Scéim Faoisimh Tuilte Ráth Mealtain

 

An Scéal is Déanaí

Mír Nuachta Uimh. 12 - Nuachtlitir Feabhra 2023

Mír Nuachta Uimh. 13 -  Nuacthlitir Nollaig 2022

Mír Nuachta Uimh. 14 - Nuachtlitir Feabhra 2023

Mír Nuachta Uimh. 15 - Imeacht Rannpháirtíocht Phoiblí Meitheamh 2023

 

Leathanach Baile

 

Is baile oidhreachta é Ráth Mealtain atá suite ag béal Abhainn an Leannáin ar chósta thiar Loch Súilí. Tá sé timpeall 11km taobh ó thuaidh de Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Is ionad tráchtála é ina bhfuil áiseanna siopadóireachta agus sóisialta ar fáil do phobail na háite máguaird.

 

Tá Abhainn an Leannáin agus Sruthchúrsa Shráid Pound sa bhaile féin agus sruthchúrsa an Mhuilinn Nua taobh thoir de. Sreabhann siad a dtriúr isteach i Loch Súilí agus bíonn siad faoi thionchar taoide ina gcodanna is ísle, dá bharr sin. Tá an baile suite áit a luíonn Abhainn an Leannáin agus Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) Loch Súilí le chéile, agus in aice le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) Loch Súilí. Is inbhear é SAC Loch Súilí agus tá ceantar mór i gceist leis, agus aithnítear Abhainn an Leannáin mar cheann de na príomhaibhneacha a shreabhann isteach ann. Tá líon áirithe dobharchúnna sa cheantar. Cuimsíonn SAC Abhainn an Leannáin an abhainn féin agus na príomh-fhoaibhneacha agus lochanna atá aici. Is iad bradán an Atlantaigh, an dobharchú, an diúilicín péarla fionnuisce agus an tsíofróg uisce na speicis cháilitheacha a bhfuil spéis ag an SAC iad a chosaint.

 

Tá spéis chaomhnaithe ag an SPA maidir le roinnt speiceas éin bhogaigh agus uisce, lena n-áirítear an eala ghlórach, agus tá tacaíocht sa cheantar do líon díobh seo atá suntasach go hidirnáisiúnta. Aithnítear an SPA chomh maith mar shuíomh ina gcuireann líon suntasach go náisiúnta de 18 speiceas éan an geimhreadh díobh.

 

Chun dul i ngleic le saincheisteanna na dtuilte ar fud na tíre, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) staidéir ar fud na tíre maidir le Bainistiú Abhantrach agus Riosca Tuilte (CFRAM). Cuireadh staidéar CFRAM don Iar-Thuaisceart – Loch nEachach – Banna i gcrích le tacaíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall. Mar thoradh ar an staidéar, sainaithníodh limistéir i mbaol tuilte, lena n-áirítear Ráth Mealtain, agus tionchair bhainteacha na dtuilte. Leagadh amach sa phlean na bearta agus na beartais a bheadh le cur i bhfeidhm chun an bainistiú is éifeachtúla agus is inbhuanaithe ar an riosca tuilte a bhaint amach.

Tá stair ann maidir le tuilte abhann, fearthainne agus taoide i Ráth Mealtain, agus is i mí Lúnasa 2014, mí Eanáir 2012 agus Deireadh Fómhair agus Nollaig 2011 a tharla na teagmhais is déanaí.

 

Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 an Rialtais, tá gealltanas €1 billiún tugtha maidir le bearta don fhóirithint tuilte. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim fóirithinte tuilte a chur chun cinn chun an baol tuilte a mhaolú i Ráth Mealtain. In Earrach 2021, ceapadh Ayesa ina gComhairleoirí Innealtóireachta agus Comhshaoil chun forbairt a dhéanamh ar scéim atá inghlactha ó thaobh na teicneolaíochta, an phobail, an chomhshaoil agus an gheilleagair de, chun an baol tuilte a mhaolú do phobail Ráth Mealtain.

 

Déanfaidh Ayesa sainaithint ar bhearta oiriúnacha don mhaolú tuilte do Ráth Mealtain agus réiteoidh siad dearadh, cáipéisí agus léaráidí mionsonraithe chun éascaíocht a dhéanamh d’iarratas pleanála de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt (2000), na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (2001) agus Tuarascáil faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta, nuair is gá é sin faoin reachtaíocht ábhartha.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie