English

Eolas Draenáil

Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach

Rinne an OPW líon scéimeanna um dhraenáil artaireach faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945, agus scéimeanna cosanta tuile faoin Acht um Dhraenáil Artaireach (Leasú) 1995. Faoi alt 37 den Acht 1945, tá de dhualgas ar an OPW oibreacha draenála a chothabháil faoi dheisiú ceart agus faoi chóir éifeachtach. Eagraítear an obair seo ar bhonn réigiúnach; tá oifigí réigiúin ag Mungairit, Co. Luimnigh; Áth Cinn, Co. Na Gaillimhe; agus Baile Átha Troim, Co. Na Mí.

Rinneadh Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945 chun talamh a fheabhsú um thalmhaíocht agus chun tuiliú a mhaolú. Athraíodh aibhneacha, locha, cora agus droichid chun sruthlú a éascadh. Tógadh claífoirt chun gluaiseacht uisce tuile a smachtadh agus rinneadh oibreacha éagsúla eile faoi Cuid II den Acht um Dhraenáil Artaireach 1945. Bhi de chuspóir ag na scéimeanna talamh a fheabhsú um thalmhaíocht; chun a chinntiú go gcoinneofaí an tuile trí bliana sa phort, íslíodh na leibhéil uisce le linn an tséasúir fáis chun leathbhá a mhaolú ar an talamh le hais chúrsaí uisce ar a dtugtar talamh calaidh. Méadaíodh ar an gcosaint tuile ins na tailte a tairbhíodh de thoradh na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach.

Ba é An Bhrosnach (An Iarmhí, Uíbh Fhailí agus Laois) an chéad scéim, a thosaigh in 1947. Críochnaíodh na scéimeanna deiridh ins na 1990idí. Clúdaíonn na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach thart faoi 20% den tír, na limistéir is cothromaí go hiondúil. Tá an OPW freagrach as Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach a chothabhbáil faoi altanna 37 agus 38 den Acht um Dhraenáil Artaireach 1945. Leasaíodh an tAcht ó am go céile, e.g. chun Rialacháin agus Treoracha AE a thrasú - mar shampla, EIA, SEA, Treoracha um Ghnáthóga agus Coinbhinsiún Aarhus.

Tá tuilleadh eolais maidir leis seo agus faoi Scéimeanna móra um Dhraenáil Artaireach ag an OPW le fáil ar an suíomh gréasáin opw.ie .

Faoi na hAchtanna um Dhraenáil Artaireach 1945 agus 1995, is gá cead roimh ré ón OPW chun cúrsaí uisce, droichid, cora agus claífoirt a thógáil nó a athrú. Is gá na riachtanais dlíthiúla seo chun a chinntiú nach méadaítear an priacal tuile agus nach mbeidh droch-thionchar ar dhraenáil talún mar thoradh ar thionscadail tógála nó athraithe. Tá tuilleadh eolais maidir leis seo agus foirmeacha iarratais le fáil ar suíomh gréasáin opw.ie.

Téigh chuig an amharcóir – Mapa Oibreacha Draenála

Ceantair Dhraenála

Rinne Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí Ceantair Dhraenála a cheapadh, faoi achtanna draenála agus loingseoireachta ó 1842 anuas go dtí na 1930idí, chun talamh a fheabhsú um thalmhaíocht agus chun tuiliú a mhaolú. Doimhníodh agus leathnaíodh cainéil, baineadh amach cora, tógadh claífoirt, tógadh nó athraíodh droichid agus rinneadh oibreacha ilchineálacha eile.

Ba é cuspóir na scéimeanna ná talamh a fheabhsú um thalmhaíocht, trí ísliú ar na leibhéil uisce le linn an tséasúir fáis chun leathbhá a mhaolú ar an talamh le hais chúrsaí uisce ar a dtugtar talamh calaidh

Clúdaíonn na Ceantair Dhraenála thart faoi 10% den tír, na limistéir is cothromaí go hiondúil.

Tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as na Ceantair Dhraenála a chothabháil. San Acht um Dhraenáil Artaireach 1945, tá forálacha um bainistiú na gCeantar Draenála i gCuid III agus i gCuid VIII den Acht.

Leasaíodh an tAcht ó am go céile, e.g. chun Rialacháin agus Treoracha AE a thrasú - mar shampla, EIA, SEA, Treoracha um Ghnáthóga agus Coinbhinsiún Aarhus.

Téigh chuig an amharcóir – Mapa Oibreacha Draenála

Coimisiún na Talún

Ghlac Coimisiún na Talún seilbh ar líon áirithe claífort mar chuid den réimse oibre acu. Chruthaigh úinéirí talún na claífoirt seo chun talamh a aisghabháil ó aibhneacha nó ón bhfarraige, go hiondúil san 19ú aois. Ba chuspóir do na scéimeanna seo talamh a chruthú um thalmhaíocht. I gcásanna áirithe, cruthaíodh claífoirt agus ligeadh don talamh taobh thiar díobh tuiliú agus sruthlú amach chun an salann sa chré a laghdú. Faoi Alt 10 den Acht Talún 1965, díolmhaíodh an tAire agus Coimisiún na Talún ó fhreagracht ar bith um chothabháil talún a dhiol an Coimisiún Talún. Is ar na húinéirí talún reatha a thiteann an freagracht, de réir forálacha na nAchtanna Talún.

Rinne an OPW suirbhé ar na claífoirt seo in 1939 agus 1940 mar chuid de shaothar Choimisiún De Brún. Faoi Chuid IV den Acht um Dhraenáil Artaireach 1945, cruthaíodh foráil chun claífoirt a chuimsiú faoi scéimeanna draenála. Leasaíodh an tAcht ó am go céile, e.g. chun Rialacháin agus Treoracha AE a thrasú - mar shampla, EIA, SEA, Treoracha um Ghnáthóga agus Coinbhinsiún Aarhus.

Téigh chuig an amharcóir – Mapa Oibreacha Draenála