Nuacht

 

Mír Nuactha Uimh.18 - Nuachtlitir Feabhra 2024

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Ayesa Nuachtlitir Uimh.18 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh 9


 

Mír Nuactha Uimh.17 - Nuachtlitir Meán Fómhair 2023

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.17 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Meán Fómhair 2023


 

Mír Nuactha Uimh.16 - Nuachtlitir Meitheamh 2023

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.16 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.   Nuachtlitir Meitheamh 2023

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh. 15 – Imeacht Rannpháirtíocht Phoiblí Meitheamh 2023

"Beidh Imeacht Rannpháirtíocht Phoiblí do Scéim Faoisimh Tuilte Ráth Mealtain ar siúl ar an 21 Meitheamh 2023 i Halla Baile Ráth Mealtain.  Beidh an t-imeacht buail isteach ar siúl ó 4pm go dtí 8pm.  Ní gá coinne a dhéanamh.

Is baill den fhoireann tionscadail (ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus na comhairleoirí, Byrne Looby) atá i mbun na hócáide.  Is é an aidhm atá ann:

  • breac-chuntas a thabhairt ar an riosca tuile do Ráth Mealtain ó thuilte abhann agus taoide anois agus faoi chásanna athraithe aeráide;

  • tuairimí na n-áitritheoirí agus na bpáirtithe leasmhara a bhailiú maidir leis an gcaoi ar cheart an riosca tuile sin a bhainistiú amach anseo;

  • roghanna féideartha maidir le faoiseamh tuile a phlé.

Príomhchuspóir an tionscadail is ea Scéim Faoisimh Tuilte a fhorbairt agus a dhearadh atá inghlactha go teicniúil, go sóisialta, agus ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de.  Tríd sin a dhéanamh, tugann an fhoireann tús áite don aird a bhíonn ar eolas áitiúil, oidhreacht shaibhir an cheantair, tionscadail in aice láimhe, agus íogaireachtaí na timpeallachta máguaird chun an Rogha Is Fearr a bhaint amach.  Mholfaimis d'aon duine a bhfuil suim acu i dtodhchaí Cheantar Ráth Mealtain teacht le chéile, bualadh leis an bhfoireann agus roghanna féideartha na Scéime a phlé. Tá sé ríthábhachtach don phobal agus go háirithe do mhuintir na háite, lena n-áirítear grúpaí, cumainn, clubanna agus tionscadail leasmhara, go dtosódh siad a phlé leis an tionscadal ag an chéim ríthábhachtach seo i bhforbairt na scéime faoisimh tuilte.

Nuair a bheas rogha thosaíochta aitheanta, reáchtálfaidh foireann an tionscadail imeacht poiblí faisnéise chun a chur in iúl don phobal agus do pháirtithe leasmhara conas a cuireadh a n-ionchur san áireamh, sula rachaidh siad ar aghaidh chuig an bpróiseas pleanála reachtúil".

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun rochtain a fháil ar an mbileog rannpháirtíocht phoiblí.

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.14 - Nuachtlitir Feabhra 2023

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.14 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Feabhra 2023

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.13 - Uasdátú Nollaid 2022

Tá foireann an tionscadail i ndiaidh sé thacar sonraí suirbhé hidriméadracha a fháil ó thomhsairí atá ag taifead na leibhéal taoide thart ar Loch Súilí sa tréimhse Bealtaine go Samhain 2022. Beidh ríthábhacht leis na sonraí seo i dtaca le tuiscint a fháil ar an riosca cósta i Rath Mealtain, Bun Cranncha agus Luddan.

Reáchtáladh ceardlann theicniúil hiodrálaice ar an 30 Samhain 2022 chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí samhlaithe hiodrálaice do Ráth Mealtain. Bhí baill den ghrúpa stiúrtha i láthair ag an cheardlann.

