English

Achoimre ar Chomhairliúchán Poiblí

Comhairliúchán Áitiúil Phoiblí

Dhírigh an Clár MBPTA ar thrí bhabhta comhairliúcháin áitiúil ag príomhchéimeanna. Bhuail an OPW le ionadaithe áitiúla agus an pobal ag thart faoi 460 lá comhairliúcháin phoiblí (LCP) a tionóladh ins na LMB nó cóngarach dóibh; chomh maith leis sin bhí dhá thréimhse reachtúil um chomhairliúchán poiblí agus thart faoi 300 cruinniú le heagrais stáit.

2014 – 2015 Comhairliúchán Áitiúil ar Dhréacht-Mhapaí Tuile Iarradh ar dhaoine na dréachtmhapaí tuile a fheiceáil agus tuairimí a thabhairt bunaithe ar a n-eolas áitiúil agus taithí ar thuiliú sa limistéar sin. Ba dheis í seo freisin tuairimí áitiúla a fháil ar réitigh dhóchúla maidir le fadhbanna tuile sa limistéar agus cad iad na tosca tábhachtacha, mar bhonn eolais don bheart mholta.
2015 – 2016 Comhairliúchán Áitiúil ar Réamh-Roghanna um Bainistiú Priacal Tuile Iarradh ar dhaoine breathnú ar roghanna dóchúla um bainistiú priacal tuile chun an limistéar sin a chosaint ar phriacal tuile, nó an priacal sin a mhaolú. Chabhraigh sé seo sa phróiseas chun beart mholta a léiriú as an réimse roghanna a bhí ar fáil.
2016 Comhairliúchán Áitiúil ar Dhréacht-Phleananna um Bainistiú Priacal Tuile Iarradh ar dhaoine breathnú ar an dréacht-Phlean um Bainistiú Priacal Tuile don limistéar sin, ag leagadh amach na bearta um bainistiú priacal tuile don limistéar ar fad agus an dréachtbheart mholta mar fhreagra ar an phriacal tuile go háitiúil, leis na measúnaithe bainteacha comhshaoil. Scrúdaíodh na tuairimí a fuarthas mar bhonn eolais do na Pleananna Tuile críochnaithe.

Comhairliúchán Reachtúil Phoiblí

Le linn an phróisis bhí dhá chomhairliúchán reachtúil phoiblí mar seo a leanas:

2015 Comhairliúchán Reachtúil ar Dhréacht-Mhapaí Tuile Tharla comhairliúchán reachtúil ar na mapaí tuile ó 20 Samhain 2015 go 23 Nollaig 2015, an dá la sin san áireamh. Thug sé seo deis d’úinéirí talún agus maoine, go raibh a sealúchas taobh istigh de cheann de na trí réimse dóchúil tuile, agóid teicniúil a chur isteach.

Fuarthas 37 agóid ar na mapaí tuile. Chun na hagóidí seo a bhreathnú, rinneadh athbhreithniú ar na mapaí trí shuirbhéanna breise agus athshamhaltú nuair a bhí se sin oiriúnach.
2016 Comhairliúchán Reachtúil ar Dhréacht-Phleananna um Bainistiú Priacal Tuile Tharla comhairliúchán reachtúil ar na Dréacht-Phleananna um Bainistiú Priacal Tuile ar feadh tréimhse 10 seachtain le haghaidh gach LMB, idir Iúil agus Nollaig 2016.

Le linn na gcomhairliúchán reachtúla, d’fhéadfadh an pobal agus gach Údarás Áitiúil a dtuairimí féin ar na dréachtmhapaí tuile agus ar na dréacht-Phleananna Tuile a sholáthar. Bhí na tuairimí seo ar fad a fuarthas an-dearfach agus faisnéiseach agus ba chabhair mhór iad chun na Mapaí Tuile agus Pleananna Tuile críochnaithe a thabhairt chun críche.

Thionól an OPW suas le 300 cruinniú le príomheagrais Stáit agus neamh-Rialtais mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.