English

Ullmhú na bPleananna um Bainistiú Priacal Tuile

Ullmhaíodh Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile chun bearta indéanta struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha a léiriú um bainistiú éifeachtach an phriacail mheasúnaithe i ngach ceann de na limistéir agus a n-abhantracha.

Ins na limistéir a measúnaíodh faoi phriacal dóchúil suntasach, rinne an Clár MBPTA measúnú ar bhearta molta chun na pobail a chosaint ar phriacal tuile.

In áiteanna nach bhfuil bearta cosanta tuile dá ndearadh, dá bpleanáil ná dá dtógáil, d’fhéach an OPW ar gach cineál céime um bainistiú priacal tuile, ar a n-áirítear bearta neamhstruchtúrtha, chun an beart mholta um bainistiú an phriacail a chinneadh. Bhreathnaigh an OPW na roghanna le haghaidh LMB a thabharfaidh na torthaí is fearr, ag tabhairt iliomad tosca san áireamh – luach ar airgead, costas, tairbhí agus tosca comhshaoil.