English

Ceisteanna Coitianta

Cé atá freagrach as riosca tuilte in Éirinn a bhainistiú?

Tá freagracht ar an OOP as bheith i gceannas ar agus as comhordú fheidhmiú an Bheartais Náisiúnta Riosca i gCás Tuilte arna fhaomhadh in 2004 a bhaineann le forbairt clár pleanáilte oibreacha féideartha tosaíochta inar mó an bhéim ar bhearta neamhstruchtúracha.

Tá an OOP ag cur ar fáil clár ilbhliantúil infheistíochta i mbearta maolaithe tuilte lena n-áirítear scéimeanna móroibreacha agus mionoibreacha agus tá pleananna déanta anois i gcomhair bearta le haghaidh ceantar ina bhfuil riosca suntasach tuilte.

Comhordaíonn an OOP gníomhaíochtaí earnála Ranna agus Gníomhaireachtaí eile tríd an nGrúpa Comhordaithe Idir-Rannach um Bheartas i gCás Tuilte agus an Grúpa Oibre Gníomhaireacht Stáit Riosca Tuilte na Sionainne. Tá tuilleadh eolais ar ról an OOP le fáil ag www.opw.ie .

Cé atá freagrach as freagairt do theagmhas tuile ar leith?

I gcás tuile, is iad na húdaráis áitiúla agus na seirbhísí éigeandála go príomha a fhreagróidh ag an leibhéal áitiúil.

Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ainmnithe mar "Roinn Rialtais Ceannais" (RRC) chun an fhreagairt d'aimsir dhian agus géarchéimeanna tuile a chomhordú. Tá an ról a bhaineann le haimsir dhian agus géarchéimeanna tuile glactha ag an Roinn ó 2009 anuas. Le linn na ngéarchéimeanna seo, tionóladh an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíú Dóiteáin agus Éigeandála agus bhí sí mar chathaoirleach ar an "Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála" thar ceann an Rialtais.

Le linn tréimhsí d'aimsir dhian, is tábhachtach an t-eolas is déanaí a fháil, trí éisteacht le faisnéis aimsire agus foláirimh aimsire ó Met Éireann, á gcur in iúl de ghnáth i rith réamhaisnéis na haimsire. Beidh faisnéis ar fáil fosta le linn aimsir dhian ar fhotha Twitter na hOifige Pleanála Éigeandála @emergencyIE agus Met Éireann @MetEireann.

Cad is Pleananna Tuilte ann?

Sainaithnítear sna Pleananna Bainistíocht Riosca Tuilte (Pleananna Tuilte) an riosca tuile atá ar eolas sna pobail is mó riosca agus leagtar amach iontu cuspóirí comhaontaithe an Rialtais chun bearta agus acmhainní a dhíriú ar agus a thabhairt chun cinn sna ceantair inar mó is féidir a ghnóthú.

Nuair a dhírítear ar na pobail seo atá 'faoi riosca' is cuidiú iad na Pleananna Tuilte chun faisnéis a chur ar fáil faoi na bearta sin trínar féidir dul i ngleic le tuilte ar fud na tíre. Is cuidiú iad na Pleananna Tuilte fosta chun feasacht a ardú ar riosca tuile, tuiscint a mhéadú ar conas a theann sé i bhfeidhm orainn agus mar is féidir le daoine agus le pobail an méid a fhéadann siad a dhéanamh a phleanáil chun damáiste agus iarmhairt tuilte ina gceantair a mhaolú.

Tá na Pleananna Tuilte faofa ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus is féidir iad a íoslódáil i rannán na bhFoilseachán ar an suíomh gréasáin seo le cois na cáipéisíochta a ghabhann leo.

Trínár mBreathnóir Pleananna Tuilte, féadann úsáideoirí amharc ar achoimre de na bearta bainistíocht riosca tuile faoi mar atá leagtha amach sna Pleananna Tuilte.

Cén fáth ar thóg sé chomh fada seo chun na Pleananna Tuile a ullmhú?

Forbraíodh na Pleananna Tuile faoi Chlár Náisiúnta CFRAM, an clár oibre is mó dá leithéid dá ndearnadh sa tír. Sa chlár seo bhí suirbhéanna mionsonraithe talamh-bhunaithe ar 6,500km d'abhainn, táirgeadh na mílte mapa tuile agus mionmheasúnú bearta féideartha riosa tuile do phobail ar fud na tíre. Den chéad uair, tá leagtha amach sa Chlár tacar cuimsitheach Pleananna Tuilte i gcomhair bainistíocht inbhuanaithe riosca tuile in Éirinn. Maidir le Clár den mhéid seo, teastaíonn na céadta bliain dhaonna oibre agus, ar ndóigh, tógann sé go leor ama lena chur i gcrích.