Tá na sainsuirbhéanna comhshaoil tríú páirtí fós ar siúl. Tá na suirbhéanna a leanas críochnaithe cheana; 

  • Suirbhéanna Éiceolaíochta Uisce
  • Suirbhéanna Ialtóg
  • Suirbhéanna Crann.

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.12 - Nuachtlitir Meán Fómhair 2022

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.12 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Méan Fómhair 2022

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.10 - Nuachtlitir Meitheamh 2022

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.10 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Meitheamh 2022

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.11 - Uasdátú Lúnasa 2022

Tá foireann an tionscadail i ndiaidh trí thacar sonraí suirbhé hidriméadracha a fháil ó thomhsairí atá ag taifead na leibhéal taoide thart ar Loch Súilí sa tréimhse Bealtaine go Samhain 2022. Beidh ríthábhacht leis na sonraí seo i dtaca le tuiscint a fháil ar an riosca cósta i Rath Mealtain, Bun Cranncha agus Luddan.

Tá tús curtha leis na sainsuirbhéanna comhshaoil tríú páirtí – lena n-áirítear Suirbhéanna Éiceolaíochta Uisce agus Suirbhéanna Ialtóg

Tá críoch curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le ceapachán an Chonraitheora don Chóireáil ar Speicis Ionraitheacha. Tá an chóireáil críochnaithe don Bhalsam Himiléach agus tá an chóireáil don ghlúineach bhiorach le cur chun cinn i mí Mheán Fómhair 2022. 

Tá mionsamhlú hiodrálaice ar leanúint ar Abhainn na Leanainne agus a cuid fo-aibhneacha.

 

 


 

Mír Nuachta Uimh.9 - Uasdátú Bealtaine 2022

I gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, cheap an fhoireann tionscadail na speisialtóirí tríú páirtí uilig leis na sainsuirbhéanna riachtanacha a dhéanamh.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhlánú cheapadh an Chonraitheora a roghnaíodh le Cóireáil Speicis Ionracha a dhéanamh.   

Tá na suirbhéanna hidriméadrachta ag teacht ar aghaidh go maith. Chuir APEM isteach ceithre thomhasaire taoide san iomlán i Mí na Bealtaine 2022 i gceithre áit thart ar Loch Súilí. Beidh tionchar ag an eolas a bhaileofar ar shamhaltú cósta do Ráth Mealtain.    

Tá samhaltú hiodrálach den Leanainn agus dá fo-aibhneacha ar siúl ar fad. 

Tá dréachtléarscáileanna de laghdú rith tuilte réidh anois le bearta féideartha coinneáil uisce nádúrtha a mheas.  

 

 


 

Mír Nuachta Uimh.8 - Uasdátú Aibreán 2022

Críochnaíodh suirbhé LiDAR do Ráth Mealtain. Tá obair sheiceála déanta ar fhiúntas an eolais a bailíodh agus tá tús curtha ar a chur le samhail hiodrálach le samhail 2T a thógáil.

I gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, tá obair ar siúl faoi láthair ag an fhoireann tionscadail le saineolaithe timpeallachta tríú páirtí a cheapadh le suirbhéanna sna réimsí seo thíos a dhéanamh:

  • Caighdeán an Aeir
  • Éiceolaíocht Uisceach
  • Tírdhreach agus Gnéithe Infheicthe 
  • Éin Gheimhrithe
  • Callán agus Creathadh
  • Seandálaíocht agus Oidhreacht Chultúrtha

Bhí na doiciméid tairisceana don déileáil le speicis ionracha ar supplygov.ie don soláthar. Tá an conraitheoir a roghnófar le ceapadh ag Comhairle Contae Dhún na nGall i mí na Bealtaine 2022.

Ceapadh APEM le rianairí taoide ar Loch Súilí a chur isteach agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Beidh feidhm lárnach ag an eolas suirbhé hidriméadrachta seo i dtabhairt chun cinn na samhla cósta do Ráth Mealtain.     

Tá tús curtha le léarscáiliú ar luacháil beartas féideartha le huisce nádúrtha a ghabháil.

