English

Ócáidí Tuile Roimhe Seo - Treoirnótai Úsáideora

An cúlra do na taifid ar Ócáidí Tuile Roimhe Seo

Idir 2004 agus 2006 thug an OPW chun cinn an suíomh gréasáin um Mapáil Guaise Tuile, www.floodmaps.ie; tugtar anseo faisnéis ar ócáidí tuile in Éirinn atá ar eolas agus taispeántar fianaise tacaíochta maidir leis na tuilte seo – tuarascálacha, grianghraif, altanna nuachtáin, etc. Le linn an ama seo cuireadh clár abhalmhór um bailiú sonraí ar bun, chun réimse leathan faisnéise maidir le tuiliú a a chruinniú agus a chomhordú; bhí breis agus 50 eagraíocht páirteach, go háirithe údaráis áitiúla agus eagraíochtaí náisiúnta mar Uiscebhealaí Éireannm, RCORA agus Teagasc. Ar na cineálacha faisnéise a bailíodh bhí grianghraif de thuilte, taifid ó stáisiúin tomhais, tuarascálacha ó chomhairleoirí, cuntais ó bhaill foirne, litreacha ó dhaoine aonair sa phobal agus miontuairiscí ar chruinnithe le hoifigigh lárnacha.

Rinneadh athbhreithniú, fíorú, measúnú agus clárú ar an bhfaisnéis se oar fad, chun Cartlann Náisiúnta Sonraí Tuile a chruthú. Uaidh seo rinneadh mapail ar na tuilte agus cuireadh an t-eolas suas ar an suíomh gréasáin. Ó 2006 anuas, de réir mar a tharla tuilte nó de réir mar a tháinig eolas chuig an OPW ó fhoinsí éagsúla (an pobal i gcoitinne san áireamh), cuireadh tuilte agus tuarascálacha nua ar an suíomh ar bhonn leanúnach. Tá eolas faoi thuilte a tharla anuas go dtí Fómhar 2014, a tugadh chuig an OPW agus a faomhadh, ar fáil faoi láthair. Cuirfear eolas faoi thuilte a tharla níos déánaí ná sin ar an suíomh gréasáin in am tráth.

Go déanach sa bhliain 2017, nuair a bunaiodh an suíomh gréasáin seo www.floodinfo.ie, aistríodh na sonraí seo chuig an suíomh gréasáin nua seo. Is féidir é a fhéachaint tríd an sraith “Ócáidí Tuile Roimhe Seo” a roghnú; tugann sé seo na sonraí ar ócáidí tuile roimhe seo ag an am gcéanna le sraitheanna tuartha mapála tuile.

Clár agus Eolas atá ar fail

Ócáidí Tuile Roimhe Seo

Sainítear Ócáid Tuile Roimhe Seo mar ócáid tuile a taifeadadh ag áit ar leith ar dháta ar leith nó ar bhonn athfhillteach. Faightear an t-eolas seo ó dhoiciméadú faisnéise faoi Thuile ar a n-áirítear Turarascálacha ar Ócáidí Tuile, altanna nuachta, faisnéis chartlainne agus grianghraif.

Suíomhanna Ócáidí Tuile Roimhe Seo

Ar an mapa, léirítear Suíomhanna Ócáidí Tuile Roimhe Seo le comhartha pointe suite ar shuiomh achomair na tuile. Cuirtear comhartha pointe tuile ag áit ar bith atá luaite i dtuarascáil a thugann sonraí faoi ócáid tuile. Sa chás gur tharla níos mó ná tuile amháin ins an áit chéanna, agus chun áit le tuiliú iolrach a léiriú, úsáidtear comhartha pointe iolrach tuile.

Chun breis eolais (m.sh. Tuarascálacha ar Ocáidí Tuile nó grianghraif más ann dóibh) a fháil faoi na hócáidí seo, cliceáil ar an gcomhartha pointe tuile; léireofar “Achoimre Tuile” ina bhfuil achoimre ar an eolas atá ar fáil faoin tuile sin agus is féidir teacht ar thuilleadh eolais ina thaobh.

Níl eolas ar mhapa ar fáil a léiríonn réimse an limistéir a bhí faoi thuile.

Achoimre Tuile

Tugann an tAchoimre Tuile sonraí ar leith faoin Ócáid Tuile, ar a n-áirítear iad seo a leanas:

  • Ainm na hócáide tuile
  • Dáta airde (na hÓcáide Tuile)
  • Contae (féadfar níos mó ná contae amháin a liostáil sa chás gur imigh an tuile thar teorainneacha contae)
  • Cód Cáilíochta Tuile. Rangtar gach tuile ó 1 go 4 ag brath ar cháilíocht an eolais atá ar fáil faoin tuile sin.
  • Eolas Breise

Tuarascálacha ar Ócáidí Tuile

Is iad na Tuarascálacha ar Ócáidí Tuile ná tuarascálacha ar ócáidí roimhe seo a tiomsaíodh ón eolas a tháning ó Udaráis Áitiúla agus ó Chomhairleoirí MBPTA, tríd an Fhoirm um Thuairisciú ar Ócáid Tuile. Féadfar iad seo a fhéachaint agus a íoslódáil i bhformáid pdf.

Altanna nuachta, faisnéis chartlainne agus grianghraif

Tá altanna nuachta, faisnéis chartlainne agus grianghraif ar ócáidí roimhe seo ar fáil le féachaint agus le híoslódáil. Cuimsítear anseo eolas ó fhoinsí iomadúla – fianaise bhéil agus cuntais ó fhinnéithe, seanaltanna nuachtáin, tuairiscí nuachta le déanaí, taifid na nÚdarás Áitiúil agus Comhairleoirí MBPTA.

Comharthaí agus Cóid Cháilíochta

Comhartha Pointe Tuile

Flood Point SymbolTaispeánann an Comhartha Pointe Tuile an áit, go hachomair, ina raibh tuile roimhe seo.

Comhartha ar Thuile Iolrach / Athfhillteach

Recurring Flood SymbolTaispeánann Comhartha ar Thuile Iolrach / Athfhillteach suíomh achomair limistéir ina raibh níos mó ná Ócáid amháin Tuile.

Cóid Cháilíochta

Úsáidtear na Cóid Cháilíochta chun an ócáid tuile agus an t-eolas tuarascála a rangú maidir le hábhar agus iontaofacht na faisnéise. Cuimsíonn réimse na sonrai ins an Achoimre Tuile sraith ó ghrianghraif a tógadh um barrghéire ócáidí tuile a léiríodh go soiléir go dtí tuarascálacha ócáidí ag foirne seachtracha na nÚdarás Áitiúil.

Mar thoradh ó phróiseas fíoraithe déantar clárú agus rangú ar gach mír eolais a bhailítear ó na heagrais foinse, mar seo a leanas:

  • Cód 1: Tugtar, maidir le hócáid tuile ar leith ag áit ar leith, faisnéis sainiúil ó fhoinse iontaofa ar ardléibhéil tuile agus/nó uasréimsí tuile.
  • Cód 2: Tugtar, maidir le hócáid tuile ar leith ag áit ar leith, faisnéis sainiúil ó fhoinse iontaofa ar léibhéil tuile agus/nó réimsí tuile. Ach ní thugann sé cuntas iomlán ar réimse na hócáide ag an áit sin.
  • Cód 3: Tugtar, maidir le suíomh ar leith, faisnéis a léiríonn, lasmuigh d’amhras réasúnta, gur tharla tuile sa chomharsanacht.
  • Cód 4: Tugtar eolas faoi thuile gur dóichí atá fíor, chomh fada agus is féidir a chinntiú.

Ní dhéantar altanna nuachta a fhíorú ná a rangú mar atá léirithe thuas. Cuirtear iad san ar fáil mar ar foilsíodh iad ins na nuachtáin.

Iomláine agus Cruinneas

Iomláine

Ní clár cuimsitheach ar gach ócáid tuile (báistí/taoide) in Éirinn é an Chartlann Náisiúnta Sonraí Tuile; chuir na heagrais foinse ábhar ar fáil ó na taifid a bhí ar fáil acu ar a ndiscréid féin. Ach fós is í an Chartlann an bailiúchán sonraí ar ócáidí tuile roimhe seo is cuimsithí agus is iomláine dá bhfuil ar fáil sa tír. Déantar eolas nua a fhíorú agus a scrúdú um dhúbláil sula chuirtear leis an mbunachar sonraí é.

Cruinneas

Tá an t-eolas ar fad atá curtha ar fáil ins an sraith “Ócáidí Tuile Roimhe Seo” fíoraithe agus rangaithe de réir cháilíochta an ábhair. Tá mapáil déanta ar na pointí tuile de réir an eolais is fearr maidir lena suíomh agus rangaíodh iad freisin maidir le cáilíocht na faisnéise tacaíochta a tuairiscíodh. Cuirtear síos faoi Chóid Cháilíochta thuas ar na cóid cháilíochta a úsáideadh chun an fhaisnéis tuile a rangú.

Ní thugann comhartha pointe tuile ach tuairim faoi shuíomh achomair tuile agus níltear ag súil go mbeadh sé cruinn ar leibhéal maoine aonair.

Sa chás nach bhfuil léiriú tuile (comhartha pointe nó limistéir) maidir le hócáid tuile roimhe seo in aon áit ar leith, ní chiallaíonn sé sin nach raibh tuiliú riamh sa limistéar sin ná nach mbeidh baol tuile ann amach anseo. Féadfaidh áit a bheith ar phriacal tuile ach féadfaidh sé nach bhfuil eolas ar fáil maidir le tuilte roimhe seo.

Iontaofacht

Measúnaítear iontaofacht gach eolais tuile (seachas na haltanna nuachta) mar chuid den phróiseas fíoraithe agus léirítear é seo ins na cóid cháilíochta (féach an cheist a leanas) a leagtar ar ar na hócáidí tuile agus ar na tuarascálacha tuile araon. Leagtar an cód cáilíochta is airde (cód 1) ar an eolas is mionsonraithe maidir le tuile (ardtréimhse agus ardleibhéil, dátaí, áiteanna aitheanta, tuarascálacha innealtóirí, agus mar sin de). Nuair is de cháilíocht níos ísle atá an t-eolas (mar dhátaí achomair, easpa eolais ar ardtréimhsí, leibhéil nár taifeadadh, suíomh measta) leagtar cód cáilíochta níos ísle. Sa chaoi seo, is féidir iontaofacht an eolais a mheasúnú.

Uasdhátú agus Athbhreithniú

Tá an Chartlann Náisiúnta Sonraí Tuile, as a thagann an t-eolas ar fad le cur suas ar an suíomh gréasáin, á uasdhátú agus á breisiú ag an OPW i gcónaí. Is féidir eolas ar ócáidí nua agus ar sheanócáidí tuile, ó iliomad foinsí (rialtais, príobháideach agus aonair) a chur ar aghaidh um chuimsiú ann de réir mar a thagann sé chun solais. Déantar seiceáil agus rangú ar gach eolas sa chéad áit, agus ansin faomhtar é sula chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin é.

Nuashonraithe: 3rd Bealtaine 2018

Leathanach Priontála