An bhfuil Plean Tuile ann do gach cuid den Tír?

Tá 29 Plean Tuile ann a bhaineann le hAbhantracha ar leith agus ina gcumhdaítear an tír ar fad. Cé gur forbraíodh an 29 Plean Tuile trí dhíriú ar 300 pobal inar measadh go bhféadfadh an riosca a bheith suntasach, dírítear aird freisin ar bhearta le dul i ngleic le tuilte ar fud na tíre.

Roghnaíodh an 300 pobal seo in 2012 ó fhaisnéis ar thuilte an ama atá caite, roinnt measúnú innealtóireachta ardleibhéil ar riosca tuile agus ó chomhairliúchán poiblí. Ceantair le haghaidh Measúnú Breise a thugtar, ar bhonn teicniúil, ar an 300 pobal seo sna Pleananna Tuilte.

Chomh maith leis an 300 limistéar ar díríodh orthu san Chlár MBPTA, measúnaíodh líon beag limistéar eile trí cheithre chlár phíolótach MBPTA, nó tá scéimeanna beaga nó tuaithe um fhaoiseamh tuile iontu cheana féin nó ar siúl. Tá tagairt do na limistéir eile seo ins na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile.

Cuir i gcás nár measúnaíodh mo phobal?

Dírítear i gClár CFRAM, inar forbraíodh na Pleananna Tuilte, ar na ceantair inar measadh an riosca mar fhéidearthacht shuntasach. Sainaithníodh na ceantair seo trí mheasúnú náisiúnta scagthástála ar a dtugtar Measúnú Tosaigh Riosca Tuile (PFRA). Is iondúil gur pobail iad seo, idir mhór agus bheag, inar dlúithe an riosca.

Aithnítear gur baol iad na tuilte do phobail eile agus gur cuidiú iad na bearta a bhaineann le gach ceantar atá leagtha amach sna Pleananna Tuilte chun an riosca a bhainistiú nó a laghdú sna pobail sin. Go sonrach, is cuidiú é cheana chun riosca tuile ina lán de na pobail seo a laghdú é Clár Mionoibreacha an OOP, trína gcuireann an OOP maoiniú ar fáil d'údaráis áitiúla chun réitigh áitiúla a fheidhmiú ar fhadhbanna áitiúla tuile.

Cén cineál beart atá á moladh sna Pleananna Tuile?

Tá cur síos sna Pleananna Tuilte ar bhearta struchtúracha agus neamhstruchtúracha atá ar bun cheana féin ag leibhéal náisiúnta, abhantraí nó pobail ach moltar fosta roinnt bearta nua.

De ghnáth, is oibreacha fóirithinte tuilte iad na bearta struchtúracha amhail ballaí nó claífoirt chosanta tuile, oibreacha chun iompar cainéil a fheabhsú nó stóráil nó malairt slí sreafaí tuile. Moltar sna Pleananna Tuilte scéimeanna nua fóirithint tuile do 122 pobal ar fud na tíre a chosnóidh 11,500 foirgneamh.

Féadann gach pobal agus foirgneamh leas a bhaint as bearta neamhstruchtúracha agus áirítear leo:

  • Pleanáil Inbhuanaithe
  • Bainistíocht Úsáid Talún agus Bainistíocht Riosca Nádúrtha Tuile
  • Seirbhís Náisiúnta Réamhaisnéis agus Foláireamh Tuilte
  • Cosaint Foirgneamh Aonair (IPP)
  • Seasmhacht Pobail

Tá an Grúpa Comhordaithe Idir-Rannach Beartas Tuile ag leanúint dá chuid oibre chun moltaí breise féideartha neamhstruchtúracha a chur chun cinn le go mbreithneoidh an Rialtas iad chun tacú agus cabhrú le teaghlaigh agus pobail.

Conas a chinn an OOP cé na bearta molta a bheadh i gceist?

Rinneadh réimse leathan de bhearta féideartha a mheas do gach pobal atá faoi riosca. Cuireadh réimse de thosca san áireamh nuair a roghnaíodh na bearta ab oiriúnaí do phobal ar leith, lena n-áirítear:

  • an mbeadh na bearta éifeachtach chun riosca tuile a laghdú
  • buntáistí agus iarmhairtí an bhirt ar dhaoine, ar phobal agus an tsochaí, gnólachtaí, talmhaíocht, bonneagar, an timpeallacht agus ar an oidhreacht chultúrtha áitiúil,
  • costas na mbeart i gcóimheas na mbuntáistí féideartha i dtéarmaí damáiste tuilte a laghdú, agus
  • tuairimí mhuintir na háite ar cé acu beart ab oiriúnaí.

Rinneadh comhairliúchán áitiúil ar an réimse de bhearta a d'fhéadfadh bheith inmharthana trí Laethanta Comhairliúcháin Phoiblí agus freisin trí phróiseas comhairliúcháin fhoirmiúil náisiúnta ar na Dréacht-Phleananna Tuilte. Cuireadh tuairimí mhuintir na háite agus aighneachtaí comhairliúcháin san áireamh chun a shocrú cé acu beart a mholfaí sna Pleananna Tuile deiridh.

Déanfar comhairliúchán breise áitiúil roimh chur i bhfeidhm scéim fóirithint tuile.

An bhfuil na scéimeanna molta fóirithint tuile réidh le tógáil?

Ní mór d'aon scéim struchtúrach fóirithint tuile arna infheistiú ag an Rialtas bheith inmharthana agus oiriúnach go teicniúil, go heacnamaíoch agus ó thaobh na timpeallachta de chun go rachaidh sé chun cinn sa phleanáil. Tabharfar na bearta struchtúracha atá á moladh sna Pleananna Tuilte chun cinn trí fhorbairt leibhéal tionscadail a chuireann san áireamh suirbhéanna agus fiosrúcháin áitiúla, measúnuithe timpeallachta faoi stiúir tionscadal, dearadh mionsonraithe, teagmháil bhreise leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara agus Taispeántas Poiblí áitiúil nó aighneacht ar fhaomhadh nó deimhniú pleanála.

Déanfar anailís bhreise costais is tairbhe freisin i ndiaidh dearadh mionsonraithe chun a chinntiú go mbeidh an scéim indéanta.

Cén uair a thógfar an scéim atá á moladh do mo cheantarsa?

Infheistíocht dar suim iomlán €940 milliún le linn ré an Phlean Forbartha Náisiúnta go 2017 a bheidh mar bhonn agus taca do sholáthar an chláir oibreacha caipitil seo. Nuair a chuirtear san áireamh scála na n-oibreacha atá á moladh faoi mar atá leagtha amach sa 29 Plean Tuile go léir, ní fhéadfaí tosú ag feidhmiú na scéimeanna molta uile ag an am céanna, chomh maith le soláthar an chláir reatha scéimeanna fóirithint tuile ata idir lámha cheana.

Beidh an OOP ag obair anois i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla le tosú ar fheidhmiú an chéad sciar de scéimeanna nua a cuireadh in ord tosaíochta trí úsáid cur chuige anailís ilchritéar ar bhonn réigiúnach. Cuimseofar sa chéad sciar seo 5 mhórscéim agus costas breis agus €15 milliún orthu uile, le cois réimse de scéimeanna meánmhéide agus beaga. Tá an Rialtas ag méadú faoi dhó leithdháileadh bliantúil maoiniú Caipitil do scéimeanna fóirithint tuile agus is €100m a bheidh ann faoi 2021.

Cén tionchar a bheidh ag na bearta atá á moladh ar an gcomhshaol?

Rinneadh Measúnachtaí Straitéiseacha Comhshaoil agus, nuair ba bhainteach, Measúnachtaí Cuí Leibhéal Tionscadail faoin Treoir um Ghnáthóga agus Éan ar na Pleananna Tuilte agus measadh iontu tionchair fhéideartha na mbeart ar an gcomhshaol. Tá torthaí na measúnachtaí seo ar fáil i rannán na bhFoilseachán ar an suíomh gréasáin seo. Is iondúil, áfach, gur gá measúnachtaí comhshaoil leibhéal tionscadail sular féidir scéim fóirithint tuile a thabhairt chun cinn chun go bhfeidhmeofar í.

Rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú neamhspleách ar na measúnachtaí comhshaoil seo. Is é an tátal a baineadh as nach mbeidh tionchar diúltach ag na Pleananna seo ar shláine Suíomhanna Natura agus nach dócha tionchair shuntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol.