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.7 - Nuachtlitir Márta 2022

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.7 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuacthlitir Uimh.3 - Márta 2022

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.6 - Uasdátú Eanáir 2022

I Mí Eanáir leanadh den obair shuirbhé ag Amelio Group ar thóchair agus draenacha móra i mBealach Féich-Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall. Fuarthas sonraí an tsuirbhé agus iad faoi bhráid fhoireann an tionscadail san am i láthair. Beidh áit lárnach ag na sonraí seo i ngníomhaíochtaí hiodrálacha múnlaithe atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun tosaigh.

Tá gach suirbhé innealtóireachta críochnaithe seachas suirbhé Lidar a dhéanfar nuair a bheidh aimsir fóirsteanach ann.

Críochnófar an tuairisc dheiridh ar shrianta timpeallachta i Mí Feabhra. Sainaithneofar sa tuairisc seo príomhchúrsaí a bhaineann le Scéim Faoisimh Thuilte a fhorbairt i Ráth Mealtain.

Tá cáipéisíocht thairisceana á hullmhú don obair shuirbhé ar bhalla ché Ráth Mealtain. 

Tá plean bainistithe do speicis ionracha críochnaithe ar dhéanamh na suirbhéanna ar speicis ionracha. Beidh conradh do dhéileáil le speicis ionracha ann do 2022 le leanúint den déileáil a bhí ann in 2021.

 

 

 


 

Mír Nuachta Uimh. 5 - Nuachtlitir Nollaig 2021

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.5 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nollag 2021

 

 

 

 

 

 


 

Mír Nuachta Uimh. 4 - Uasdátú Samhain 2021

Bhí deireadh le hImeacht Oscailte Comhairliúcháin Poiblí do Ráth Mealtain ar 22 Deireadh Fómhair 2021. Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, OPW, agus ByrneLooby-Arcadis buíochas ó chroí a ghabháil leis an phobal as a n-ionchur sa chomhairliúchán phoiblí a chuideoidh go mór le forbairt na scéime.

Críochnaíodh suirbhé Amelio ar thóchair agus draenacha móra i Ráth Mealtain i nDeireadh Fómhair 2021.  

Rinneadh suirbhé staid na sócmhainní cosanta ar chosaintí tuilte reatha i Ráth Mealtain m.sh., balla taobh leis an ché. Áirítear anseo cosaintí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon.

Tá plean ann go ndéanfar suirbhé LiDAR ón aer nuair a bheidh aimsir fóirsteanach ann.

 

 


 

Mír Nuactha Uimh 3 - Uasdátú Meán Fómhair 2021

Chuaigh an scéim chun cinn go héifeachtach le linn Mheán Fómhair 2021 agus leanadh de shuirbhé éiceolaíoch i Ráth Mealtain, Co. Dhún na nGall.   

Suirbhé Éiceolaíoch:

Bhí éiceolaithe ByrneLooby i Ráth Mealtain ag deireadh Mheán Fómhair 2021 le suirbhé a dhéanamh ar ghnáthóga agus ar chiseacha speiceas agus le suirbhé a dhéanamh ar speicis ionracha i gceantar na scéime.

Suirbhéanna Eile:

Tá suirbhé LiDAR agus suirbhé Staid na dTóchar le tosú i nDeireadh Fómhair 2021. 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.2 - Nuachlitir Meán Fómhair 2021

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.2 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Meán Fómhair 2023

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh 1 - Príomh-Chomhairliúchán a cheapadh ar ByrneLooby

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, i ndiaidh Byrne Looby Water Services Partners a cheapadh chun tabhairt faoi sheirbhísí um chomhairleoireacht innealtóireachta agus chomhshaoil a dhéanamh le haghaidh trí scéim faoisimh tuilte i mBealach Féich-Srath an Urláir, Bun Cranncha-Lodán agus do Ráth Mealtain. 

 

 

 

 

 

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie