English

Gluais Téarmaí

Téarmaí Definition
Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil nó DSB An dóchúlacht, léirithe go hiondúil mar chéatadán, go dtarlódh a chothrom nó a shárú de thuile de mhéid ar leith in aon bhliain ar leith. Mar shampla, i gcás tuile 1% DSB, tá seans 1%, nó 1 as 100, go dtarlódh a chothrom nó a shárú in aon bhliain ar leith.
Measúnú Cuí Measúnú ar thionchair dhóchúla phlean (mar PBPT) nó tionscadail ar shláine shuímh a ceapadh mar shuíomh Natura 2000, mar is gá faoin Treoir faoi Ghnáthóga.
Limistéar um Measúnú Breise nó LMB Limistéar ina mheastar go bhfuil dóchúlacht suntasach maidir le priacal tuile, bunaithe ar an Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile. I gcás na limistéar seo, is gá measúnú breise, agus níos mionsonraithe, chun an priacal tuile a mheas, agus céimeanna um bainistiú agus laghdú priacal tuile a thabhairt chun cinn. Is ar na LMB atá na Staidéir MBPTA dírithe.
Scéim um Dhraenáil Artaireach Oibreacha a tugadh chun cinn faoin Acht um Dhraenáil Artaireach (1945) chun draenáil talún a fheabhsú. Rinne an OPW na hoibreacha sin agus is iad a dhéanann cothabháil orthu ar bhonn leanúnach.
Tailte Tairbheacha Tailte a fhaigheann tairbhe as Scéim um Dhraenáil Artaireach.
Abhantrach An limistéar talún a dhraenálann um pointe ar leith ar abhainn nó ar chóras draenála, mar Limistéar um Measúnú Breise (LMB) nó sruth éalaithe abhann chun farraige.
Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí nó Staidéar MBPTA Staidéar um ghuais agus priacal tuile, anois agus feasta, ó uiscí abhann agus cósta a mheas agus a mhapáil; um spriocanna a leagadh amach maidir leis na priacail a léirítear a bhainistiú; agus um PBPT a ullmhú chun céimeanna tosaíochta dírithe ar na spriocanna sainithe a bhaint amach.
Pobail Cathracha, bailte móra, sráidbhailte nó bailte fearann ina bhfuil tithe cónaithe, gnóthais agus áitribh eile bailithe le chéile.
Iarmhairtí Na tionchair ó thuilte – féadfaidh siad seo a bheith díreach (e.g., dochar nó damáiste ar áitreabh nó ar leacht), cur isteach (e.g., soláthar leictreachais ar iarraidh nó bac ar bhóthar) nó indíreach (e.g., strus ar dhaoine nó caillteanas tráchtála).
Draenáil Oibreacha um uisce dhromchla nó screamhuisce a bhaint as, e.g. ó bhóithre nó limistéir uirbeacha trí chórais uirbeacha draenála uisce stoirme, nó ó thalamh trí chainéil draenála nó trí chúrsaí uisce a doimhníodh nó a méadaíodh i gcumas.
Ceantar Draenála Oibreacha um dhraenáil talún a éascadh, a ndearnadh ar fud limistéir shainithe faoi réir na nAchtanna um Dhraenáil.
Tuile Clúdach sealadach uisce ar thalamh nach gnách uisce a bheith á clúdach.
Treoir ‘Tuilte’ Is Treoir é Treoir ‘Tuilte’ an AE [2007/60/EC] a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2007. Faoin treoir seo, is gá do Bhallstáit RMPT a dhéanamh chun Limistéir um Measúnú Breise (LMB) a léiriú, agus ansin mapaí tuile agus PBPT a ullmhú do na limistéir seo.
Réimse Tuile An réimse talún atá faoi thuile nó a fhéadfadh a bheith faoi thuile. Is minic a léirítear é seo ar mhapa tuile.
Mapa Guaise Tuile Mapa a thaispeánann limistéir talún a fhéadfadh tuilte a tharla iontu, ar a thugtar mapa réimse tuile, nó mapa a thaispeánann doimhneacht, luas nó gnéithe eile tuile nó uiscí tuile um ócáid tuile ar leith. Go hiondúil, ullmhaítear Mapaí Guaise Tuile maidir le tuile a tharla cheana nó tuilte de dhóchúlacht ar leith feasta.
Mapa Priacal Tuile Mapa a thaispeánann priacail dóchúla maidir le tuilte. Féadfaidh na mapaí seo gné áirithe priacail a thaispeáint, dóchúlacht tuilte á thabhairt san áireamh (e.g., meándochair bhliantúla eacnamaíochta) ach féadfaidh siad freisin léiriú a dhéanamh ar na gabhdóirí éagsúla a n-imreodh dóchúlachtaí éagsúla tuilte tionchair orthu.
