English

Eolas Pleananna Tuile

Pleananna Tuile

Rinne an OPW Plean um Bainistiú Priacal Tuile (Plean Tuile) le haghaidh gach ceann den 29 Abhantrach a chuimsíonn an 300 pobal a measúnaíodh a bheith ar phriacal dóchúil suntasach tuile.

Ins na Pleananna Tuile leagtar amach na bearta atá molta um bainistiú priacal tuile ins na habhantracha, dírithe ar na limistéir sin mar ar cinneadh an priacal a bheith dóchúil suntasach. Meastar na bearta molta ar na bearta is cuí agus is indéanta, mar gheall ar an measúnú agus comhairliúchán mionsonraithe atá déanta go dtí seo.

Tugann na Pleananna Tuile eolas agus anailís leathan chun tosaíocht a thabhairt don infheistíocht amach anseo ins na háiteanna ina mbainfear an tairbhe is fear astu.

Moltar ins na Pleananna Tuile scéimeanna nua um fhaoiseamh tuile le haghaidh 122 pobal ar fud na tíre a dhéanfaidh cosaint ar 11,500 maoin. Chomh maith leis an chosaint atá ar fáil ó scéimeanna atá ar bun cheana féin agus uathu san atá á soláthar, léiríonn na Pleananna Tuile conas is féidir cosaint a sholáthar chuig thart faoi 95% de na maoine atá ar phriacal ins an 300 limistéar a ndearnadh measúnú orthu.

Is cuid lárnach é ullmhú na bPleananna Tuile seo maidir le feidhmiú pholasaí an Rialtais um bainistiú priacal tuile agus comhlíonann sé oibleagáidí na hÉireann faoi Threoir ‘Tuilte’ 2007 an AE.

Rinneadh Measúnaithe Straitéiseacha Comhshaoil agus Measúnaithe Cuí faoin Treoir um Ghnáthóga de réir mar is cuí mar chuid d’ullmhú na bPleananna Tuile.

Léigh Tuilleadh

Tá an 29 bPlean Tuile agus na doiciméid tacaíochta ar fáil le híoslódáil trí rannán na bhFoilseachán ar an suíomh gréasáin seo.

Tríd an Amharcóir Pleananna Tuile, féadfaidh úsáideoirí achoimre ar na bearta um bainistiú priacal tuile a fheiceáil mar a leagtar amach iad ins na Pleananna.

Ligeann an tAmharcóir Pleananna Tuile duit sonraí pleananna tuile a fhéachaint trí chuardach idirghníomhach mapa. Sa chaoi seo, is féidir an áit is spéis leat a aimsiú trí chuardach suímh/seoladh, nó trí zúmáil isteach.

Léigh Tuilleadh Téigh chuig Amharcóir Pleananna Tuile

Comhairliúchán Poiblí

Bhí comhairliúchán poiblí agus le páirtithe leasmhara lárnach sa phróiseas chun straitéis inbhuanaithe fadtéarmach um bainistiú priacal tuile a fhorbairt. Is aidhm dó seo a chinntiú go bhfuil bearta um bainistiú priacal tuile oiriúnach agus cuí, maraon le bheith éifeachtach maidir le teicniúlacht; agus go dtugann siad aghaidh ar chúiseanna imní agus tuairimí an phobail áitiúil agus páirtithe leasmhara.

Foilsíodh Dréacht-Phleananna um Bainistiú Priacal Tuile in 2016 um chomhairliúchán poiblí; bhí freagairt forleathan air seo le tuairimí a bhí fónta agus leathanréimseach. Rinneadh athbhreithniú orthu seo mar bhonn eolais ag na Pleananna Tuile críochnaithe.

Tá tuarascáil ar fáil anseo Acrobat Logo a thugann cur síos ar an phróiseas comhairliúcháin phoiblí, achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas agus na freagraí ar na haighneachtaí sin.

Léigh Tuilleadh

Scóip na bPleananna

Ins na Pleananna Tuile, leagtar amach straitéis inbhuanaithe fadtéarmach um bainistiú priacal tuile taobh istigh de gach Abhantrach, dírithe ar na limistéir atá ar phriacal dóchúil suntasach tuile agus ar na foinsí tuile is cúis leis an phriacal sin.

Is é seo a leanas scóip gach Plean um Bainistiú Priacal Tuile:

Scóip Spásúil Leagtar amach ins na Pleananna Tuile an réimse polasaithe agus bearta, atá in áit, faoi fhorbairt, nó molta um chuidiú le laghdú agus bainistiú priacal tuile ar fud na hAbhantraí.

Leagtar amach freisin ins na Pleananna na céimeanna indéanta, go hiondúil scéimeanna um fhaoiseamh tuile, atá molta um bainistiú agus laghdú priacal tuile ins na pobail a léiríodh a bheith ar phriacal dóchúil suntasach tuile.
Foinsí Priacal Tuile Tugann na bearta atá leagtha amach ins na Pleananna Tuile aghaidh ar na foinsí tuile a léirítear a bheith dóchuil suntasach ins na pobail taobh istigh den limistéar a chlúdaítear le gach Plean Abhantraí.
Leibhéal Mionsonraithe Leagtar amach ins na Pleananna Tuile na bearta atá molta mar na bearta is cuí ag an chéim seo measúnaithe.

Is ar dhearadh imlíneach atá na scéimeanna um fhaoiseamh tuile atá leagtha amach ins na Pleananna; níl siad ullamh um a dtógáil ag an bpointe seo. Is gá dearadh breise mionsonraithe, comhairliúchán agus measúnú comhshaoil, agus athbhreithniú ar chostais agus tairbhí do na hoibreacha sin roimh a bhfeidhmiú.
Léigh Tuilleadh