlachtaí seo a chur in iúl freisin mar chorrlach (e.g. 100 in aghaidh 1) go dtarlóidh an teagmhas in aon bhliain ar leith. Tagraítear dóibh freisin go forleathan i dtéarmaí tréimhse fhillte (e.g. tuile 100 bliain), cé nach í an tréimhse seo an t-achar ama idir dhá theagmhas den saghas óir, cé gur éadócha, d'fhéadfadh dhá theagmhas thar a bheith dian tarlú laistigh d'achar an-ghearr ama. I dTábla 1 leagtar amach réimse de dhóchúlachtaí teagmhas tuile dá bhforbraítear mapaí guais tuile Báistí, curtha in iúl i dtéarmaí Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS), agus sainaithnítear a gcomhionann faoi fhoirmeacha eile cur in iúl.

Tábla 1 - Dóchúlachtaí Teagmhas Tuile:

Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (%) Corrlach Tarlaithe in Aon Bhliain ar Leith Tréimhse Fhillte (Blianta)
10 (Dóchúlacht Ard) 10 : 1 10
1 (Dóchúlacht Mheánach) 100 : 1 100
0.1 (Dóchúlacht Íseal) 1000 : 1 1000

Clár Ábhair

Tá sraith de thrí chineál mapa ann:

1. Mapaí Fairsinge Tuile

Léirítear ar na mapaí seo an fhairsinge a bhaineann le tuilte báistiúla.

2. Mapaí Doimhneacht Tuile

Léirítear orthu seo doimhneacht mheasta tuile ag ionad ar leith, maidir le teagmhas tuile de dhóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear iad mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille (de dheighilt 25m nó 12.5m), ach dáiríre d'fhéadfadh doimhneachtaí éagsúla a bheith i gcearnóga éagsúla.

3. Mapaí Riosca Tuile

Léirítear ar na mapaí seo:

  • An líon táscach daoine a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu, rud a thugann táscaire rioscaí do shláinte daoine agus pobal.
  • An cineál gníomhaíocht eacnamaíochta a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm air.
  • Limistéir chosanta dar luach timpeallachta agus foinsí féideartha truaillithe (suíomhanna IED) a d'fhéadfadh a bheith i mbaol tuilte.

Ceannscríbhinní

Léirítear na tacair sonraí seo a leanas ar cheannscríbhinn na mapaí tuilte:

Fairsinge Tuilte –Na limistéir a meastar a bháfar ag pointe éigin le linn tuile leis na Dóchúlachtaí Bliantúla Sáraithe (DBS). Léirítear 3 fhairsinge ar na mapaí fairsinge tuile –Dóchúlacht Ard (DBS 10%); Dóchúlacht Mheánach (DBS 1%); agus Dóchúlacht Íseal (DBS 0.5%).

Doimhneacht Tuile (ina méadair nó “m”) – An doimhneacht mheasta uasta a tharlódh ag pointe éigin le linn tuile leis an Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS) chuí ag an ionad mapáilte.

Scála

Ag scála 1:10,000 dár méid A3 a tháirgtear leaganacha PDF de na mapaí guais tuile.

Ag scála 1:8,000 dár méid A3 a tháirgtear leaganacha PDF de na mapaí riosca tuile.

Cruinneas

Aimsíodh i líníochtaí suirbhé draenála go bhfuil céimseata inmheánach na draenála uirbí, lena n-áirítear roinnt lintéir mhóra, thar a bheith casta agus cuimsítear inti an iomad codanna de chruth, méid agus fad éagsúil. Éagóbhasaíochtaí laistigh de shamhail InfoWorks RS is toradh d'iarrachtaí leis an gcastacht seo a mhacasamhlú laistigh den tsamhail. Mar sin de, is céimseata simplithe ach ionadaíoch atá i gceist agus breith innealtóireachta mar bhonn eolais leis.

Maidir leis an lintéar is giorra den dá phríomhlintéar, cuireadh cainéal caol 'bréige' 1T ar bharr an lintéir. Nascadh é seo leis an bhfearann 2T agus, mar sin de, is féidir uisce a shruthú ó thaobh amháin den lintéar go chéile.

Is fiú a shonrú, i gcás na ndoimhneachtaí is éadoimhne, d'fhéadfadh sé nach dtarlódh tuile inmheánach foirgnimh, .i. is ar bhóithre agus i limistéir eile timpeall na bhfoirgneamh a bhíonn an t-uisce dromchla agus ansin amháin.

Dáta Ullmhúcháin

Léirítear an dáta ar ullmhaíodh na mapaí i mboscaí teidil na mapaí.