Plean um Bainistiú Priacal Tuile (Plean) Plean a leagann amach réimsí céimeanna tosaíochta laistigh de straitéis inbhuanaithe fadtéarmach, dírithe ar spriocanna sainithe um bainistiú priacal tuile a bhaint amach. Tugtar an PBPT chun cinn ar scála abhantraí nó Aonaid Bainistíochta, ach tá sé dírithe ar bhainistiú priacail laistigh de na LMB.
Tuilemhá An limistéar talún in aice le habhann nó cósta ina dtarlaíonn tuile ó am go céile ón abhainn sin nó on fharraige.
Abhann I gcomhthéacs tuilte ó aibhneacha, srutháin, etc.
Treoir faoi Ghnáthóga An Treoir faoi Ghnáthóga [92/43/EEC], atá dírithe ar bhithéagsúlacht a bhaint amach trí chosaint a sholáthar ar speicis ainmhíocha agus planda agus ar chineálacha gnáthóige a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo.
Guais Rud éigin as a dtiocfadh dochar nó droch-iarmhairtí. Sa chomhthéacs seo, tagraítear do thuilte mar ghuais.
Hiodrálaigh An caoi a n-imríonn sreabháin. Sa chomhthéacs seo, baineann sé le sruthlú uisce tuile i gcainéil abhann nó struchtúir (mar lintéir) nó de dhroim talún a mheas, chun leibhéil nó réimsí tuile a dhéanamh amach.
Hiodreolaíocht Eolaíocht na sraithe nádúrtha uisce. Sa chomhthéacs seo, baineann sé le rata agus toirt báistí ag rith de dhroim talún agus srutha tuile in aibhneacha a mheas.
Limistéar Hidriméadrachta Ranna hidreolaíochta talún, de ghnáth abhantracha móra nó bailiúchán de mhion-abhantracha, agus na limistéir chósta a bhaineann leo. Tá 40 Limistéar Hidriméadrachta ar oileán Éireann.
Táscach Go hiondúil, úsáidtear an téarma seo ag tagairt do na mapaí tuile a thagann as an RMPT. Tá na mapaí seo acoimreach seachas mionsonraithe, agus roinnt aimhrialtachtaí áitiúla iontu.
Gabhdóir Aonair Phriacail nó GAP Gabhdóir aonair (féach thíos) a léiríodh mar phriacal dóchúil suntasach tuile (seachas pobal nó limistéar eile atá faoi phriacal dóchúil suntasach tuile, LMB).
Focal eile ar thuile (féach ‘Tuile’).
Céim Maidir le céim um bainistiú priacal tuile – sraith oibreacha, struchtúrtha agus/nó neamhstruchtúrtha, atá dírithe ar phriacal tuile a laghdú nó a bhainistiú.
Clár Náisiúnta MBPTA An clár a thug an OPW chun cinn chun gnéithe lárnacha de Threoir ‘Tuilte’ an AE a chur i bhfeidhm in Éirinn; áirítear anseo na staidéir MBPTA, bunaithe ar thorthaí an RMPT.
Báistiúil Baineann sé seo le báisteach, agus le tuilte báistiúla, i.e. tuilte a tharlaíonn mar gheall ar bháisteach trom (seachas aibhneacha ag tuiliú).
Gabhdóir Pointe Rud éigin a fhéadfadh dochar nó damáiste a bhaint dó de dheasca tuile, sé sin ag suíomh áirithe ná clúdaíonn limistéar mór, mar theach, oifig, leacht, ospidéal, etc.
Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile nó RMPT Measúnú tosaigh ardleibhéal um priacal tuile ar scála náisiúnta, chun cinneadh a dhéanamh ar áiteanna ina bhfuil priacail dóchúla suntasacha maidir le tuilte, agus uaidh sin na LMB a léiriú. Sé an RMPT an chéad chéim is gá faoi Threoir ‘Tuilte’ an AE.
Lá Comhairliúcháin Phoiblí nó LCP Comhairliúchán le pobal agus le páirtithe leasmhara a fhógraítear roimh ré, áit a thaispeánann an fhoireann tionscadail ábhair (e.g., mapaí tuile, roghanna um bainistiú priacal tuile) ag láthair sa phobal; bíonn baill foirne ar láimh chun an t-ábhar a mhíniú agus a phlé, agus bionn deis ag muintir na háite agus ag daoine eile gur spéis leo eolas áitiúil agus a gcuid tuairimí a chur in iúl.
Gabhdóir Rud éigin a fhéadfadh dochar nó damáiste a bhaint dó de dheasca tuile, mar theach, oifig, leacht, ospidéal, talamh feirme nó láithreacha ceaptha comhshaoil.
Tréimhse Fillte Úsáidtí an téarma seo chun féidearthacht tuile a mhíniú, mar an mheántréimhse blianta thar achar fada ama, a fhéadfadh tuile de mhéid áirithe a tharla. Úsáidtear anois an téarma ‘Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil’ mar d’fhéadfadh ‘Tréimhse Fillte’ a bheith míchruinn.
Bruachánach Bruach abhann. Úsáidtear é seo go minic mar chur síos ar limistéar ar nó gar do bhruach abhann a thacaíonn fásra atá oiriúnach don láthair sin (Crios Bruachánach).
Priacal Dóchúlacht agus iarmhairtí tuile i dteannta a chéile.
Abhantrach An limistéar talún a dhraenálann um pointe ar leith ar abhainn nó ar chóras draenála, nó sruth éalaithe abhann chun farraige.
Ceantar Abhantraí nó CA Rannán hidreolaíoch talún chun críche an Chreat-Treoir Uisce. Tá ocht CA ar oileán Éireann, agus grúpa abhantrach i ngach ceann acu.
Abhann Ag baint le habhainn.
Rith chun srutha Sruth uisce thar nó trí thalamh chuig dobharloch (e.g., sruth, abhainn nó loch) de thoradh báistí. Féadfaidh sé seo a bheith de dhroim talún nó tríd an chré áit a dtéann uisce san talamh.
Dríodrú Cruachadh gráinníní (cré, gaineamh, móin, etc) sa chainéal abhann.
Priacal Suntasach Priacal tuile atá mar ábhar imní ar scála náisiúnta. Léiríonn an Príomh-Thuarascáil RMPT conas a mheastar priacal suntasach don RMPT agus mar sin conas a chinntear Limistéir um Measúnú Breise.
Measúnú Straitéiseach Comhshaoil nó MSC Measúnú comhshaoil ar phleananna (mar na Pleananna) chun a chinntiú go mbeidh breithniú ardleibhéal ar cheisteanna comhshaoil in ullmhú agus feidhmiú an phlean. Is gá é seo faoin treoir MSC [2001/42/EC].
Caighdeán Cosanta nó CC An leibhéal tuile a ndeartar céim/oibreacha um a chosaint sa limistéar atá faoi phriacal; is minic a chinntear é seo de réir an Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil (nó DSB).
Uisce Dromchla Uisce ar dhromchla na talún. Úsáidtear an téarma ag tagairt do lochadh báistí nach féidir a dhraenáil nó a shíothlú sa chré.
Borradh Ardleibhéil farraige mar gheall ar chúinsí mheitreolaíochta, mar ghaoithe arda nó brú íseal, seachas taoidí den ghnáthshraith.
Tionscadal Bainistíochta Suirbhé Tionscadal ag an OPW roimh na Staidéir MBPTA chun cuid mhór den obair shuirbhé a sháinniú agus a bhainistiú.
Inbhuanaitheacht Cumas seasmhachta. Úsáidtear é go minic i gcomhthéacs comhshaoil nó maidir le hathrú aeráide, maidir le gníomhaíochtaí daoine agus pobail.
Taoidmhear Baineann sé seo le taoide na mara agus na n-aigéan, i gcomhthéacs tuilte taoidmheara i.e., tuilte mar gheall ar ardleibhéil mara nó inbhir.
Topagrafaíocht Cruth na talún, e.g., mar a ardaíonn talamh nó mar a bhfuil sé cothrom.
Uisce Idirlinne Réimse abhann idir na taoidí, áit a imríonn úruisce ón abhainn agus sáile na mara ar shruth an uisce.
Aonad Bainistíochta nó AB Rannán hidreolaíoch talún chun críche an Treoir Tuilte. Ullmhófar PBPT amháin le haghaidh gach AB.
Leochaileacht An chéim dóchúlachta dochair ar ghabhdóir (féach thuas) agus an chéim iarmhairtí a éireodh as dochar dá leithéid.
Dobharlach Téarma a úsáidtear sa Chreat-Treoir Uisce (féach thíos) mar chur síos ar roinn ar leith in aibhneacha, locha, inbhir, an fharraige, screamhuisce agus dobharlaigh eile.
Creat-Treoir Uisce Is aidhm don Chreat-Treoir Uisce [2000/60/EC] uiscí dhromchla, idirlinne, cósta agus screamhacha a chosaint, an comhshaol uisceach a chosaint agus a bhreisiú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce a chur chun cinn.