English

Tionchair ó Thuiliú

Tionchair ar dhaoine agus ar phobail

Féadfaidh gortú, breoiteacht nó bás a theacht as tuilte. Baineann baol ar leith le huiscí tuile atá doimhin, faoi luas srutha nó ag éirí go tapa. Mar shampla, féadfaidh fiú uisce éadoimhin faoi luas srutha 2 mhéadar in aghaidh an tsoicind (m/soic) leanaí agus fiú cuid mhór daoine fásta a bhaint dá gcosa. Is mó an priacal má tá smionagar san uisce. Féadfaidh cuid de na tionchair seo a tharla láithreach, mar shampla báthadh nó gortú mar gheall ar scuabadh chun siúil.

Féadfaidh uisce tuile atá truaillithe le camras nó ábhair dhíobhálacha eile (e.g. ceimicí stórálta i ngaráistí nó maoine tráchtála) a bheith mar chúis bhreoiteachtaí, go díreach mar gheall ar theagmháil leis an uisce thruaillithe nó go hindíreach mar gheall ar dhríodair fhágtha. Orthu san is mó atá ar phriacal tá daoine ina gcónaí i dteach aonstór nó faoi thalamh in íoslach, iad san atá amuigh de chois nó i bhfeithicil, nó daoine atá ag cur futhu i bpuball nó i gcarbhán.

Chomh maith le baol láithreach, féadfaidh strus nó tráma luí go trom ar dhaoine nó ar phobail de dheascadh tuilte nó fiú mar gheall ar bhagairt tuile. Féadfaidh tionchair fhadtéarmacha éirí as galair ainsealacha, an strus a bhaineann le bheith faoi thuile agus an próiseas fada téarnaimh.

Féadfaidh cumas daoine um fhreagairt agus téarnamh ó thuile a athrú ó dhuine go céile. Is iondúil gur lú an cumas chun déileáil le deacrachtaí ag daoine leochaileacha – daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó iad seo faoi bhreoiteacht fadtéarmach. B’fhéidir go mbeadh sé dian ar dhaoine fearais tí a athchur tar éis tuile, nó nach mbeadh an t-airgead acu chun coinníollacha sásúla cónaithe a athchruthú.

Féadfaidh tuilte tionchair a imirt ar phobail chomh maith le daoine aonair, trí sheirbhísí nó bonneagair phobail a chailliúint ar bhonn sealadach nó fada, mar shampla scoileanna, seirbhísí sláinte, ionaid phobail nó áiseanna.

Díobháil mhaoine

Féadfaidh tuiliú díobháil trom a dhéanamh ar mhaoine. Féadfar díobháil a dhéanamh ar dhromchlaí taobh istigh, ar ghiúirléidí agus ar sheirbhísí leictreachais agus eile, agus fiú díobháil struchtúrtha. Féadfaidh tionchair ghéara fadtéarmacha a éirí uathu seo, agus is minic nach féidir dul ar ais go teach go ceann bliana. Tá na costais ó thuilte ag méadú, go háirithe mar gheall ar an iomad fearas leictreach agus eile atá i dtithe agus iI ngnóthais. Dá dhoimhne an tuiliú is ea is mó an díobhail, agus féadfaidh tuiliú uisce farraige breis díobhála a dhéanamh mar gheall ar chreimeadh.

Díobháil bhonneagair

Féadfaidh droch-thionchair shuntasacha ar dhaoine agus ar ghnóthais, agus ar an eacnamaíocht áitiúil agus réigiúnach, éirí as díobháil ó thuilte do bhonneagar – córais iompair, leictreachais, gáis agus uisce.

Féadfaidh tuilte ar phríomhbhóithre nó ar iarnróid seirbhísí a chosc ar limistéir fhairsing seachas iad san atá díreach faoi thuile, chomh maith leis an díobháil don bhóthar nó don iarnród féin.

Féadfaidh tuile ar bhonneagar dáilithe uisce mar stáisiúin chaidéalúcháin nó fo-stáisiún leictreachais soláthar uisce nó cumhachta a chealú ar fud limistéir fhairsing. Féadfaidh sé seo tionchar na tuile a leathnú go mór taobh amuigh den phobal láithreach.

Tionchair ar an chomhshaol

Ar na droch-thionchair comhshaoil ó thuilliú áirítear creimeadh cré agus bruach, creimeadh grinnill, sioltachán nó sleamhnú talún. Féadfaidh sé díobháil a dhéanamh ar fhásra agus féadfaidh uisce tuile atá truaillithe tionchar a imirt ar cháilíocht uisce, ar ghnáthóga agus flóra agus fána. Ach féadfaidh tuiliú dul chun tairbhe gnáthóga nádúrtha. Brathann mórán gnáthóga portaigh ar thuiliú ó am go ham um inbhuanaitheacht agus féadfaidh stóráil na n-uiscí tuile an priacal tuile in áiteanna eile a laghdú.

Díobháil dár n-oidhreacht chultúrtha

Ar aon dul le díobháil mhaoine, féadfaidh ócáidí tuile díobháil nó scrios a imirt ar shócmhainní nó ar láithreacha lena mbaineann luach oidhreachta chultúrtha. Baineann priacal ar leith le séadchomharthaí, struchtúir nó sócmhainní (ar a n-áirítear áirnéis taobh istigh de fhoirgnimh) d’ábhair bhoga nó adhmaid – saothar ealaíne, páipéarachas mar thaifid chartlainne, lámhscríbhinní, leabhair, etc. Féadfaidh creimeadh cré le linn ócáidí tuile láithreacha oidhreachta agus seandálaíochta atá faoi thalamh a scriosadh.