Údaráis fhreagracha

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí an t-údarás atá freagrach as mapaí tuilte báistiúla do Ráth Bhoth.

Sonraí Teicniúla Mapáil Tuilte: Tuilte Báistiúla Ráth Bhoth

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Dóchúlachtaí Tuilte nó Tréimhsí Fillte

Próifílí deartha báistí na hionchuir príomha hidreolaíochta agus díorthaíodh iad seo trí úsáid na sonraí báistí DDF is comhaimseartha, bunaithe ar shonraí báistí breathnaithe na hÉireann. Glactar leis go forleathan gur i mapaí AEP tuile 0.1% atá an éiginnteacht is mó ar aon nós ós rud é nach bhfuil sonraí breathnaithe ar fáil chun an anailís a bhunú orthu.

Cur chuige Samhaltaithe

Díorthaíodh próifílí báistí deartha mar na príomh-ionchuir samhail hiodrálach ionas go bhféadfaí an mheicníocht tuile sruthaithe uisce dromchla a shamhaltú don réimse réamhluaite de theagmhais tuile AEP. Dáileadh na próifílí báistí deartha seo go haonfhoirmeach thar fhearann 2T laistigh den tsamhail hiodrálach a d'éascaigh sruthú conairí sreafa trasna na greille arna rialú ag topagrafaíocht mar a léirítear le sonraí LiDAR. Samhlaítear freisin riosca tuile abhann trí fheidhmiú hidreagraf abhann laistigh den sciar 1T den tsamhail chomhtháite trína léirítear sruthchúrsa an bhaile.

Deimnhiú Samhla

Bhí tuilte i mBaile Ráth Bhoth san am atá caite. Meascán de thuilte báistiúla agus abhann a bhí i gceist agus is i Meán Fómhair 2006 agus Meitheamh 2007 a bhí an chuid is suntasaí. Is mar chomhaid ionchur samhail hiodrálach a díorthaíodh na teagmhais stoirm bháistí a tharla ionas go bhféadfaí na teagmhais a shamhaltú agus an tsamhail a chalabrú. Tógadh sonraí báistí ó Mhullaí Ráth Bhoth a tomhaiseadh go háitiúil laistigh den bhaile agus tógadh próifílí ama ó na sonraí radar báistí a taifeadadh ag Stáisiún Bhá Castor gar do Loch nEathach i dTuaisceart Éireann. Cumhdaíonn an stáisiún ceantar Ráth Bhoth agus glacadh leo mar na sonraí is fearr dá raibh ar fáil i ndiaidh gur scagadh amach foinsí eile próifílí folaethúla báistí mar go raibh siad do-úsáidte. Ní mó ná gur taifeadadh aon bháisteach le linn theagmhais 2006 agus 2007 ag stáisiún uaire Chaisleán na Deirge agus tá stáisiún Chionn Mhálanna rófhada ar shiúl.

Is le comparáid amhairc cháilíochtúil a rinneadh calabrú shamhail theagmhas Mheán Fómhair 2006 le conairí sreafa breathnaithe agus na foirgnimh a ndeachthas i bhfeidhm orthu. Bhí sé seo amhlaidh freisin i gcás theagmhas Mheitheamh 2007. Rinneadh comparáid bhreise chainníochtúil, más ea, leis an teagmhas seo ó bhí doimhneachtaí taifeadta tuilte ar fáil. Ghnóthaigh an tsamhail cruinneas ingearach níos lú ná 0.5m ag dhá cheann de na hionaid. Meastar, mar sin de, an tsamhail a bheith sách calabraithe maidir leis an Staidéar.

Sonraí Topagrafacha

Úsáidtear Samhail Dhigiteach den Tír-Raon (SDT) chun mapaí a chruthú. Díorthaítear an SDT ó shonraí aeriompartha suirbhé. Is sonraí Brath Solais agus Raonála (LiDAR) iad a bhfuil RMSE níos lú na 0.2m, de ghnáth, agus scála greille 2m acu.

Croíthuairimí agus Teorainneacha

Taifeach greille samhla

Is feidhm de chuid bhonn SDT (sonraí LiDAR) agus thaifeach na greille samhla é cruinneas na samhla. Úsáidtear sa tsamhail mogalra triantánach solúbtha ina bhfuil taifeach uasta 6m2 thar achar 4.41km2.

Insíothlú báistí

I ndiaidh fhiosrú thorthaí agus chomparáid na samhla le teagmhais bhreathnaithe ba léir gur ghá, go dtí pointe, draenáil stoirme a chur san áireamh. Ní raibh go leor faisnéise ar fáil leis an líonra a thabhairt go follasach isteach sa tsamhail agus tugadh tuairim faoi éifeachtúlacht an líonra draenála. Maidir le rith deartha, glacadh leis go raibh d'acmhainn ag an líonra draenála sa bhaile 50% den teagmhas DBS don bháisteach titim laistigh de chríocha an bhaile a iompar. Mar sin de, tugadh isteach teorainn bhreise bháistí, bunaithe ar theorainn forbartha an bhaile agus leasaíodh na próifílí bainteacha báistí le déine na báistí a laghdú faoi na luachanna DBS 50% ag gach céim shamhla.

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Dóchúlachtaí

Léirítear ar na mapaí doimhneacht tuile, doimhneacht mheasta tuile ag ionad ar leith le linn teagmhas tuile dar dóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún DTM a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear na doimhneachtaí tuile mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar na cearnóga mogalra solúbtha dar taifeach uasta 6m2 ar na mapaí RATM, ach dáiríre bheadh doimhneachtaí éagsúla in aon chearnóg ar leith.

Tuilleadh Faisnéise

Tá mionsonraí iomlána ar an modheolaíocht a úsáidtear in ullmhú na mapaí tuilte báistiúla ar fáil ó: https://www.FloodInfo.ie

Treoirnótaí Úsáideoir Mapa: Tuilte Báistiúla Chathair Bhaile Átha Cliath

Na Mapaí Tuilte Báistiúla a Thuiscint

Is mapaí 'tuarthacha' na mapaí tuilte seo ina léirítear limistéir a dtuartar ina leith go mbeidh tuilte ionti le linn teagmhas tuile teoiriciúil nó 'deartha' agus dóchúlacht mheasta go dtarlódh sé, seachas faisnéis ar thuilte fíora a tharla san am atá caite, a chuirtear i láthair ar mhapa tuilte 'stairiúla'.

Tagraítear sna mapaí do dhóchúlachtaí teagmhas tuile i dtéarmaí céatadán Dóchúlacht Bhliantúil Sháraithe nó 'DBS'. Is ionann é seo agus dóchúlacht teagmhais den déine seo, nó níos déine, tarlú in aon bhliain ar leith. Is féidir na dóchúlachtaí seo a chur in iúl freisin mar chorrlach (e.g. 100 in aghaidh 1) go dtarlóidh an teagmhas in aon bhliain ar leith. Tagraítear dóibh freisin go forleathan i dtéarmaí tréimhse fhillte (e.g. tuile 100 bliain), cé nach í an tréimhse seo an t-achar ama idir dhá theagmhas den saghas óir, cé gur éadócha, d'fhéadfadh dhá theagmhas thar a bheith dian tarlú laistigh d'achar an-ghearr ama. I dTábla 1 leagtar amach réimse de dhóchúlachtaí teagmhas tuile dá bhforbraítear mapaí guais tuile Báistí, curtha in iúl i dtéarmaí Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS), agus sainaithnítear a gcomhionann faoi fhoirmeacha eile cur in iúl.

Tábla 1 - Dóchúlachtaí Teagmhas Tuile:

Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (%) Corrlach Tarlaithe in Aon Bhliain ar Leith Tréimhse Fhillte (Blianta)
10 (Dóchúlacht Ard) 10 : 1 10
1 (Dóchúlacht Mheánach) 100 : 1 100
0.5 (Dóchúlacht Íseal) 200 : 1 200

Clár Ábhair

Tá sraith de thrí chineál mapa ann:

1. Mapaí Fairsinge Tuile

Léirítear ar na mapaí seo an fhairsinge a bhaineann le tuilte báistiúla.

2. Mapaí Doimhneacht Tuile

Léirítear orthu seo doimhneacht mheasta tuile ag ionad ar leith, maidir le teagmhas tuile de dhóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear iad mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar chearnóga greille (de dheighilt 25m nó 12.5m), ach dáiríre d'fhéadfadh doimhneachtaí éagsúla a bheith i gcearnóga éagsúla.

3. Mapaí Riosca Tuile

Léirítear ar na mapaí seo:

  • An líon táscach daoine a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu, rud a thugann táscaire rioscaí do shláinte daoine agus pobal.
  • An cineál ghníomhaíocht eacnamaíocht a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm air.
  • Limistéir chosanta dar luach timpeallachta agus foinsí féideartha truaillithe (suíomhanna IED) a d'fhéadfadh a bheith i mbaol tuilte.

