English

Tuiliú – Cineálacha & Cúiseanna

Féadfaidh tuiliú a tharla ó iliomad foinsí, leo féin nó i dteannta a cheile, mar a léirítear thíos.

Tuiliú cósta

Tarlaíonn tuiliú cósta nuair a éiríonn leibhéil na farraige ar fud an chósta nó in inbhir os cionn leibhéil na talún cois chósta, nuair a ghabhann an fharraige thar chosantaí cósta más ann dóibh, nó nuair a ghabhann tonnta thar chósta. Féadfaidh luas agus treo na gaoithe, agus córais lagbhrú, uisce a sheoladh isteach ar inbhir agus ar chuanta, borradh uisce a thosú agus tonnta arda a chruthú, mar a tharla um Gheimhreadh 2013/2014.

Tuiliú abhann

Tarlaíonn tuiliú abhann nuair a bhriseann aibhneacha agus srutháin thar a mbruacha agus gabhann uisce amach thar na tailte ísle cois abhann (na tuilemhánna nádúrtha). Féadfaidh sé seo a tharla nuair a sháraíonn an sruthlú ó bháisteach throm cumas nádúrtha an chainéil abhann; is measa é má tá an cainéal plódaithe nó teoranta nó i gceantair inbhir mar a chuireann taoidí arda bac ar shruthlú uisce amach chun farraige.

Beidh torthaí éagsúla ó ócáidí báistí in aibhneacha éagsúla; brathann sé ar réimse tosca – méid agus fána na habhantraí, tréscaoilteacht an chré agus na carraige thíos faoi, réimse uirbithe na habhantraí, agus conas mar is féidir uiscí tuile a stóráil agus a scaoileadh go mall isteach ins na locha agus ar fud tuilemhánna na habhann. D’fhéadfadh stoirm áirithe tuile a chruthú in abhainn amháin seachas abhann eile, agus tharlódh báisteach fhada in abhantrach amháin seachas abhantrach eile. Féadfaidh tuiliú abhann a tharla go tapa in aibhneacha atá gearr agus géar, nó tar éis tréimhse nó achar fada in aibhneacha atá níos mó nó a ghluaiseann níos moille. Beidh tionchair éagsúla in abhantracha éagsúla ar mhéid agus ar mhinicíocht tuilte ó athruithe ar chórais báistí mar a tharlódh mar gheall ar athrú aeráide.

Tharla roinnt tuilte abhann in Éirinn le blianta beaga anuas, in Samhain 2009 agus Nollaig2015/Eanáir 2016 ach go háirithe.

Tuiliú báistí

Tarlaíonn tuiliú báistí nuair is mó an méid báistí ná cumas na gcóras uirbeacha draenála um uisce stoirme nó cumas na talún féin chun an bháisteach a shú isteach. Gabhann an t-uisce breise thar thalamh, agus suíonn sé in isleáin (nádúrtha nó saorga) nó taobh thiar de bhacáin. Tarlaíonn sé seo go tapa sul a ngabhann na huiscí ar ball isteach chuig córas draenála píobaithe nó nádúrtha. Is iad stoirmeacha báistí atá gearr agus géar is cúis leis seo, mar a tharla i limistéar Bhaile Átha Cliath in Deireadh Fómhair 2011.

Tuiliú screamhuisce

Tarlaíonn tuiliú screamhuisce nuair a éiríonn an leibhéal uisce sa thalamh mar gheall ar bháisteach fadtréimhseach agus sruthlaíonn sé amach i.e. nuair a sháraítear cumas an taiscumair faoi thalamh. Is minic go mbíonn tuiliú screamhuisce an-áitiúil agus éiríonn sé as tosca áitiúla mar ghéolaíocht agus athruithe taoide. Cé go n-éirionn leibhéal an uisce go mall, féadfaidh tuiliú screamhuisce leanúint ar feadh tréimhse fada ama. Mar sin, is minic a fhéadfaidh díobháil suntasach maoine agus cur as a tharla dá dheascadh.

In Éirinn, is le turlaigh ins na limistéir charstacha clochaoil, atá flúirseach ach go h-áirithe in Iarthar na hÉireann, is mó a bhaineann tuiliú screamhuisce. Tharla tuiliú screamhuisce go forleathan thart ar Dheisceart na Gaillimhe agus áiteanna in Maigh Eo, Ros Comáin agus contaethe cóngaracha in 1995, Samhain 2009 agus Nollaig 2015/Eanáir 2016 de dheascadh tréimhsí fada trombháistí.

Foinsí eile tuilte

Is cúiseanna nádúrtha iad na cúiseanna uile thuas, ag éirí as ardleibhéil farraige nó báisteach throm dhian. Féadfaidh tuilte a tharla freisin mar gheall ar theip nó ar shárú cumais bonneagair – droichid ag titim ó chéile, córais draenála nó líonraí píobaithe eile a bheith plódaithe nó ar lagchumas, nó teip nó sárú ar thaiscumair nó claífoirt eile mar chanálacha ardaithe.