An dtéann na Pleananna Tuilte i bhfeidhm ar an athrú aeráide?

Rinneadh measúnú ar thionchair fhéideartha athrú aeráide ar mhéideanna tuile agus agus riosca tuile tríd an gClár Náisiúnta CFRAM agus tá na leibhéil fhéideartha riosca feasta leagtha amach sna Pleananna Tuilte. Mar sin de, cuireadh san áireamh sa mheasúnú ar bhearta a d'fhéadfadh bheith inmharthana cé chomh hinathraithe a bheadh beart féideartha chun plé le tionchair fhéideartha athrú aeráide agus bhí tionchar aige seo ar an rogha beart a mholtar sna Pleananna Tuilte.

Mar chuid de dhearadh mionsonraithe na scéimeanna fóirithint tuile molta, cuirfidh OOP san áireamh tionchair fhéideartha athrú aeráide.

Cé chomh beacht atá na Mapaí Tuile agus cén úsáid atá leo?

Ullmhaíodh na Mapaí Tuile bunaithe ar shuirbhéanna agus samhlacha mionsonraithe sa 300 pobal atá i mbaol tuile a d'fhéadfadh bheith suntasach agus a seiceáladh i leith faisnéis tuile an ama atá caite mar a raibh sí ar fáil chun a chinntiú go gcuirtear tuilte ón am atá caite san áireamh mar is ceart sna Mapaí Tuilte agus, mar sin de, ceantair ina mbeadh baol tuilte sa todhchaí. Tá na Mapaí Tuile do roinnt ceantar taobh amuigh de na pobail seo bunaithe ar shonraí nach bhfuil chomh mion céanna agus, mar sin de, d'fhéadfadh sé nach mbeadh siad chomh hiontaofa.

Bíonn éiginnteacht áirithe ag baint le samhaltú agus mapáil tuilte i gcónaí óir baineann sé le hiarracht a dhéanamh córais chasta nádúrtha, so-athraithe a shamhaltú. Is mó an éiginnteacht seo i gcás tuilte diana agus nuair is lú an fhaisnéis atá ar fáil ar thuilte san am atá caite chun na samhlacha agus na mapaí a sheiceáil.

Léirítear ar na Mapaí Tuile ceantair a bheadh i mbaol tuilte agus d'fhéadfadh sé seo bheith úsáideach ag lucht pleanáil freagairt éigeandála, ag forbróirí agus ag earnálacha agus daoine eile ar cúis imní dóibh riosca tuile. Is tábhachtach, áfach, go gcinntíonn aon úsáideoir Mapaí Tuile go n-oireann na Mapaí Tuile dá n-úsáid bheartaithe féin agus nach ceadmhach na Mapaí Tuile seo a úsáid ar chúiseanna tráchtála.

Cad é an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ó na tuilte in 2015/2016 i gcomhair na Mapaí Tuile agus na bPleananna?

Réitíodh agus foilsíodh Dréacht-Mhapaí Tuile le haghaidh comhairliúcháin sular tharla tuilte Gheimhreadh 2015/16. Go ginearálta, tá go leor ionannais idir comparáidí méideanna breathnaithe tuile Gheimhreadh 2015/16 i leith na méideanna tuile mapáilte agus léirítear go maith ar na Mapaí Tuile na ceantair atá i mbaol tuilte. I gcás líon beag ceantar, sonraíodh roinnt difríochtaí agus leasaíodh na Mapaí Tuile ó shin le go léireofaí níos cruinne na ceantair ar léir iad a bheith i mbaol tuilte.

Má léirítear ar Mhapa Tuile go bhfuil riosca tuile i mo cheantar, an mbeidh tuile againn?

Ní ag cruthú riosca tuile atá na Mapaí Tuile ach, den chéad uair, tá siad ag leagan amach na heaspa cosanta ar riosca i ngach ceann den 300 pobal. D'fhéadfadh sé go léireofaí ar na Mapaí Tuile freisin ceantair nach raibh tuilte iontu san am atá caite ach a d'fhéadfadh tuilte a bheith iontu amach anseo.

Má chónaím i gceantar ina bhfuil riosca tuile, cad é ba chóir dom a dhéanamh?

Má chónaíonn tú i gceantar ina bhfuil riosca tuile, is féidir rudaí a dhéanamh ionas go mbeidh tú ullamh má agus nuair a tharlaíonn tuile.