Ceannscríbhinní

Léirítear na tacair sonraí seo a leanas ar cheannscríbhinn na mapaí tuilte:

Fairsinge Tuilte – Na limistéir a meastar a bháfar ag pointe éigin le linn tuile leis na Dóchúlachtaí Bliantúla Sáraithe (DBS). Léirítear 3 fhairsinge ar na mapaí fairsinge tuile –Dóchúlacht Ard (DBS 10%); Dóchúlacht Mheánach (DBS 1%); agus Dóchúlacht Íseal (DBS 0.5%).

Doimhneacht Tuile (ina méadair nó “m”) – An doimhneacht mheasta uasta a tharlódh ag pointe éigin le linn tuile leis an Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS) chuí ag an ionad mapáilte.

Teorainn Samhla - Léiríonn sí seo teorainn sheachtrach mapáil tuilte báistiúla. D'fhéadfadh tuilte báistiúla tarlú lasmuigh den teorainn seo ach ní dhearnadh measúnú air seo.

Scála

Ag scála 1:50,000 dar méid A3 a tháirgtear leaganacha PDF de na mapaí tuile.

Cruinneas

Léirítear i dtuar mapáil tuile Chineál 1 tuilte ar fud cheantar Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir roinnt breathnóireachtaí leathana a dhéanamh mar a bhfuil comhghaol idir braislí de shuíomhanna (bíodh siad ina ngrúpaí nó feadh gnéithe líneacha) nó doimhneacht teagmhais. Tá roinnt ionad ann freisin ag a dtuartar tuilte báistiúla trí shamhail Chineál 1 ach nach dtaifeadtar teagmhais tuile sa bhunachar sonraí. D'fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, gur easpa tuairiscithe is cúis leis seo.

Is fiú a shonrú, i gcás na ndoimhneachtaí is éadoimhne, go bhféadfadh sé nach dtarlódh tuile inmheánach foirgnimh, .i. is ar bhóithre agus i limistéir eile timpeall na bhfoirgneamh a bhíonn an t-uisce dromchla agus ansin amháin.

Dáta Ullmhúcháin

Foilsíodh an mhapáil agus an tuairisc dheiridh i Meán Fómhair 2012.

Údaráis fhreagracha

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an t-údarás atá freagrach as mapaí tuilte báistiúla do Chathair Bhaile Átha Cliath.

Sonraí Teicniúla Mapáil Tuilte: Tuilte Báistiúla Chathair Bhaile Átha Claith

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Dóchúlachtaí Tuilte nó Tréimhsí Fillte

Is é aidhm Samhaltú ar fud na cathrach (Cineál 1) léargas foriomlán a thabhairt ar leochaileacht Chathair Bhaile Átha Cliath maidir le guais agus riosca tuilte báistiúla. Chun an cuspóir seo a chur ar fáil, chuathas i mbun an phróisis trí chéim seo:

1. Mapáil GIS 'Tirim' Chineál 1

Aithníodh príomhionaid fhéideartha bháistiúla ar dtús trí phróiseas tosaigh scagthástála, ag úsáid teicnící GIS agus tacaíocht aige ó chigireachtaí láithreáin agus measúnú riosca táscach le go mbeidh tuiscint níos fearr ar phróisis tuilte báistiúla agus go ngnóthófar forléargas tosaigh ar thosca suntasacha riosca a bhaineann go sainiúil le Baile Átha Cliath. Úsáideadh é seo chun bonn eolais a chur faoi na céimeanna samhaltú agus mapáil 'fliuch' ina dhiaidh sin. Tá na torthaí ar taispeáint sa Tuairisc dheiridh, Aguisíní V2-A agus V2-B.

2. Samhaltú Hiodrálach 'Fliuch' Chineál 1

Tógadh 6 mhionshamhail dhéthoiseach (2T), bunaithe ar ghreille rialta dar méid cille 25cm a chumhdaíonn na dobharcheantair uisce dromchla laistigh de theorainn riaracháin Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag úsáid bogearraí samhaltaithe TUFLOW.

Ionsamhlaíonn na mionsamhlacha tuilte báistiúla i leith réimse de theagmhais báistí dar déine éagsúil (ó thaobh fad ama agus tréine). Ina dhiaidh sin próiseáladh doimhneacht, luas agus rátáil guaise (feidhm doimhneachta agus luais araon) tuilte mar aschuir samhla chun mapaí tuilte báistiúla a tháirgeadh.

