English

Sonraí Pleananna atá ar fáil

Leis an Amharcóir Pleananna Tuile féadfar achoimre ar na bearta um Bainistiú Priacal Tuile, mar a bhaineann siad leis an áit a roghnaítear, a fheiceáil mar atá siad leagtha amach ins na Pleananna Tuile.

Bearta ar Leibhéal LMB

Tá bearta ar an leibhéal seo dírithe ar phriacal tuile i bpobal ar leith a bhainistiú nó a laghdú. Go hiondúil, is oibreacha struchtúrtha um fhaoiseamh tuile iad na bearta seo, mar shampla ballaí nó claífoirt cosanta tuile, oibreacha chun sruthlú cainéil a fheabhsú nó srutha tuile a stóráil nó a chur ar mhalairt treo.

Bearta ar Leibhéal Abhantraí

Tá bearta ar an leibhéal seo dírithe ar phriacal tuile in iliomad pobal a bhainistiú nó a laghdú. Orthu seo bheadh bearta struchtúrtha mar thaiscumair stórála tuile a laghdódh srutha tuile ins na pobail le sruth anuas, nó bearta neamhstruchtúrta mar chórais réamhaisnéise tuile chun cuidiu le daoine agus gníomhaireachtaí ins na pobail ar fud na habhantraí ullmhú roimh thuile atá ag teacht.

Bearta ar Leibhéal Náisiúnta

Ar an leibhéal seo tá polasaithe agus oibreacha eile atá dírithe ar, nó a bhaineann le, priacal tuile ar fud na hAbhantraí a laghdú (e.g., pleanáil spásúil, pleanáil um fhreagairt éigeandála, agus cothabháil scéimeanna draenála), ar a n-áirítear maoine taobh amuigh de na pobail atá ar phriacal dóchúil suntasach (na ‘LMB’).