Tá suíomh gréasáin feasachta sainiúil ag an OOP www.flooding.ie do bhailte, gnólachtaí agus feirmeacha. Ar an suíomh seo tá eolas agus treoir phraiticiúil ar an tslí le bheith ullamh chun gnímh má agus nuair a tharlaíonn tuile. Tá leabhrán áisiúil ullmhaithe ag an OOP fosta dar teideal "Pleanáil, ullmhaigh, cosain" atá ar fáil ar líne agus ar féidir é a íoslódáil.

Cuirtear treoir phraiticiúil ar fáil tríd an bhfeachtas Bí Ullamh don Gheimhreadh chun plé le teagmhas aimsir dhian ar bith. Tá tuilleadh eolais ag www.winterready.ie .

Cén dóchúlacht go mbeidh tuile i mo theach nó i m'áitreabh?

Léirítear ar na Mapaí Tuile an dóchúlacht go dtarlóidh tuile i gceantair sa 300 pobal a sainaithníodh go bhfuil siad i mbaol féideartha tuilte suntasacha.

Tugtar an Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe nó 'DBS' ar an dóchúlacht tuile seo. Scríobhtar í mar an dóchúlacht tuile in aon bhliain ar leith agus, mar sin de, ciallaíonn tuile dar DBS 1% go bhfuil seans 1% nó 1 as 100 ann go dtarlóidh teagmhas tuile i mbliain ar bith. In amanna tugtar tuile '100 bliain' ar theagmhas DBS 1%. Sampla de seo is ea an tuile a tharla i nGeimhreadh 2015/2016.

Mura bhfuil aon Mhapa Tuile mionsonraithe ann do mo cheantar, an gciallaíonn sé sin nach mbeidh tuile i mo cheantar?

Ciallaíonn sé nach bhfuil an riosca tuile do do cheantar measta ag an OOP mar chuid de Chlár CFRAM inar díríodh ar na ceantair sin inar measadh an riosca tuile a bheith suntasach. D'fhéadfadh taifid de theagmhais tuile i do cheantar ón am atá caite a bheith ar an mBreathnóir Mapa tuile, áfach, agus d'fhéadfadh sé seo riosca tuile a léiriú.

Má chónaím i gceantar measúnaithe ach nach bhfuil m'áitreabh léirithe mar áitreabh i mbaol tuile, an mbeidh tuile againn?

Breathnaítear sna Mapaí Tuile ar riosca tuile ó aibhneacha agus ó leibhéil dhiana mara agus ó theagmhais bháistí i Ráth Bhoth agus i mBaile Átha Cliath ach ní ó chúiseanna eile tuile, m.sh. uisce talún agus clisedh bonneagair. Ba cheart glacadh leis nach bhfuil aon riosca tuile ann.

An úsáidfidh na hÚdaráis Áitiúla na Mapaí Tuile ina gcinntí Pleanála?

Is den riachtanas feidhmiú ceart na dTreoirlínte ar an gCóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuile (RTPRÁ/OOP, 2009) ag na húdaráis pleanála chun go seachnófar forbairt mhíchuí i gceantar atá i mbaol tuilte agus, mar sin de, chun go seachnófar méaduithe nach gá ar riosca tuile sa todhchaí. Leis na Mapaí Tuile a fhorbraíonn an OOP beidh bonn fianaise níos mó arís ag na húdaráis pleanála i gcomhair a gcinntí pleanála inbhuanaithe.

An féidir le comhlachtaí árachais na Mapaí Tuile a úsáid?

Déanann comhlachtaí árachais cinntí tráchtála maidir le cumhdach árachais a sholáthar bunaithe ar a measúnú riosca agus feidhm á baint acu as a gcuid samhlacha agus modhanna féin. Tugtar le fios go soiléir tríd an séanadh a ghabhann le Mapaí Tuile an OPW go bhfuil cosc ar úsáideoirí an tsuímh gréasáin na Mapaí Tuile ná aon ábhar eile ar an suíomh gréasáin a úsáid chun críche tráchtála. Is ceisteanna d’árachóirí aonair iad cumhdach árachais a sholáthar, leibhéal na bpréimheanna a ghearrtar agus na téarmaí pholasaí a chuirtear i bhfeidhm.

Diúltaíodh árachas dom mar gheall ar riosca tuile. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Féadann tú do thaithí a phlé le Insurance Ireland ar 01-6761820. Má tá gearán agat faoi do ghnó féin le comhlacht árachais nár réitigh an comhlacht sin, ba chóir dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais ar LoCall 1890 882090 nó 01-6620899.