3. Mapáil Tuilte Báistiúla Chineál 1

Úsáideadh faisnéis a fuarthas ó chéimeanna roimhe seo, agus i ndiaidh forbairt mapaí doimhneachta tuilte báistiúla, táirgeadh Mapaí Riosca Tuilte Báistiúla agus na grúpaí gabhdóirí seo a leanas measta:

  • An líon táscach áitritheoirí a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu agus, mar sin de, táscaire ar an riosca do shláinte an duine agus an phobail
  • Na cineálacha gníomhaíocht eacnamaíochta a bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu
  • Ceantair chosanta dar luach timpeallachta agus foinsí féideartha truaillithe (suíomhanna IED) a bhfuil baol tuilte iontu

Deimhniú Samhla

Rinneadh measúnú ar na haschuir hiodrálacha Chineál 1 i leith dhá theagmhas stairiúla tuilte a tharla i Lúnasa 2008 agus Iúil 2009. Le linn an dá theagmhas, tharla a lán teagmhais tuile i gCathair Bhaile Átha Cliath de thoradh díreach rith báistí nó pulcadh an chórais áitiúil draenála.

Sonraí Topagrafaíochta

Úsáidtear Samhail Dhigiteach den Tír-Raon (SDT) chun mapaí a chruthú. Díorthaítear an SDT ó theicnící suirbhé aeriompartha. Is sonraí Brath Solais agus Raonála (LiDAR) iad na sonraí seo ag a bhfuil RSME, idir ingearach agus chothrománach, níos lú ná 0.2m de ghnáth ag na sonraí seo agus scála greille 5 nó 10m de ghnáth. Tá sé seo ceangailte le tagarmharcanna áitiúla chun cruinneas a mhéadú.

Croíthuairimí agus Teorainneacha

Taifeach greille samhla

Is feidhm de chuid bhonn SDT (sonraí LiDAR) agus thaifeach na greille samhla é cruinneas na samhla. Úsáidtear sa tsamhail méid chille rialta 25m agus línte bristeacha chun gnéithe hiodrálacha a chur in iúl a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar leathnú rith báistí ar fud cheantar an staidéir. Ní léirítear go follasach, áfach, gnéithe beaga dar scála fo-chille (e.g. sráideanna caola, ciúmhaiseanna agus íoslaigh) a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shreabhadh uisce éadomhain dromchla.

Insíothlú báistí

Cuimsítear sna scéimriúcháin shamhail Chineál 1 léiriú teoranta de na córais uirbeacha draenála a bhraitheann, tríd is tríd, ar mheastachán ar an acmhainn líonra draenála aistrithe go fachtóir caillteanais i leith na báistí. Cé go nglactar leis go bhfeileann sé seo don leibhéal mionsonraí atá de dhíth sa staidéar seo, ní léirítear sa tsamhail scéimriúcháin reatha an t-idirghníomhú casta a tharlódh idir sreabhadh thar tír agus an líonra draenála, ná freagairtí spásúla agus ama an chórais draenála i leith teagmhas dár méideanna éagsúla.

Sainaithint, Measúnú nó Ríomh Dóchúlachtaí

Léirítear ar na mapaí doimhneacht tuile, doimhneacht mheasta tuile ag ionad ar leith le linn teagmhas tuile dár dóchúlacht áirithe. Ríomhtar na doimhneachtaí tuile trí na leibhéil talún DTM a dhealú ón leibhéal tuartha uisce. Mapáiltear na doimhneachtaí tuile mar dhoimhneachtaí seasmhacha thar na cearnóga mogalra solúbtha 5-10m i gcás mhapaí tuilte báistiúla Chathair Bhaile Átha Cliath, ach dáiríre bheadh doimhneachtaí éagsúla in aon chearnóg ar leith.

Tuilleadh Faisnéise

Tá mionsonraí iomlána ar an modheolaíocht a úsáidtear in ullmhú na mapaí tuilte báistiúla ar fáil ó anseo

Cé go bhfuil na mapaí tuilte báistiúla seo chomh cruinn agus is féidir, ag cur san áireamh na n-acmhainní agus na sonraí atá ar fáil: tá go leor nithe éiginnte ann go fóill agus iad á gcur i dtoll a chéile agus ní bheidh aon dliteanas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná ar a gníomhaithe as aon mhíchruinneas atá iontu ná a ghabhann leo. D'fhéadfadh athruithe suntasacha teacht freisin ar thuilemhánna áitiúla de thoradh athruithe topagrafaíochta ó cuireadh le chéile iad.

Nuashonraithe: 3rd Bealtaine 2018

Leathanach Priontála